Imní ar Ó Cúiv go gcuirfeadh comhrialtas nua stop le bóthar nua na Gaillimhe

Sa bhfómhar seo chugainn atá an Éisteacht Phoiblí a bhaineann leis an mbóthar nua timpeall ar chathair na Gaillimhe ceaptha tosú arís

Imní ar Ó Cúiv go gcuirfeadh comhrialtas nua stop le bóthar nua na Gaillimhe

Deir iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil an imní atá air go stopfar an cuarbhóthar nua atá beartaithe do chathair na Gaillimhe ar cheann de na cúiseanna go mbeidh sé ag cur in aghaidh phlean Fhianna Fáil dul i gcomhrialtas le Fine Gael agus an Comhaontas Glas

Sa bhfómhar seo chugainn atá an Éisteacht Phoiblí a bhaineann leis an mbóthar nua timpeall ar chathair na Gaillimhe ceaptha tosú aríst, ach beidh suíochan fada eile ann.

Os cionn €30 milliún atá caite ar na staidéir agus ar na hiarratais phleanála a bhaineann le cuarbhóthar chathair na Gaillimhe, nó an ‘Síneadh ar an M6’ mar a thugtar air anois.

Ach théis míonna fada a bheith caite ar chíoradh an iarratais seo aríst, d’fhéadfadh sé nach dtabharfaí an bóthar go ceann scribe an iarraidh seo – ná go deo.

Tá an tuairimíocht seo ag méadú de bharr go bhfuil an Comhaontas Glas ar thairseach an Rialtais. Tá an t-iar-Aire Gaeltachta agus Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív, den bharúil go bhfuil údar maith leis an amhras faoin mbóthar nua anois.

“Féach ar pholasaí na nGlasach i dtaobh bóithre agus seirbhísí iompair agus taistil,” a deir an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív. “Bheadh dhá thrian den airgead le haghaidh seirbhísí taistil le caitheamh ar an gcóras iompair poiblí, bheadh 20% le caitheamh ar chosáin siúil agus rothaíochta agus bheadh 13% fágtha le haghaidh forbairt ar bhóithre.”

Creideann Éamon Ó Cuív, iar-Aire Gaeltachta, go bhfágann sin an bóthar nua i nGaillimh ar an bhfaraor géar.

Dúirt sé go bhfuil an imní go stopfar bóthar chathair na Gaillimhe ar cheann de na cúiseanna go mbeidh sé ag stocaireacht in aghaidh an chleamhnais Rialtais idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas.

Ní baileach go bhfuil an tAire Stáit Gaeltachta atá ann go fóill, an Seanadóir Seán Kyne, chomh diongbháilte sin faoin ábhar seo ach creideann sé go gcaithfear seasamh le forbairt an bhóthair nua i gcathair na Gaillimhe. Teastaíonn sé i gConamara, a deir sé.

Chuir Údarás na Gaeltachta aighneacht chun cinn ag tacú le forbairt an bhóthair nua.

“Is cinnte go mbeadh sé ina bhuntáiste i nGaeltacht iarthar na Gaillimhe, idir bhuntáistí eacnamaíocha agus sóisialta,” a deir Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis.

“Dá thúisce dá mbainfidh tú ceann cúrsa amach in do chuid oibre agus do ghnóthaí is amhlaidh is fearr é. Tá muid fite fuaite sa domhan mór anois agus gnóthaí againn i dtíortha na cruinne.”

In aighneacht an Údaráis, dúradh go bhfuil go leor comhlachtaí Gaeltachta ag brath ar easpórtáil agus gur bac orthu dá bharr an mhoill mhór a bhíonn ar an trácht i nGaillimh. Luaitear earraí leighis is teicneolaíochta agus fiontair ar nós Pháirc na Mara in iarthar Chonamara.

Tarraingíodh anuas freisin na hiarrachtaí atá ar bun le borradh a chur faoin turasóireacht i nGaeltacht na Gaillimhe agus a thábhachtaí agus atá sé go mbeadh éascaíocht taistil go Conamara agus go hÁrainn.

