Imní ar fheisire Eorpach faoin ‘laghdú mór’ ar úsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa

Níor labhair Phil Hogan, atá roghnaithe ina choimisinéir trádála do pharlaimint nua an AE oiread agus focal amháin Gaeilge le linn a éisteachta os comhair na gcoistí sa Bhruiséil

Imní ar fheisire Eorpach faoin ‘laghdú mór’ ar úsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa

Seán Kelly. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá ráite ag an bhfeisire Eorpach de chuid Fhine Gael Seán Kelly, go bhfuil imní air faoin easpa Gaeilge a labhraítear i bParlaimint na hEorpa.

“Is mise an t-aon fheisire a labhraíonn Gaeilge sa Pharlaimint anois. Tá imní orm faoi seo agus tá sé i gceist agam ateangaire a fháil isteach agus na feisirí Éireannacha ar fad a thabhairt le chéile le fáil amach cén sórt cabhair is féidir a thabhairt dóibh agus chun a thaispeáint dóibh gur féidir leo roinnt dá gcuid óráidí a dhéanamh i nGaeilge sa pharlaimint,” a dúirt an Feisire Parlaiminte do thoghcheantar an deiscirt.

Dúirt Ó Ceallaigh le Tuairisc.ie go raibh imní air faoin “titim mhór” ar an méid Gaeilge a labhraíodh sa pharlaimint le roinnt blianta anuas.

Nuair a toghadh Ó Ceallaigh den chéad uair deich mbliana ó shin, bhí ceathrar feisirí ina theannta “a labhair Gaeilge go rialta”, a dúirt sé.

Pat de Cope Ó Gallchóir, Joe Higgins, Bairbre de Brún agus Proinsias de Rossa na feisirí sin.

Sa pharlaimint dheireanach, ba iad Liadh Ní Riada, an t-iar-fheisire de chuid Shinn Féin as Gaeltacht Mhúscraí,  agus Seán Ó Ceallaigh féin an t-aon bheirt i measc na bhfeisirí de chuid na hÉireann a labhair Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.

Níor labhair Phil Hogan,  atá roghnaithe ina choimisinéir trádála don pharlaimint nua, oiread agus focal amháin Gaeilge agus é i mbun éisteachta trí uair an chloig os comhair na gcoistí sa Bhruiséil an tseachtain seo caite.

Cé go raibh seirbhísí ateangaireachta Gaeilge ar fáil agus cuireadh tugtha ag an chathaoirleach dó an Ghaeilge a labhairt, ní raibh aon Ghaeilge san óráid nó ina chuid freagraí ag Hogan.

Déanfaidh comhdháil na nUachtarán cinneadh ar an 17 Deireadh Fómhair cibé an bhfuil a ndóthain eolais ag an bParlaimint le próiseas na n-éisteachtaí a thabhairt chun críche. Má bhíonn siad sásta leis an eolas ar fad, glacfar vóta ag cruinniú iomlánach faoi cé acu a dtoghfar nó nach dtoghfar an Coimisiún ar fad ar an 23 Deireadh Fómhair in Strasbourg.

Fág freagra ar 'Imní ar fheisire Eorpach faoin ‘laghdú mór’ ar úsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Teastaíonn go mbeadh feisire amháin ar a laghad nach labhródh ach Gaeilge i rith seisiún iomlánach na Parlaiminte. Má bhíonn an dá theanga ag imeacht ag feisire, beidh an lámh in uachtar ag an mBéarla mar imeoidh sé/sí le sruth an Bhéarla.
    Ó rinneadh teanga oifigiúil den Ghaeilge, is as Gaeilge amháin a labhair na feisirí Séan Ó Neachtain, Bairbre de Brún agus Liadh Ní Riada sa Pharlaimint.
    Ar feadh i bhfad bhí níos mó Gaeilge á labhairt sa Pharlaimint ná ar labhraíodh de theangacha na dtíortha Baltacha.
    Níl a fhios agam cén éifeacht a bhíonn as cúpla focal Gaeilge ag tús nó a deireadh óráide. Is maith go bhfuil plean á bheartú ag an bhFeisire Ó Ceallaigh. Maith é.

  • Seanán Mac Aoidh

    Caidé fán aon chomhairleoir condae amháin i gcondae Dhún na nGall a labhraíonn Gaeilge amháin sa chomhairle? Cllr. Mícheál Choilm Mac Giolla Easbuig. An bhfuil tuairisc gabháil a scríobh ailt fá seo am inteacht? Dar liom go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí Gaeilge a labhairt in Éirinn agus sna condaetha Gaeltachta ná atá sé ar mhór-roinn na hEorpa.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Is muintir na hÉireann a chuir na feisiri gan Gaeilge thall ins an phárlaimint – agus anois, is cuma ann nó as iad. Tá meas mór agam ar Sheáin Uí Cheallaigh ach is ag snámh in aghaidh easa atá sé, faraoir.

  • Eoghan Ó Néill

    1833 dúirt Daniel O Connell ” English is more suited to the modern world and I can without a sigh witness the gradual disappearance of the irish language. Et voilá, súdó-Anglos a chuireann muid chuig Straßburg agus gsn ach gael amháin ag seasamh an fhóid féar-focs dó!

  • Seán Mag Leannáin

    Ábhar imní. Tá an chuma air gurbh fhearr le muintir na hÉireann leithéidí Clare Daly agus a leathbhádóir Mick Wallace a chur chuig Parlaimint na hEorpa. Agus ar ndóigh níl focal Gaeilge ag ár gCoimisinéir Eorpach Phil Mór Hogan ach an oiread. Agus cé go bhfuil an teanga ina cnámh spairne sa Tuaisceart is beag Gaeilge atá ag beirt Fheisirí SF sa bParlaiment. An dtógfá ar na hAontachtaithe go mbeadh siad searbhasach faoin gceist ar fad?

  • Seán Mag Leannáin

    Ní mór cuimhneamh nach féidir le teanga ar bith maireachtáil mar theanga phríobháideach amháin. Tá spás cairdiúil di sa sféar poiblí de dhíth. D’aithin na Gaill an bhunfhírinne seo chomh fada siar le Jonathan Swift sna 1720’dí nuair a dhearbhaigh sé: ‘It would be a noble achievement to abolish the Irish language so far at least as to oblige all the natives to speak only English on every occasion of business in shops, markets, fairs and other places of dealing.’

  • Béarla Teanga an Stáit

    Níl ach 0.5% den chaint ag polaiteoirí i nDáil Éireann i nGaeilge.