IMEACHTAÍ – Ceol

Caitheann Tuairisc.ie súil ar scoth na n-imeachtaí ceoil as seo go ceann seachtaine.

 

Mairtín Ó Connor - GAZA ls


Féile na nÓg, 21- 23 Deireadh Fómhair, Halla na Feothanaí, Corca Dhuibhne, Co.Chiarraí. Beidh Comórtais Scéalaíochta, Lúibiní, Comórtais Amhránaíochta i measc na  n-imeachtaí ar chlár Fhéile na nÓg i mbliana. Ócáidí pléisiúrtha a bhíonn ann sna comórtais. Cuirtear an-fháilte roimh mhuintir an cheantair teacht agus tacaíocht a thabhairt do na rannpháirtithe óga. Tuilleadh Eolais: www.oidhreacht.ie/


‘Gig for Gaza’, Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair, ag a 8i.n, Monroe’s Tavern, Cathair na Gaillimhe. Tá Máirtín O’Connor, Dordán, Cora Venus Lunny, ‘Elsafty Armstrong Browne’ agus Enda McCabe i measc na gceoltóirí a rachaidh ar ardán do cheolchoirm mór le haghaidh Gaza. Tá an t-imeacht seo eagraithe ag an ‘Galway/Palestine Children’s Appeal’ agus an ‘Galway Palestine Solidarity Campaign’. Eibhlín Ní Chonghaile, craoltóir raidió de chuid Raidió na Gaeltachta a bheidh ina bean a’ tí ar an oíche. Tá ticéid ar fáil ag an doras nó ar líne fríd monroes.ie. €20 ar an doras.


In my Mind’, Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair, ag a 8.i.n, Ionad Ealaíne Triskel, Teampall Chríost, Baile Átha Cliath. Ceolchoirm aonair le Caoimhín Ó Raghallaigh agus taispeáint scannáin a léiríonn doimhneacht an cheoil thraidisiúnta. Gan ach teilgeoir agus Hardanger d’Amore faoina sciathán aige, téann an ceoltóir Ciarraíoch ar thuras leis an cheol a léiríonn an saibhreas taobh thiar den cheol traidisiúnta.. Ticéid €14/€16 agus ar fáil fríd entertainment.ie. Is imeacht de chuid IMRAM é an ceolchoirm seo.


Ceolchoirm do Gaza, Dé Domhnaigh 19 Deireadh Fómhair, ag 7.30i.n, in Ionad Pobail Chinn Mhara, Cinn Mhara, Co.na Gaillimh. Tá an na hamhránaithe Paddy Casey, Declan O’Rourke, Paddy Casey, Brian Kennedy ag teacht chun stáitse in éineacht le Mark Dingnam do cheolchoirm ar son Gaza. Cuirfear an t-airgead i dtreo Medicine Sans Frontiers, a chuireann cabhair dhaonnúil ar fáil do mhuintir nGaza. Osclófar na doirse ag 6.30i.n.