Imní ar Ghardaí faoi ghunnaí

Ba cheart cosc a chur ar ghunnaí cumhachta sa tír seo, a mholtar i dtuarascáil de chuid na Roinne Dlí agus Cirt agus an Gharda Síochána.

Gun

Tá An Garda Síochána buartha go bhféadfaí úsáid a bhaint as gunnaí cumhachtacha le scrios damanta a dhéanamh anseo mar a tharla ar oileán Utøya na hIorua nó i Scoil Sandy Hook i Connecticut Mheiriceá agus creideann siad gur cheart céimeanna a ghlacadh anois lena leithéidí de bhagairtí a chosc.

An tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald a thug an t-eolas seo mar fhreagra ar cheist Dála agus í ag tagairt do thuarascáil ar Athbhreithniú ar Cheadú Arm a d’fhoilsigh a Roinn le deireanas.

Maraíodh 77 duine i dtragóid Utøya na hIorua, 69 acu sin le gunnaí, nuair a d’ionsaigh Anders Behrin Breivik daoine a bhí ag freastail ar champa samhraidh a d’eagraigh Páirtí Lucht Oibre na tíre sin.

Maraíodh 26 duine, idir dhaltaí agus mhúinteoirí i mbunscoil Sandy Hook i gConneticut, SAM. Tagraítear don dá eachtrá lámhaigh seo sa tuarasáil atá curtha le chéile ag tascfhórsa ón Roinn Dlí agus Cirt agus an Garda Síochána.

Moltar sa tuarascáil seo go gcuirfí deireadh sa tír seo le ceadú cineálacha éagsúla airm; piostail, ríflí leathuathoibríocha agus gránghunnaí leathuathoibríocha ina measc. Dar leis an nGarda Síochána, níl cúis mhaith ann go gceadófaí an cineál sin airm sa tír seo.

Dar leis an tuarascáil, idir na blianta 2010 agus 2013 tuairiscíodh do na Gardaí gur goideadh 1,134 gunna agus go ndeachaigh 159 gunna amú le linn na tréimhse céanna.

Léirigh na Gardaí a mbuairt faoi gránghunnaí a bhfuil cartúslann mór iontu (spás do níos mó ná trí chartús) agus faoi ghránghunnaí a dearadh d’úsáid mhíleata nó phóilíneachta. Dar leo, níor cheart a leithéid d’arm a cheadú mar gheall ar an mórbhaol don phobal i gcoitinne a bhaineann leo.

Idir 2001 agus 2010 cuireadh cóir leighis ar 65 othar a caitheadh le gunnaí. B’airde i bhfad (43%) líon na n-othar a cailleadh de bharr gortuithe ó arm ardluais (piostail, ríflí agus arm leathuathoibríoch) ná líon na n-othar a cailleadh de bharr gortaithe ó ghránghunnaí luais ísil (6%).

Idir 2009 agus 2013 dúnmharaíodh 96 duine le gunna sa tír seo.

Le buíonta coirpigh eagraithe a bhain cuid mhór de na dúnmharaithe seo agus maíodh gur fadhb thromchúiseach is ea é a éasca is a thagann coirpigh ar na hairm seo.

Ag freagairt ceiste ón Teachta Dála, Michael Healy-Rae, a bhí an tAire sa Dáil.

Fág freagra ar 'Imní ar Ghardaí faoi ghunnaí'