Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge Déardaoin

An bhfuil tú ag triall ar Oireachtas 2015 i mBáile Átha Cliath, nó an bhfuil tú ann cheana féin? Bíonn gach eolas, gach lá faoi imeachtaí na féile ar Tuairisc.ie...

Oireactas-Graphic-Deardaoin

9.15 a.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Iris Aniar’ & ag 10.15 a.m. ‘Sinéad ar Maidin’
ó Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta


11.00 a.m. AN SEOMRA TEAGHLAIGH
arna eagrú ag Glór na nGael
Clár Ceoil, Amhráin & Siamsaíochta do Pháistí, ag freastal ar gach aoisghrúpa
IONAD: Svuít Kingswood, Óstán Citywest


11.00 a.m. COMÓRTAIS 5, 6, 7 & 8
Aithriseoireacht (Aoisghrúpaí: Faoi 9; 9 – 12; & 12 – 15) & Dreas Cainte (15 – 18)
IONAD: Svuít ‘Oak’, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


11.00 a.m. COMÓRTAIS 13, 14 & 15
Scéalaíocht (Aoisghrúpaí: 9 – 12; 12 – 15 & 15 – 18)
IONAD: Svuít ‘Rathcoole’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


11.00 a.m. COMÓRTAS 16
Agallamh Beirte (Faoi 12)
IONAD: Svuít ‘Newcastle’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


11.00 a.m. COMÓRTAIS 17 & 18
Agallamh Beirte (Aoisghrúpaí: 12 – 15 & 15 – 18)
IONAD: Amharclann an Oireachtais’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


12.00 p.m. COMÓRTAIS 19 & 20
Lúibíní (Aoisghrúpaí: Faoi 12 & 12 – 15)
IONAD: Amharclann an Oireachtais’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


12.00 p.m. SEOLADH OIFIGIÚIL
‘Aonach an Oireachtais’, le hUachtarán an Oireachtais 2015, Ray Mac Manais
Rírá & Ruaille Búille
IONAD: ‘Ardán an Aonaigh’ An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


1.00 a.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Nuacht a hAon’
ó Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta
1.00 a.m. Seolfar Fiona Ní Fhlaithearta, Láithreoir Aimsire agus Leanúnachais le TG4 agus Iarmhacléinn an BA sa Chumarsáid, BA (Cumarsáid & Gaeilge) nua an Acadaimh, agus Léann na Cumarsáide mar ábhar roghnach ar an gcéim omnibus sna Dána in OÉ Gaillimh.


2.00 p.m. COMÓRTAIS 32 & 36
Lúibíní & Amhráin Saothair (Daoine Fásta)
IONAD: Amharclann an Oireachtais’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


2.00 p.m. SEIMINEÁR POIBLÍ
‘Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003’
Reáchtálfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga seisiún eolais ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, mar chuid de Oireachtas na Samhna. Beidh an seisiún seo dírithe go príomha ar na hoifigigh atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ina gcuid eagraíochtaí féin, ach beidh an seisiún oscailte chomh maith do dhaoine ón bpobail ar spéis leo an t-ábhar.
Is é an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, a chuirfidh tús leis an seisiún.
Má tá sé i gceist agat bheith i láthair, ní mór teachtaireacht a chur chuig:
Oifig an Choimisinéara Teanga ag 091504006 nó eolas@coimisineir.ie
roimh Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair 2015, chun d’áit a chur in áirithe.
IONAD: Svuít Silken Thomas, Óstán Citywest


3.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Binneas Béil’
ó Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta


4.00 p.m. SEOLADH LEABHAIR
‘Ceiliúradh An Bhlascaoid 19 – Peaidí ‘n Dúna’, á sheoladh ag Páidí Mhárthan Mac Gearailt.
Eag: Micheál de Mórdha.
Aistí ón gCeiliúradh a tionóladh anuraidh i gcuimhne ar Phádraig Ua Maoileoin, Iar-Uachtarán an Oireachtais. I measc na n-astí tá saothar ó: Seosamh Ó Murchú, Liam P. Ó Murchú & Oisín Uíbh Eachach.
Arna fhoilsiú ag Coiscéim
IONAD: Ardán an Aonaigh, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


