IMEACHTAÍ – Sóisialta

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na himeachtaí sóisialta atá ar siúl as seo go ceann seachtaine.

Ag glacadh páirte sa 'Stail Gaelach' , Ciarán De Barra
Ag glacadh páirte sa ‘Stail Ghaelach’ , Ciarán De Barra

‘Lá Mór na Gaeilge’, Déardaoin 16 Deireadh Fómhair, Ollscoil na Tríonóide. Tá clár leagtha amach ag Cumann Gaelach TCD ó mhaidin go hoíche a shásóidh mianta an mhic léinn. Clár samhlaíoch a bhfuil bricfeasta saor, ceardlann díospóireachta, ciorcal ‘cóisire’ comhrá, oíche cheoil san áireamh, chomh maith le turas i nGaeilge chun an Leabhar Ceanannais a fheiceáil. Beidh formhór na n-imeachtaí amach i Seomra na Gaeilge agus tá fáilte roimh chách. Cuardaigh ‘Cumann Gaelach TCD’ ar Facebook.


‘An Stail Ghaelach’, Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair, ag a 7.30i.n, Trinity Inn, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath. Ceann de mhórimeachtaí na bliana ag Na Gaeil Óga CLG, áit a dtéann staileanna ó fhoireann peile Ghaelach na hardchathrach in iomaíocht lena chéile – níl aon bhaint ag a gcumas ar an pháirc imeartha leis an scéal an uair seo. Cuardaigh ‘Na Gaeil Óga CLG’ ar Facebook.