Imní faoi bhean Ghaeltachta atá ar iarraidh i mBaile Átha Cliath ó thráthnóna inné

Chonacthas go deireanach Neasa Hegarty, atá 69 bliain d’aois, i gceantar Ascaill Chnoc Mhuirfean sa Charraig Dhubh ag thart ar 3.30pm inné, Dé Luain

Imní faoi bhean Ghaeltachta atá ar iarraidh i mBaile Átha Cliath ó thráthnóna inné

Tá na Gardaí ag achainí ar an bpobal cabhrú leo teacht ar bhean Ghaeltachta atá ar iarraidh ón lá inné i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil cónaí uirthi.

Chonacthas go deireanach Neasa Hegarty, atá 69 bliain d’aois, i gceantar Ascaill Chnoc Mhuirfean sa Charraig Dhubh ag thart ar 3.30pm inné, Dé Luain.

Tá Neasa, arb as Baile an Mhóraigh i gCorca Dhuibhne di ó dhúchas, cúig troithe agus bean chaol í. Tá súile glasa aici agus gruaig dhonn uirthi.

Nuair a chonacthas go deireanach í bhí cóta báistí dearg agus bán, jíons dorcha agus bróga reatha bánghorma á gcaitheamh aici.

Is minic a thaithíonn sí ceantar Dhomhnach Broc agus ceantar An Bhaile Ghaelaigh.

Tá imní ar na Gardaí agus muintir Neasa fúithi.

Aon duine a bhfuil aon eolas acu faoi cá bhfuil Neasa faoi láthair, táthar ag iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí sa Charraig Dhubh (01 666 5200) nó aon stáisiún eile nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána, 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Imní faoi bhean Ghaeltachta atá ar iarraidh i mBaile Átha Cliath ó thráthnóna inné'