Imeachtaí Gaelacha fógartha ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta BÁC

Tá roinnt imeachtaí trí mheán na Gaeilge le bheith ar siúl mar chuid den Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta a thosóidh ag an deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath

unnamed (1)
Ceol caint agus filíocht trí Ghaeilge mar chuid de ILF Dublin

Beidh ceithre mhórócáid Ghaeilge á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath i mbliana. Beidh an fhéile ar siúl ón Satharn 16 Bealtaine go dtí Dé Domhnaigh an 24 Bealtaine.

I gcomhar le IMRAM, beidh díospóireacht, léiriú ilmheáin agus oíche cheoil agus filíochta ar siúl trí Ghaeilge le linn na féile litríochta.

Ficsean stairiúil i nGaeilge a bheas faoi chaibidil ag an díospóireacht dar teideal Scéinéirí Stairiúla ina mbeidh Darach Ó Scolaí, Liam Mac Cóil agus Seán Ó Dúrois páirteach ann. Cathal Póirtéir a bheidh sa chathaoir don ócáid a bheidh ar siúl ar an 18 Bealtaine.

Ar an 19 Bealtaine, beidh idir dhamhsa, cheol, phrós agus íomhánna ar scáileán mar chuid den léiriú Cogaí atá bunaithe ar chnuasach gearrscéalta leis an údár Dáithí Ó Muirí a bhaineann le cogaíocht agus foréigean.

Beidh na filí Marcus Mac Conghail, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Liam Ó Muirthile agus Séamus Barra Ó Súilleabháin ag léamh roinnt dá saothar mar chuid de Cuisle ar an 21 Bealtaine.

Seó ilmheánach dátheangach is ea Cré na Cille: Tinoscadal an Chadhnaigh a bheidh ar siúl ar an 22 Bealtaine agus a chuirfidh dhá leagan Béarla d’úrscéal Mháirtín Uí Chadhain ós ár gcomhair le ceol ón gcumadóir Colm Ó Snodaigh.

– Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fáil ar an suíomh gréasáin ILFDublin.com.

Fág freagra ar 'Imeachtaí Gaelacha fógartha ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta BÁC'