IMEACHTAÍ NA SEACHTAINE SEO

Caitheann Tuairisc.ie súil ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta sa tseachtain amach romhainn

zqx2hto3_medium
Saothar leis an ealaíontóir Andrew Mason

Cúige Uladh

 


SCÉALAÍOCHT DO THEAGHLAIGH: ‘Siamsa do pháistí’, Dé Sathairn 8, 15, 22 Samhain, 11r.n-1i.n, Ionad Eamhain Mhaca. Tuilleadh eolais:sean@cairdeteo.com nó cur scairt ar 02890 37515229.


 

TAISPEÁNTAS: ‘Léiriú Bhaile Uí Ruagáin’ leis an ealaíontóir Andrew Mason á thaispeáint i nDánlann Dillon, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach go dtí an 20 Samhain. Is teach feirme 500 bliain d’aois i gCo. Chill Mhantáin é Teach Bhaile Uí Ruagáin. Ba é an t-ealaíontóir a cheannaigh an suíomh agus a bhunaigh Teach Bhaile Uí Ruagáin in 1979. Ansin, i 1981, tháinig grúpa ealaíontóirí le chéile chun saothair ealaíne a chruthú agus chun cuidiú le Teach Bhaile Uí Ruagáin a thiontú ina spás ináitrithe.


 

CEOLCHOIRM: Josie Nugent agus Brian Stafford, Dé hAoine 7 Samhain, ag a 8.00i.n i gCultúrlann Uí Chadhain, Doire. Meascán d’fhoinn agus de phoirt óna albam is déanaí ‘The Caves of Cong’ agus tiúineanna nach iad, a bheidh a casadh ag an fhildléir Josie Nugent, Co. an Chláir agus an píobaire Brian Stafford, de bhunadh Dhoire. Saorchead isteach. Tuilleamh Eolais: https://www.culturlann-doire.ie/


 

Cormac-Ó-hEadhra-1
Cormac Ó hEadhra a bheidh ag craoladh beo ó ‘Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair’ i gColáiste Phádraig

Cúige Laighean

 


 

COMÓRTAS: ‘Craobh Bhréag chúirt Uí Dhálaigh’ do Mhic Léinn an Dlí, Dé hAoine 7 Samhain, ag a 5i.n, Cúirt Uimhir 4, Sna Ceithre Cúirte, Baile Átha Cliath. Comórtas bliantúil le Gael Linn in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré. Bronnfar buan trófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí agus seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.


 

SEOLADH AGUS CRAOLADH BEO: Seolfar ‘Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair’, Dé Máirt 11 Samhain, Java City, Coláiste Phádraig Droim Conrach. Beidh Rónán Beo @3 ag craoladh beo ar RnaG, agus leanfaidh díospóireacht faoi na deacrachtaí le teagasc na Gaeilge sna coláistí oiliúna ar ‘Cormac ag a Cúig’, atá á craoladh ón láthair chéanna ina dhiaidh.


 

SRAITH SHEIMINEÁIR: ‘Súil Eile ar Litriú agus Léitheoireacht na Gaeilge’, Dé Máirt 11 Samhain, ag a 5i.n in A109 Newman, UCD. Is iad an Dr Tina Hickey (UCD) agus an tOllamh Nancy Stenson (UCD, Ollscoil Minnesota) a chuirfidh an chéad chaint i láthair i sraith de leachtaí faoi theideal ‘ Ó Thrácht go Twitter’.


 

GRÚPA SIÚLÓIDE: ‘Bímíd ag siúl agus ag caint’, gach maidin Dé hAoine, 11.r.n, ag Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Bí ag foghlaim agus bí aclaí ag an am céanna. Tagann grúpa Gaeilge le chéile go seachtainiúil le tabhairt faoi shiúlóid uair go leith timpeall na cathrach. Ní gá áirithintí a dhéanamh agus tá fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa araon. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar https://dublincity.ie/.


 

OÍCHE GHAELACH: ‘Oíche Ghaelach’ le Cumann Gaelach Ollscoil Mhaigh Nuad, oíche Dé Máirt, Tigh Uí Bhrádaigh i lár bhaile Mhaigh Nuad. Reáchtálfar an oíche Ghaelach gach seachtain le linn an téarma ollscoile in éineacht leis an Chumann Ceol Traidisiúnta. Tuilleadh Eolais: gaeilge@nuimsu.com


 

LÉACHT AGUS SEOLADH LEABHAIR: ‘Ómós Do Bo’, Dé Sathairn 11 Samhain, ag a 6.in sa Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Déanfaidh an léacht seo faoi ‘Ómós Do Bo’ ceiliúradh ar ‘Bo Almqvist’, ón tSualainn, laoch i saol an bhéaloidis a d’éag anuraidh. Roimhe sin seolfaidh an tUasal Mårten Pehrson e-leabhar A Handbook of Irish Folklore le Seán Ó Súilleabháin san ionad céanna ag a 5-6i.n. Saorchead isteach.


 

ALBUM The Tides that Bind

Cúige Chonnacht

 


 

SEOLADH ALBAIM: ‘The Tides that Bind/Fánaíocht’ le Seán Ó hÉanaigh, Dé hAoine 14 Samhain, ag 8.30i.n, i dTigh Ghiblin sa Spidéal, Gaillimh. Tá amhráin thraidisiúnta i mBéarla, i nGaeilge agus i nGàidlhlig le cloisteáil ar an albam, agus amhráin nua-chumtha le Seán freisin. Tuilleadh eolais: tidesthatbind@outlook.ie


 

SCANNÁN: ‘An Episode in the Life of an Iron Picker’, a thaispeáint Déardaoin, 13 Samhain 8:15 i gClub Scannáin Shailearna. Scéal daonna a bhaineann le streachailt athar agus teaghlaigh sa Bhoisnia. Fíorléiriú ar shaol crua atá sa dráma seo le Danis Tanovic, stiúrthóir No Man’s Land, a thug leis duais Oscar sa chatagóir ‘An Scannán Eachtrannach is Fearr’ sa bhliain 2001.


