Imní ag géarú abhus gur Breatimeacht gan socrú atá mar aidhm ag rialtas Boris Johnson

An col idé-eolaíoch atá ag lucht an Bhreatimeachta le hoifig de chuid an AE a bheith lonnaithe sa Tuaisceart?

Imní ag géarú abhus gur Breatimeacht gan socrú atá mar aidhm ag rialtas Boris Johnson

‘An giolla ina mháistir’ a thug Boris Johnson air cúpla bliain ó shin, Tuaisceart Éireann mar eireaball an mhadaidh aige.

Baineadh stangadh as deisceabail an Bhreatimeachta faoi chomh hachrannach is a bhí ceist na teorann, cás na hÉireann fré chéile mar nach raibh aird dá laghad tugtha uirthi go dtí sin.

Agus anois, seo arís í.

Baineann an t-easaontas reatha le héileamh ón Aontas Eorpach go mbeadh láthair nó láithreacht aige i mBéal Feirste chun déileáil le cúrsaí custam.

Tá an t-eiteachas as éadan tugtha ag an mBreatain don éileamh sin. Amanna shílfeá go mbeadh níos mó fáilte roimh Kim Jong-Un.

Fearacht nach mór gach ceist eile san idirbheartaíocht idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach tá ‘éiginnteacht’ faoin méid a bhí aontaithe roimhe seo, sainmhíniú éagsúil ag ’chaon taobh.

Aontaíodh i bhfad siar go mbeadh an tAE comhpháirteach leis an Ríocht Aontaithe i rialú custam abhus. Bhí an tAE diongbháilte go gcaithfí an margadh singil a chosaint ach ag glacadh leis gurb í an Ríocht Aontaithe an t-údarás inniúil sa réigiún. Sa Phrótacal, réiteach dlíthiúil, tá foráil faoin gcomhpháirt i rialú custam abhus, é aontaithe go bpléifeadh an tAE agus an Ríocht Aontaithe na socruithe lena aghaidh. Tá brí an réitigh féin agus na socruithe conspóideacha anois.

Níorbh fhada tar éis do Boris Johnson fáil réidh leis an gcúlstad nuair a ghlac sé le Prótacal na hÉireann nó ba léir go raibh a léamh áirid féin ag an bPríomh-Aire Johnson ar an méid a d’aontaigh sé.

Leid luath ar na deacrachtaí atá sna cainteanna reatha ab ea moladh Johnson do lucht gnó abhus páipéarachas a chaitheamh sa gciseán seachas na cáipéisí cuí a sholáthar le haghaidh trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór, soir agus siar.

Anois tá Whitehall ag fógairt go bhfuil 50,000 oibrí le hearcú chun déileáil le páipéarachas thall ach siléig faoin obair abhus agus imní mhór ar lucht gnó.

Ní hiontas, mar sin, go mbeadh lucht na Bruiséile ag cur cos i dtaca faoina ról i rialú custam abhus. Thug an tAire Sóisir i rialtas na Breataine, Penny Mordaunt an t-eiteachas as éadan d’éileamh an AE i litir an tseachtain seo caite.

Dúirt sí go gcothódh a leithéid de láthair deighilt pholaitiúil agus achrann i measc an phobail. Níor thug sí aitheantas ar bith do mhóramh an phobail agus do na Teachtaí Tionóil a bheith in aghaidh an Bhreatimeachta.

Scríobh ceannairí Shinn Féin, SDLP, Alliance agus an Chomhaontais Ghlais ag rialtas na Breataine an mhí seo caite ag cur in iúl gur mheas siad go raibh láthair de chuid an AE “riachtanach” chun a bheith i dteagmháil le rialtas na Breataine agus le Feidhmeannas Stormont. Bhí a bhfreagra ó Michael Gove, thar ceann an Phríomh-Aire neamhbhalbh, giorraisc. Ní raibh gá le ‘ambasáid bheag’ de chuid an AE i mBéal Feirste, dar leis an rialtas.

Ní fhéadfadh a rialtas glacadh le hoifig thoscaireachta nó aon láthair bhuan de chuid an AE i dTuaisceart Éireann, ar sé.

D’éascódh siad cuairteanna d’fheidhmeannaigh ar bhonn ad hoc nuair a d’fhéadfaí an teorainn a thrasnú ón deisceart chun seiceáil a dhéanamh, ar sé. Is léir nach mbeadh i gceist ach seiceáil anois is arís murab ionann agus comhpháirtíocht i rialú custam.

Nocht eagarthóir Eorpach RTÉ, Tony Connelly, ag deireadh na seachtaine go raibh Londain báúil le láithreacht a bheith ag an AE i mBéal Feirste (agus i nDún Éideann agus Caerdydd) i mí Feabhra anuraidh. Tá an cur chuige athraithe go huile agus go hiomlán ag rialtas Johnson, an chluas bhodhar á tabhairt don mhóramh abhus; tá an DUP agus an UUP ‘ag teacht le polasaí an rialtais’ a deir siad, gan aon mhíniú ar an doicheall roimh oifig de chuid an AE.

Níl an naimhdeas d’oifig de chuid an Aontais Eorpaigh ag teacht le dearcadh na n-údarás ar chaidreamh idirnáisiúnta. Tá consalacht ag Stáit Aontaithe Mheiriceá i mBéal Feirste le fada. Agus mar a bhí á phlé againn sa cholún seo le déanaí tá consalacht ag Daon-Phoblacht na Síne sa chathair. Ach tá mionchaidreamh leis na comharsana iomarcach, oifig d’fheidhmeannaigh an AE doghlactha? Cén fáth? Idé-eolaíocht an Bhreatimeachta?

Idir an seasamh sin agus diúltú as éadan do mholadh go dtógfaí breis ama chun margadh a dhéanamh i bhfianaise na paindéime, tá imní ag géarú abhus gur Breatimeacht gan socrú atá mar aidhm ag rialtas Boris Johnson.

Ní dea-thuar dúinne é.

Fág freagra ar 'Imní ag géarú abhus gur Breatimeacht gan socrú atá mar aidhm ag rialtas Boris Johnson'

  • Eoin O Murchu

    Ní dóigh liom gur Breatimeacht gan socrú atá mar Aidhm ag Johnson, ach go bhfuil sé sásta lena leithéid mura féidir leis socrú sásúil (mar a fheiceann sé féin é) a bhaint amach