Imní ar Aire an Diaspora faoi dhúnadh stáisiún raidió

Tá a imní faoi dhúnadh an stáisiúin raidió LW252 le plé ag Aire an Diaspora le RTÉ.

15/7/2014. Cabinet Meetings
Jimmy Deenihan TD. Pictúir: Sasko Lazarov/Photocall Ireland.

Tá súil ag Aire Ghnóthaí an Diaspóra, Jimmy Deenihan, bualadh le hArd-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, roimh an Nollaig chun cás na n-imirceach a phlé i bhfianaise an chinnidh an tseirbhís raidió fadtoinne – LW252 – a dhúnadh san athbhliain.

Dheimhnigh an tAire an méid seo in agallamh le Tuairisc.ie.

Is ar an 19 Eanáir a chuirfidh RTÉ deireadh lena sheirbhís raidió fadtoinne LW252.

Ábhar mór conspóide is ea an cinneadh seo i measc na nÉireannach ar an gcoigríoch, seandaoine go háirithe a thug an bád bán orthu féin sna caogaidí agus sna seascaidí, agus a úsáideann an tseirbhís go rialta chun nasc ríthábhachtach a choimeád leis an tír.

Dúirt an tAire Deenihan, “Fuair mé an t-uafás litreacha, idir chinn lámhscríofa agus ríomphoist, ó na ceithre hairde, ach go háirithe ó imircigh sa Bhreatain agus ó dhaoine i dTuaisceart Éireann mar gheall ar an gcinneadh seo.”

Is ag Ard-Stiúrthóir RTÉ atá an comhfhreagras seo uilig anois.

“Cuid chriticiúil den infreastruchtúr lenár ndiaspóra is ea í an fhadtonn agus den bhealach a ndéanaimid ceangal leo,” arsa an tAire, “agus is é an pobal atá dulta amach sna blianta is mó a bheas thíos leis.”

Tá fáil ar Raidió a hAon do na hÉireannaigh sa Bhreatain ó bhí 1932 ann.

Chuir RTÉ in iúl i dtosach báire go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís ar 27, Deireadh Fómhair 2014. Fógra míosa a thug siad leis an méid sin a chur in iúl.

Dar leis an Aire Deenihan, “Dhún RTÉ an tseirbhís fadtoinne síos ar feadh cúpla lá i mí Mheán Fómhair ar bhonn triallach agus ní bhfuarthas a lán gearán ina thaobh; tuigeadh do RTÉ nach raibh mórán daoine á úsáid.”

Is léir nach amhlaidh an cás mar gheall ar líon na litreacha agus ríomhphost a fuair an tAire agus na daoine a shínigh achainí ar líne in aghaidh an chinnidh chun an tseirbhís a dhúnadh síos go luath. Cuireadh siar an spriocdháta go 19 Eanáir 2015, ach dheimhnigh RTÉ le gairid gur ar an lá sin a thiocfaidh deireadh iomlán leis an tseirbhís.

“Céim siar mhillteanach don chomhphobal Éireannach uile,” a thug Brendie O’Brien, cathaoirleach CLG sa Bhreatain, ar an gcinneadh agus dúirt, “baile as baile is ea an fhadtonn – agus bhainfeadh a dúnadh síos an méid sin díobh.”

Dúirt stiúrthóir bainistíochta Raidió RTÉ, Jim Jennings, gur ar aon dul le claonadh Eorpach atá an cinneadh chun deireadh a chur le fadtonn agus go sábhálfadh sé isteach is amach ar €250,000 in aghaidh na bliana.

Rinne RTÉ brabús roimh cháin de bhreis agus milliún euro anuraidh.

I láthair na huaire tá an tAire Deenihan ag obair ar straitéis i dtaobh an diaspóra. Foilseofar i mí Eanáir í agus dar leis an Aire, “Má chuirtear i bhfeidhm í, cuirfidh sé feabhas ar an tslí a ndéanaimid cumarsáid leis an diaspóra agus iadsan linne.”

Tá suíomh idirlín don diaspóra ar na bacáin chomh maith, áit lárnach a mbeidh daoine ábalta teacht uirthi d’fhonn eolas a fháil ar eisimirce, seirbhísí agus gach a mbaineann leis an diaspóra.

Fág freagra ar 'Imní ar Aire an Diaspora faoi dhúnadh stáisiún raidió'