 

CÉILÍ: Céilí Phléaráca, Dé Domhnaigh 9 Samhain, a a 5i.n i Halla Ross a Mhíl, Conamara, Co. na Gaillimhe. Beidh Clann Sonaí Choilm Learaí i mbun ceoil.


 

CIORCAL COMHRÁ: ’Caint agus Comhrá’ leis an An Cumann Craic, ó OÉ na Gaillimhe le chéile gach Máirt ag a 6.00 in Amharclann Aras na Gaeilge. Tuilleadh Eolais ar fáil ó Naoise cumanncraic@socs.nuigalway.ie


 

Timpeall na Tíre


FEACHTAS LAE: ‘Gaeilge 24’ lá iomlán ag labhairt i nGaeilge, Dé Máirt, 11 Samhain, ar fud na tíre. Táthar ar súil le 200 scoil agus 20,000 dalta a bheith páirteach sa dúshlán 24 a’ chloig. Aidhm an dúshláin ná daoine óga a spreagadh chun Gaeilge a labhairt sa bhaile, ar scoil, le gnónna áiitiúla, sna clubanna spóirt agus eile. Is féidir níos mó eolais a fháil ó Chonradh na Gaeilge.


GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ:Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, má tá tú ag foghlaim nó más cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thoiseacht i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar cnag.ie.


Nuala Ní Dhomhnaill in Arts Lives

Cúige Mumhan

 


 

FÉILE: ‘An Fhéile Bheag Filíochta’, 6-9 Samhain, Baile an Fheirtéaraigh, Daingean Uí Chúis. Tionólfar an 8ú Féile Bheag Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh ar 6,7,8, 9 Mí na Samhna. Bíonn an-éileamh ar an Fhéile seo ag tosach an Gheimhridh; Reacaireacht agus Ceardlanna ag filí aitheanta, léacht na Féile, amhráin, ceol agus an maidhc oscailte, mar a léann cumadóirí áitiúla agus cuairteoirí a gcuid filíochta. https://www.feilebheagfiliochta.com/


 

CEARDLANN:Aistriú na Filíochta’ le Paddy Bushe agus Aonghas Mac Neacail, Dé hAoine 7 Samhain, ón 10r.n- 1r.n sa Lab, An Daingean. Imeacht de chuid ‘An Fhéile Bheag Filíochta’ é seo. Cead isteach: €20 Tuilleadh Eolais: https://www.feilebheagfiliochta.com/


 

CEARDLANN: ‘Ceardlann Filíochta na Gaeilge’ le Nuala Ní Dhomhnaill, An Músaem, Baile an Fheirtéaraigh, Co.Chiarraí. Costas: €20


 

SIÚLÓID SEANCHAIS: ‘Siúlóid Stairiúil agus Comhrá’ a treorú ag Domhnall Mac Síthigh, Dé Sathairn 8 Samhain, ag cruinniú ag a 2.30, ag Caife na Caolóige, Cloichear, Co. Chiarraí.


 

SEOLADH LEABHAIR: ‘Beir mo Dhúthracht’, lámhscríbhinn le Pádraig Ó Siochfhradha, (An Seabhac), Dé hAoine 7 Samhain, ag a 7.15 -7.45i.n i Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh. Seolfaidh Domhnaill Mac Síthigh, lámhscríbhinní nár cuireadh i gcló roimh seo, i gcuimhne ar an mbaint a bhí ag an Seabhac leis an Oireachtas i gCill Airne i 1914. Caitríona Ní Chathail a chur an leabhar in eagair. Arna fhoilsiú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Imeacht de chuid ‘An Fhéile Bheag Filíochta’ é seo. Tuilleadh Eolais https://www.feilebheagfiliochta.com/


 

SCANNÁN: ‘ Ar Lorg Shomhairle’, Dé hAoine 7 Samhain, ag a 4.15-5i.n i Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh, Co.Chiarraí. Taispeántas scannán a bhaineann le hábhar scannáin ‘Ar Lorg Shomhairle’, léirithe agus stiúraithe ag Éanna de Buis. Tá aitheantas forleathan ar Shomhairle MacGill-Eain mar dhuine de na filí móra Gaelacha de chuid an fichiú aois. Imeacht de chuid ‘An Fhéile Bheag Filíochta’ é seo. Imeacht de chuid ‘An Fhéile Bheag Filíochta’ é seo. Tuilleadh Eolais https://www.feilebheagfiliochta.com/


 

LÉACHT: ‘Micheál Ruiséal’, le Boscó Ó Conchúir, Dé hAoine 7 Samhain, ag 8.15 -9.00i.n, i Músaem Bhaile an Fheirtéaraigh. Ba é Micheál Ruiséal (1860-1928) a chum mórchuid dá bhfuil in Duanaire Duibhneach: bailiú d’amhráin agus de phíosaí eile filíochta a ceapadh le tuairim céad bliain i gCorca Dhuibhne. Imeacht de chuid ‘An Fhéile Bheag Filíochta’ é seo. Tuilleadh Eolais https://www.feilebheagfiliochta.com/


 

 

 

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ NA SEACHTAINE SEO'