Imní ar Chomhairle Teanga na hIorua faoi ‘ró-úsáid’ an Bhéarla i gcúrsaí olllscoile na hIorua

Tá imní ar Chomhairle Teanga na hIorua faoi na mic léinn nua atá ag teacht isteach chuig institiúidí tríú leibhéal anois agus cúrsaí atá go hiomlán i mBéarla amach rompu

Imní ar Chomhairle Teanga na hIorua faoi ‘ró-úsáid’ an Bhéarla i gcúrsaí olllscoile na hIorua

Comhairle Teanga, Ole Våge

Tá imní ar Chomhairle Teanga na hIorua faoin méid Béarla atá á úsáid ar chúrsaí ollscoile agus cúrsaí triú leibhéal eile sa tír sin.

Tá roinnt cúrsaí á múineadh go huile is go hiomlán trí Bhéarla agus deir duine de phríomhchomhairleoirí na Comhairle Teanga, Ole Våge, go bhfuil imní air faoin tionchar atá ag an gcleachtas sin ar thodhchaí na mac léinn agus ar a saol san Iorua i ndiaidh a gcuid staidéir.

“Bíonn fadhbanna ann má úsáidtear an Béarla sa staidéar. Tá a bhformhór acu ag iarraidh a bheith ag obair san Iorua, agus mar sin beidh orthu an Ioruais a labhairt. Tá sé go maith go bhfuil an Béarla á shealbhú acu, ach feictear dúinn nach bhfuil ach ábhar Béarla á úsáid le cúrsaí áirithe a mhúineadh,” a dúirt sé.

Tá imní ar leith ar an gComhairle faoi na mic léinn nua atá ag teacht isteach chuig institiúidí tríú leibhéal anois agus cúrsaí i mBéarla amach rompu. Tá an Chomhairle in amhras faoi na buntáistí a bhaineann le cúrsaí lán-Bhéarla i dtír nach bhfuil Béarla maith ag gach duine atá ag tabhairt faoi na cúrsaí sin.

Dúirt aontas na mac léinn san Iorua nach bhfuil aon fhadhb ann le ró-úsáid an Bhéarla i gcúrsaí tríú leibhéal na tíre. Maíonn siad gur maith ann téacsleabhair i mBéarla  agus go gcuireann siad leis an staidéar.

Thug Leas-Reachtaire Ollscoil Osló Gro Bjørnerud Mo le fios gurb í an Ioruais príomhtheanga theagaisc na hollscoile agus go mbíonn difear idir an méid Béarla a úsáidtear i ranganna ó chúrsa go cúrsa.

“Coinníonn muid súil ghéar ar pholasaithe teanga agus ar an gcothromas idir an Béarla agus teangacha eile ar chlár ár gcúrsaí. Mar institiúid, tá muid tiomanta an Ioruais a fhorbairt agus a chaomhnú mar theanga oibre. Tá a fhios againn faoi [ceist an Bhéarla] agus tá an cheist  pléite cheana againn,” a dúirt sí leis an tseirbhís nuachta NRK.

Fág freagra ar 'Imní ar Chomhairle Teanga na hIorua faoi ‘ró-úsáid’ an Bhéarla i gcúrsaí olllscoile na hIorua'

  • Mánus

    An scéal céann san Ísiltír agus sa Bheilg Phléimeannach.