Imní ar mhúinteoirí tumoideachais go bhfuil a gcuid Gaeilge ‘míchruinn, meirgeach agus neamhleor’

De réir taighde nua fadhb mhór is ea an easpa líofachta agus an easpa muiníne i measc múinteoirí a bhíonn ag múineadh ábhar eile trí Ghaeilge seachas an Ghaeilge féin

Imní ar mhúinteoirí tumoideachais go bhfuil a gcuid Gaeilge ‘míchruinn, meirgeach agus neamhleor’

Bíonn imní ar mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge go bhfuil a gcuid Gaeilge “míchruinn, meirgeach agus neamhleor” agus is amhlaidh go mbíonn a gcomhghleacaithe ag cur leis an imní sin.

De réir taighde nua fadhb mhór is ea an easpa líofachta agus an easpa muiníne i measc múinteoirí a bhíonn ag múineadh ábhar eile trí Ghaeilge seachas an Ghaeilge féin.

Deirtear chomh maith go mbíonn “faitíos” ar mhúinteoirí go mbeidh múinteoirí eile “ag déanamh measúnaithe ar a gcumas Gaeilge”.

Tugtar léargas sa taighde nua, atá foilsithe ar an iris ComharTaighde, ar na dúshláin mhóra a bhíonn roimh mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.

“Tá múinteoirí ábhair ag feidhmiú sa ghort gan mórán tacaíochta, gan mórán oideachais agus go minic gan a bheith líofa ná cumasach i dteanga an teagaisc,” a deir údair an taighde, Christine Ní Chathasaigh agus T.J Ó Ceallaigh as Coláiste Mhuire gan Smál.

Deir lucht an taighde gur labhair na múinteoirí uile ar chuir siad agallamh orthu “go hoscailte” faoin imní a bhíonn orthu “lasmuigh agus laistigh” den seomra ranga mar gheall ar a n-easpa líofachta agus cruinnis.

“Lochtaigh na rannpháirtithe uilig a ninniúlacht Ghaeilge féin ar an mbonn go bhfuil sí míchruinn, meirgeach agus neamhleor.

“Is minic le linn agallaimh a d’admhaigh rannpháirtithe go raibh a fhios acu nach raibh siad cruinn, nach raibh a gcuid Gaeilge ‘foirfe’ agus nach raibh na rialacha gramadaí ar eolas acu.”

Dúradh chomh maith go gcuireann “easpa muiníne” múinteoirí as a gcumas teanga “isteach ar chleachtas teagaisc an ranga”.

Luadh go háirithe easpa ‘máistreacht’ ar an gramadach agus “ar an stór focal a bhaineann go sonrach leis an ábhar” atá á mhúineadh”.

Dúirt na múinteoirí go léir go bhfuil úsáid na Gaeilge i measc na foirne “leochaileach mar thopaic”.

“Luadh nach mbíonn daoine ag iarraidh an comhrá a thosú trí Ghaeilge, i gcás nach mbeadh fonn ar an múinteoir eile Gaeilge a labhairt nó i gcás nach mbeadh an mhuinín ag an múinteoir eile Gaeilge a labhairt.”

Deir lucht an taighde gurb í an “íomhá shoiléir” a fuair siad ná nach mbíonn fonn ar mhúinteoirí áirithe an Ghaeilge a úsáid sa seomra foirne ar eagla go gceapfaidh múinteoirí eile atá ar bheagán Gaeilge go bhfuil siad “drochbhéasach”. 

Bíonn, a deirtear, “céimiúlacht” ann ó thaobh na Gaeilge de i scoileanna.

Tugadh le fios le linn an taighde “gur bagairt mhór í an chéimiúlacht do dhul chun cinn na teanga i measc na foirne agus sa scoil i gcoitinne.”

Dúirt múinteoir amháin gur in olcas seachas a mhalairt a bhí a chuid Gaeilge ag dul mar nach labhraíonn aon duine Gaeilge sa seomra foirne.

Deir údair an taighde nach dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí mura gcuirtear deiseanna rialta ar fáil do mhúinteoirí an Ghaeilge a labhairt ar scoil.

“Cé gur fhéach na rannpháirtithe ar an bhfoghlaim leanúnach mar riachtanas gairmiúil chun a ninniúlachtaí teanga a fhairsingiú, tugadh le fios freisin nach raibh deiseanna úsáide teanga bronnta orthu i gcónaí i gcomhthéacs na scoile chun a bhfeasacht teanga a fhorbairt.”

Deir na húdair go bhféadfaí torthaí an taighde a úsáid “le bonn eolais” a chur faoin bhforbairt ghairmiúil leanúnach don mhúinteoir a bhíonn ag teagasc ábhair trí Ghaeilge.

Ba chóir, a deir na húdair, tacaíocht leanúnach a sholáthar “chun tuiscint an mhúinteora ar chórais agus ar struchtúir teanga a chur chun cinn”.

Tá gá chomh maith, a deirtear, le “treoir shainiúil” do Ghaelcholáistí ar bhonn náisiúnta faoi na spriocanna is gá a leagan síos chun “ról an mhúinteora ábhair sa phróiseas teagaisc agus foghlama a dhaingniú i gcleachtas na scoile”.

Moltar freisin go gcuirfí cumas teanga san áireamh sna cáilíochtaí a theastódh ón múinteoir a bheadh ag iarraidh dul i mbun oibre i scoil lán-Ghaeilge. Cáilíocht leibhéal B2 sa teanga ar a laghad ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (TEG) a mholann na húdair do mhúinteoirí a bheadh ag gabháil don tumoideachais.

Fág freagra ar 'Imní ar mhúinteoirí tumoideachais go bhfuil a gcuid Gaeilge ‘míchruinn, meirgeach agus neamhleor’'

  • Dónall

    Teip eile ar na coláistí oiliúna agus ar bhainistíocht scoileanna.

  • Colin Ryan

    An raibh súil ag aon duine lena mhalairt?

  • Máirtín

    Alt iontach a léiríonn lochtanna sa chóras atá ann ón chéad lá toisc nach raibh agus nach bhfuil an stát ó thuaidh nó ó dheas dáiríre faoin teanga.