Imithe ‘bananas’ ag fáiscín gruaige atá ‘super cool’

Beatha nua tugtha d’oiriúint bheag don ghruaig a bhuíochas don dearthóir Alexander Wang

Imithe ‘bananas’ ag fáiscín gruaige atá ‘super cool’

Déarfainn nach bhfuil bean ar bith a bhfuil gruaig fhada uirthi nach bhfuil cúpla ceann caite i dtarraiceán nó ina mála láimhe aici ach cé a chreidfeadh go mbeadh stádas ardfhaiseanta idirnáisiúnta acu! Tá mé ag tagairt d’fháiscíní gruaige nó ‘banana clips’ mar atá á dtabhairt anois orthu.

Ó thús na seachtaine seo tá an t-uafás alt foilsithe i nuachtáin agus in irisí faisin ar fud an domhain faoin oiriúint bheag ghruaige seo nach raibh mórán airde againn uirthi roimhe seo. Dhírigh siad ar fad air – The Washington Post, New York Times, Telegraph, Vogue, Harper’s Bazaar, Marie Claire, Glamour, Elle agus go leor eile – ar chúis amháin; thug an dearthóir cáiliúil Alexander Wang beatha nua don fháiscín gruaige ag Seachtain Fhaisin Nua-Eabhrac. 

Nuair a smaoiníonn tú air níl ann ach an rud is simplí ar fad agus é ar an saol leis na blianta fada – dhá chíor ghruaige greamaithe ina chéile le sprionga beag ach tá maithe agus móruaisle i saol an fhaisin ag caint faoi an tseachtain seo. Cheannófá a leithéid i Claire’s Accessories nó ina iliomad siopaí den chineál sin ar €2 nó €3 ach bhí leagan ar leith ag Alexander Wang dá chuid mainicíní. Dath an airgid agus a ainm féin mar bhranda orthu a bhí aigesean ar na fáiscíní gruaige agus ba leor sin le stádas nua a thabhairt dóibh.

Bhí casadh beag eile aige sa scéal sa mhéid is go raibh gruaig na mainicíní slíoctha siar le glóthach agus an chosúlacht uirthi go raibh sí fliuch. “The biggest trend from New York Fashion Week” a thug scríbhneoir amháin air. “It looks super cool” a dúirt duine eile agus “youthful, organic like a ballerina” a bhí sé, dar le colúnaí eile.

Go dtí seo ní raibh sa bhfáiscín gruaige céanna ach uirlis bheag úsáideach nuair a tharla an rud ar a dtugaimid ar fad “bad hair day’ air nó nuair a bhí muid faoi dheifir, agus mall don obair. Bhí sé ar fheabhas freisin nuair a bheifeá ag fágáil an gym leis an gcuma mhíshlachtmhar a bhaint díot nuair nach raibh fonn ort an iomarca ama a chaitheamh leis an ngruaig.

Ach seo anois an fáiscín gruaige agus stádas nua tugtha dó a bhuíochas do Alexander Wang, dearthóir Meiriceánach a rugadh i San Francisco ach a fuair a chuid oiliúna i saol an fhaisin i Nua-Eabhrac. 

An rud is aistí ar fad faoin bhfuadar ar fad faoin bhfáiscín gruaige gur beag aird a tugadh ar an éadach a bhí á sheoladh ag Wang ag Seachtain Faisin Nua-Eabhrac – teip cheart do chuspóir nó do sprioc na hócáide, measfá.

Fág freagra ar 'Imithe ‘bananas’ ag fáiscín gruaige atá ‘super cool’'