Imní ar phríomhoidí Gaeltachta faoi easpa múinteoirí do chur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta

Deir na príomhoidí nach mbeifear in ann an ghné tumoideachais den pholasaí a chur a i bhfeidhm má bhíonn seomraí ranga ann a mbíonn níos mó ná rang amháin iontu

Imní ar phríomhoidí Gaeltachta faoi easpa múinteoirí do chur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta

Tá imní léirithe ag príomhoidí i scoileanna Gaeltachta i gCorca Dhuibhne faoin “easpa cinnteachta” a bhaineann leis na hacmhainní daonna atá an Roinn Oideachais sásta a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Cuireadh tús an mhí seo caite le cur i bhfeidhm an pholasaí a seoladh ar an gCeathrú Rua mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Bhí príomhoidí an cheantair Ghaeltachta ag cruinniú le deireanas ag ar léiríodh míshástacht faoin “gceal aitheantais atá á thabhairt do na scoileanna Gaeltachta” as an obair atá á déanamh acu i láthair na huaire leis an nGaeilge “a chaomhnú agus a chur chun cinn” sna ceantair Ghaeltachta.

Deir na príomhoidí nach mbeifear in ann an ghné tumoideachais den pholasaí, is é sin nach múinfear aon Bhéarla i ranganna na naíonán beag ná naíonán mór, a chur a i bhfeidhm nuair a bhíonn “ilranganna” sna scoileanna, nó seomraí ranga ina mbíonn níos mó ná rang amháin iontu.

“Beidh sé dodhéanta tacaíocht foghlama a chur ar fáil i scoileanna áirithe i dtrí ábhar difriúil nuair atá sé i gceist ag an Roinn gearradh siar a dhéanamh ar na huaireanta tacaíochta foghlama i bhformhór na scoileanna beaga,” a maíodh i ráiteas a eisíodh i ndiaidh an chruinnithe.

Dúirt na príomhoidí go gcaithfear a bheith “macánta agus ionraic leis an bpobal” faoin scéal agus nach féidir an polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm gan múinteoirí breise a chur ar fáil “láithreach bonn”.

Maíodh freisin go bhfuil an tréimhse chomhairliúcháin a d’fhógair an Roinn Oideachais, atá ag lorg aiseolais faoin bplean roimh lár mhí an Mheithimh, “róghearr” agus nach mbeidh deis ag na scoileanna dul i gcomhairle leis na “páirtithe leasmhara ar fad” faoin am sin.

Dúirt na príomhoidí i gCorca Dhuibhne go bhfuil “formhór na hoibre [atá le déanamh faoin bpolasaí nua] á dhéanamh cheana féin” sna scoileanna Gaeltachta agus go “dtacóidís go hiomlán leis an luath-thumoideachas iomlán a chur i bhfeidhm” ach na múinteoirí breise a bheith curtha ar fáil chuige sin.

“Tá impleachtaí aige seo do mhúineadh an Bhéarla i suíomh ilranganna agus ní mór múinteoirí a bheith sna scoileanna chun an mhúinteoireacht is gá a dhéanamh le go ndéanfar ‘eispéiris oideachais ardchaighdeáin trí Ghaeilge a sholáthar do na daltaí uile agus aird ar leith a dhíriú ar riachtanais teanga idirdhealaithe na gcainteoirí dúchais chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge’ mar a éilíonn an polasaí orainn,” a dúradh i ráiteas na bpríomhoidí.

Fág freagra ar 'Imní ar phríomhoidí Gaeltachta faoi easpa múinteoirí do chur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta'

  • Mânus

    Tumoideachas sa “Ghaeltacht” ? Cad mar gheall ar na tuistí nach bhfuil ar son na Gaeilge? An mbeidh scoil Bhéarla ann dá leanaí?

  • Harriet P.

    Ní bheidh orthu ach na leanaí a chur chuig scoil Bhéarla suite lasmuigh den nGaeltacht. Sin sin.

  • Mánus

    Uair a chloig taistil? Dhá uair sa ló.

  • Harriet P.

    Sin é, más gá. Ní chuirtear iallach ar aoinne a bheith ina chónaí sa nGaeltacht. Muna bhfuil fonn ar dhuine an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga aige agus ag a theaghlach, b’fhearrde dó dul áit éigin eile – is mór an rogha a bheidh aige agus an chuid is mó den dtír ina Galltacht.