Imní ar Shinn Féin maidir le scrúdú béil an Teastais Shóisearaigh

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil a pháirtí ag impí ar an Aire Jan O’Sullivan ‘droim ar ais’ a dhéanamh ar chinneadh na Roinne Oideachais maidir leis an scrúdú béil

File photo Leaving Cert Exams Begin Tomorrow 9/6/2011 Leaving Cert at Belvedere College. Students at Belvedere College in Dublin sit the second day of the leaving cert exams today (9/6/2011). More than 115,000 second level students began their Leaving and Junior Certificate exams this morning. The students will be examined in almost 100 different subjects and more than 3m exam papers have been printed. Photo. Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá ‘imní’ ar Shinn Féin maidir le cinneadh na Roinne Oideachais tasc ranga a chur in áit scrúdú stáit le measúnú a dhéanamh ar scileanna béil sa Teastas Sóisearach. 

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh inniu gurbh í an chloch is mó ar a phaidrín ná an ‘damáiste tubaisteach atá ar intinn an Rialtais’ a dhéanamh don Ghaeilge.

“Má tá an Rialtais seo lán dáiríre faoin teanga a chaomhnú mar theanga bheo, tá sé de dhualgas orthu a áirithiú go mbronntar cothromaíocht na marcanna i scrúdaithe Stáit i bhfabhar cumas béil agus go gcuirtear béim ar an nGaeilge a dhéanamh níos cumarsáidí, go háirithe nuair atá leasú siollabais i gceist,” a dúirt an Seanadóir inniu.

Dúirt sé nár léir dá pháirtí cén fáth ar chinn an Rialtas ar mheasúnú ranga in ionad scrúdú stáit i dtaobh na Gaeilge de ach go mbeadh scrúduithe praiticiúla eile, in ábhair ar nós an cheoil, marcáilte ag an Roinn Oideachais féin.

“Tá sé ríthábhachtach nach mbeadh aon ísliú stádais ag an nGaeilge ach is cruthúnas é an cinneadh seo go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhaird ar an nGaeilge arís.

“Is buille báis é don Ghaeilge mar theanga bheo. Mar a deir an seanfhocal ‘beatha teanga í a labhairt”, a dúirt Ó Clochartaigh.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist go mbeidh measúnú ar scileanna béil ina chuid den mheasúnú rangbhunaithe sa tsonraíocht nua sraithe sóisearaí don Ghaeilge atá le tabhairt isteach i mí Mheán Fómhair 2017.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go mbeidh Sinn Féin ag impí ar Jan O’Sullivan, an tAire Oideachais, “droim ar ais a dhéanamh ar an gcinneadh”.

Fág freagra ar 'Imní ar Shinn Féin maidir le scrúdú béil an Teastais Shóisearaigh'