Dé Máirt seo chugainn an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais i bhfeachtas earcaíochta nua an PSNI. I bhfianaise na bhfoláireamh ón tseirbhís phóilíneachta féin faoi ghanntanas comhaltaí ó chúlra Caitliceach coinneofar súil ghéar ar an dreas earcaíochta seo féachaint an mbeidh athrú ar an bpatrún.
Tá an PSNI sa tóir ar iarratais ó mhná, ó mhionlaigh eitneacha agus ón aicme oibre Phrotastúnach freisin agus práinn leis na grúpaí sin ach is í an iarracht sa phobal Caitliceach an gad is giorra don scornach ag na póilíní.
Tá sé soiléir le blianta beaga gur údar imní é do cheannairí an PSNI an titim sheasmhach atá ar líon na n-earcaithe Caitliceacha. Anuraidh dúirt Príomh-Chonstábla na linne, George Hamilton, go mbeadh géarchéim sa tseirbhís go luath mura mbeadh casadh chun feabhais ar an earcaíocht. Le tamall anuas tá an Príomh-Chonstábla nua, Simon Byrne ag tathant ar pholaiteoirí, ar cheannairí pobail agus ar an chléir daoine óga (náisiúnacha/Caitliceacha) a ghríosadh chun a dhul sna póilíní.
Níl an scéal chomh simplí sin, áfach mar a léiríodh i nDoire nuair a seoladh an feachtas earcaíochta reatha ag tús na míosa seo. Crochadh póstaeir ghránna chun imeaglú a dhéanamh ar éinne a bheadh ag smaoineamh ar dhul sna póilíní. Bhí pictiúir ar na póstaeir de Pheadar Heffron a gortaíodh go tubaisteach in 2010 nuair a chuir na heasaontóirí poblachtacha a thug Óglaigh na hÉireann orthu féin buama faoina ghluaisteán i mBaile Raghnaill, i gcontae Aontroma. Fágadh an Constábla Heffron ar leathchois agus bhain gortuithe eile dó freisin. Tá air cathaoir rotha a úsáid anois.
Bhí cáil amuigh ar Pheadar Heffron mar Chaitliceach (Gaeilgeoir) san PSNI agus é ina chaptaen ar fhoireann pheile CLG na seirbhíse. Ina theannta sin bhí cónaí air ina cheantar dúchais, áit ar ionsaíodh é. Ar an drochuair bhí sé éasca ag na heasaontóirí teacht air. Thar aon ní eile ní theastaíonn ó na heasaontóirí go mbeidh an pobal náisiúnach sásta leis an PSNI agus daoine óga ag glacadh leis mar sheirbhís phoiblí inmhuiníne.
An bhliain dár gcionn mharaigh easaontóirí an Constábla Ronan Kerr. Caitliceach ab ea eisean freisin, fearacht an chéad chomhalta den PSNI a maraíodh, an Constábla Stephen Carroll. Easaontóirí poblachtacha a mharaigh eisean in Craigavon dhá lá tar éis beirt shaighdiúirí as Arm na Breataine a mharú i mbaile Aontroma in 2009. Liosta le háireamh iad na hionsaithe agus na hiarrachtaí dúnmharaithe a rinneadh ar phóilíní ó bunaíodh an PSNI.
I bhfianaise an fheachtais sin ní hiontas gur minic tuismitheoirí, gaolta eile agus cairde ag tathant ar dhaoine óga gan a dhul sna póilíní. Ní hí sábháilteacht an earcaí an t-aon údar imní ach slándáil an teaghlaigh ar fad. I nDoire, i gceantar náisiúnach thángthas ar bhuama ag teach nach raibh cónaí ar phóilín ann – ba é teach a thuismitheoirí é.
Dá réir, bíonn ar dhuine atá ag iarraidh a bheith san PSNI ceisteanna sóisialta, cultúir agus slándála a chur san áireamh. An gcaithfidh sé/sí an baile, cairde agus an chomharsanacht dúchais a fhágáil ar mhaithe le sábháilteacht an teaghlaigh agus a slándáil féin? An gcaithfear an tslí bheatha sin a choinneáil faoi rún? Agus fiú amháin is an méid sin déanta, an fiú a dhul sa seans ós dócha gur i bhfíochmhaire a ghabhfaidh na heasaontóirí má bhíonn méadú ar líon na gCaitliceach sa tseirbhís phóilíneachta.