“Caithfear cuimhneamh go bhfuil go leor den Ghaeltacht thiar scoite amach go mór,” a deir Micheál Ó hÉanaigh. “Cuirfidh an tranglam i gcathair na Gaillimhe moill ort ag teacht chomh fada leis an Spidéal féin ach má tá tú ag dul deich míle fichead eile bealaigh siar go Conamara – is measa fós do chás.”

Ceaptar nach bhfógróidh an Comhaontas Glas srian ar an mbóthar nua i gcathair na Gaillimhe sna fógraí a dhéanfar faoi shocrú rialtais. Ní fhéadfadh Fine Gael ná Fianna Fáil glacadh leis sin. Is í an imní atá ar an Teachta Ó Cuív, agus ar dhaoine eile i bhFianna Fáil, go dtachtfar an plean de bharr tuilleadh “driseacha cosáin” a bheith curtha sa mbealach agus go mbeadh sé dodhéanta a dhul ina éadan.

Bliain agus fiche ó shin a tosaíodh na beartais a bhain le pleanáil an chuarbhóthair timpeall ar chathair na Gaillimhe. D’fhostaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe comhairleoirí innealtóireachta i mí na Samhna 1999.

Ar an 1 Nollaig, 2006, cuireadh iarratas ar chead forbartha le haghaidh an chuarbhóthair go dtí an Bord Pleanála. Bhí Tuarascáil Timpeallachta agus iarratas ar cheannacht éigeantach talún (CPO) istigh leis an iarratas ar an gcead forbartha.

Ar an 28 Samhain 2008, thug an Bord Pleanála cead forbartha le haghaidh chuid den chuarbhóthar, an píosa de ar imeall thoir na cathrach.

In 2009, thug triú páirtí an cás go dtí na cúirteanna agus rinneadh athbhreithniú ar bhreithiúnas an Bhoird Pleanála san Ard-Chúirt. Sheas an Ard-Chúirt le cinneadh an Bhoird Pleanála, ach ansin rinneadh achomhairc in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte go dtí an Chúirt Uachtarach.

In Aibreán 2013, d’eisigh an Chúirt Uachtarach a breithiúnas – cuireadh cinneadh an Bhoird Pleanála ar ceal ar fad. Éisteadh an cás seo théis don Chúirt Uachtarach comhairle a bheith faighte aice ón Chúirt Bhreithiúnais Eorpach.

An bhliain chéanna, 2013 , chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe deireadh uilig leis an iarracht sin le cuarbhóthar na Gaillimhe a fhorbairt théis chinneadh na Cúirte Uachtaraí. Tosaíodh iarracht eile gar do dheireadh na bliana 2013 le dhul i ngleic aríst le ceist an bhóthair le súil agus go dtabharfaí faoiseamh tráchta sa gcathair agus go gcuideofaí le ceantair eile sa gcontae dá bharr, Conamara go háirithe.

Cheap Comhairle Chontae na Gaillimhe comhairleoirí innealtóireachta in 2014 le plean a ullmhú aríst. Bhíothas ag plé leis seo ar feadh roinnt blianta. Baisteadh ainm nua ar an mbóthar mór an iarraidh seo – Bóthar Ciorclach/Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe – agus rinneadh roinnt athruithe ar an gcúrsa.

Cuireadh an t-iarratas ar chead forbartha le haghaidh an bhóthair seo chuig an mBord Pleanála i mí Dheireadh Fómhair 2018. Dá n-éiríodh leis cead forbartha a fháil meastar go gcosnódh forbairt an bhóthair €600 milliún.

Tá an tionscnaimh bóthair seo ina chuid den Phlean Náisiúnta Forbartha 2018-2027.

Ach, tá an saol athraithe agus beidh athrú ar an Rialtas má éiríonn leis na cainteanna atá ar bun faoi láthair.

Beidh léas Glas san mbogha ceatha ach b’fhéidir nach mbeadh solas glas ar fáil don bhóthar féin nuair a thosóidh an Éisteacht Phoiblí aríst sa bhfómhar, beag beann ar thoradh an phlé sin.

Fág freagra ar 'Imní ar Ó Cúiv go gcuirfeadh comhrialtas nua stop le bóthar nua na Gaillimhe'