5.00 p.m. SEOLADH: Saotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide
ABAIR, An Sintéiseoir Gaeilge
Seolfar guth nua sintéiseach maraon le léitheoir scáileáin le Gaeilge a forbraíodh mar chuid den tionscadal ABAIR sa tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide.
Is áis teicneolaíochta urlabhra í www.ABAIR.ie a léann téacs ar bith amach i nGaeilge nádúrtha, le blas Chonnachtach, Ultach agus anois, don chéad uair, le blas Mhuimhneach.
Cuirfear an guth nua agus an léitheoir scáileáin i láthair maraon leis an suíomh agus na háiseanna oideachais agus rochtana eile atá ag eascairt as.
Fíon agus Fáilte!
Tuilleadh Eolais: www.abair.ie/cuireadh
IONAD: ‘Svuít ‘Rathcoole’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


5.00 p.m. CEARDLANN iPad do Thosaitheoirí
arna eagrú ag Gréasán na Meán
IONAD: Suvít Ormonde


5.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Cormac ag a Cúig’
ó Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta


5.40 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht RTÉ
IONAD: Lobbaí Óstán Citywest


6.00 p.m. COMÓRTAS 27
Dreas Cainte (Daoine Fásta)
IONAD: Svuít ‘Silken Thomas’, Óstán Citywest


6.00 p.m. ÓCÁID DO THEAGHLAIGH
‘An Tae Beag’, arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
IONAD: Suvít Kingswood, Óstán Citywest


7.00 p.m. COMÓRTAS 42: Sean-Nós na bhFear
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta & www.tg4.tv
IONAD: An Stáitse Mór, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest


7.00 p.m. DRÁMA ‘Séanadh’ , dráma nuascríofa le Gearóid Mac Unfraidh.
Tá an-téama te bruite – cur chuige an Rialtais maidir le comóradh 1916, nó le bheith cruinn, cur chuige an láimhseálaí a bhfuil sé mar aidhm aici ‘an dochar a bhaint as 1916’ dóibh.
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Citywest


7.00 p.m. FÓRAM: ‘An Timire ag tús an Aonú Aois is Fiche’
IONAD: Svuít ‘Swiftbrook’, Óstán Citywest


7.00 p.m. CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht TG4
IONAD: Lobbaí Óstán Citywest


8.00 p.m. SCLÉIP NA hÓIGE
Ócáid do bhaill na n-ógchlubanna Geilge
IONAD: An Bálsheomra, Óstán Citywest


9.00 p.m. DRÁMA: ‘Stiofán óg Dedalus’
dráma aonair, bunaithe ar shliocht as a’Portrait of the Artist as a young Man’
Aistrithe agus á stiúradh ag Proinn Ó Duigneáin
Aisteoir: Eoin Ó Dubhghaill
arna léiriú ag Splódar
IONAD: Amharclann an Oireachtais’, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest


10.00 p.m. CEOLCHOIRM: Na Casaidigh
Ceiliúradh ar bhanna ceoil teaghlaigh atá i measc na ngrúpaí traidisiúnta is ceolmhaire agus is so-aitheanta sa tír. I nGaoth Dobhair atá a bhfréamhacha ach tá dlúthcheangal acu leis an bpríomhchathair agus dlúthbhaint leis an Oireachtas thar na mblianta. Tá glúin i ndiaidh glúine de cheoltóirí agus d’amhránaithe tagtha chun cinn sa teaghlach anois agus, cé gur ag ceiliúradh a bhfuil bainte amach ag na baill bhunaidh a bheimid, beidh cairde, gaolta agus an iliomad glún de chuid an teaghlaigh rannpháirteach sa cheolchoirm. Ceann de sheoda na féile!
BEO ar TG4
IONAD: Svuít ‘Citywest’, Óstán Citywest


11.00 p.m. CLUB NA FÉILE
Ceoltóirí: Na Ceannabháin Bhána
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

Fág freagra ar 'Imeachtaí Fhéile Oireachtas na Gaeilge Déardaoin'