Sin í an tsáinn, an catch 22. Ní bheidh muinín ag an bpobal sna póilíní mura mbeidh siad ionadaíoch. Ba í an fhís nuair a bunaíodh an PSNI go mbeadh an tseirbhís iontaofa mar go gcuirfí ina cheart an díréir a bhí san RUC a facthas mar ‘fhórsa Protastúnach/aontachtach’. Cinneadh go gcaithfí a chinntiú go mbeadh líon na gCaitliceach sa tseirbhís nua i gcomhréir lena sciar den daonra. Chuige sin bunaíodh córas earcaíochta 50:50 – idirdhealú dearfach a chuideodh leis an gcéatadán a ardú (ó 8% in 2001) go 32%.
Bhí an sciar gar do 30% tar éis deich mbliana nuair a chuir an Státrúnaí Caomhach Owen Paterson deireadh le 50:50 in 2011 ar éileamh ó aontachtaithe. Bhí náisiúnaithe an-mhíshásta, iad den bharúil gur cuireadh stop leis an idirdhealú róluath. Faoin am sin bhí tacaíocht geallta ag Sinn Féin don PSNI mar chuid den mhargadh le cumhacht a roinnt leis an DUP in Stormont in 2007.
Tá 6,900 comhalta san PSNI faoi láthair. De réir an eolais a fhoilsíonn an tseirbhís is de chúlra Protastúnach 69% den fhoireann, 32% ó chúlra Caitliceach agus 1% ó mhionlach eitneach. Is furasta imní an Phríomh-Chonstábla a thuiscint ó tá an sciar Caitliceach den daonra os cionn 44% anois agus an bhearna san ionadaíocht ag dul i méid.
Teastaíonn ó Shinn Féin agus SDLP go mbunófaí an córas earcaíochta 50:50 in athuair ach deir aontachtaithe go mbeadh sin doghlactha.
D’fhreastail ceannaire Shinn Fein abhus, Michelle O’Neill, an leasChéad-Aire in Stormont agus urlabhraí póilíneachta an pháirtí, Gerry Kelly, ar sheoladh an fheachtais earcaíochta. Baineadh geit as an bPríomh-Chonstábla agus ionadaithe na bpáirtithe eile a bhí i láthair nuair a tháinig toscairí Shinn Féin gan choinne – an chéad uair ag an bpáirtí ag a leithéid d’ócáid. Cé gur thagair daoine soiniciúla d’fheachtas an olltoghcháin a bhí ar siúl sa Phoblacht ag an am d’fháiltigh an Príomh-Chonstábla, Simon Byrne, go croíúil roimh fhreastal Shinn Féin mar ‘chéim stairiúil’.
Níor dhúirt Michelle O’Neill go molfadh Sinn Féin do dhaoine óga a dhul san PSNI ach d’fháiltigh sí roimh an bhfeachtas earcaíochta a bhí dírithe ar Chaitlicigh. Bhí sé soiléir óna freastal ar an seoladh, a dúirt sí, gur theastaigh seirbhís phóilíneachta ionadaíoch uaithi. Cheistigh sí cén fáth nach n-éiríonn ach le duine as gach cúigear de na hiarrthóirí Caitliceacha.
Seachtain ina dhiaidh sin d’inis an PSNI do Michelle O’Neill agus Gerry Kelly go raibh rún ag easaontóirí iad a ionsaí. Oíche Dé Luain na seachtaine seo d’fhógair Michelle O’Neill go raibh foláireamh faighte aici ó na póilíní go raibh ionsaí buamála ar bhall de Shinn Féin á phleanáil ag easaontóirí. Díoltas na n-easaontóirí is cosúil as tacaíocht Shinn Féin don PSNI a bheith níos follasaí ná mar a bhíodh.
Ní léir conas is féidir na constaicí, an t-imeaglú agus baol foréigin a threascairt ach caithfear é a dhéanamh ar mhaithe le dea-phóilíneacht a bheas inghlactha ag an bpobal ar fad.
Fág freagra ar 'Imeaglú le sárú ag feachtas earcaíochta an PSNI'