IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann cúpla lá

plantedbanner


Cúige Uladh


FÉILE: ‘Féile Pan-Ceilteach’, 7-12 Aibreán, Ionaid éagsúla, Cathair Dhoire.

Tá an 44ú Féile Pan Ceilteach faoi lánseol an tseachtain seo i nDoire agus meascán mearaí d’imeachtaí ar siúl thar dheireadh seachtaine a shásóidh idir óg agus aosta. Ceiliúradh ar an gceangal cultúrtha idir na tíortha Ceilteacha atá san fhéile seo, a thugann ceoltóirí, ealaíontóirí agus lucht léinn le chéile ó na Sé Naisiún Cheilteacha; Éire, Alban, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Bhriotáin agus Corn na Breataine. Beidh idir cheolchoirmeacha, léachtaí, cheardlanna agus chomórtais ar siúl le linn chúig lá na féile. Tá an clár iomlán ar fáil ar shuíomh na Cultúrlainne ach seo thíos mo roghasa de bhuaicphointí: https://issuu.com/culturlannuichanain/docs/f__ile_pan_cheilteach

CEOLCHOIRM: Ceolchoirm na gCór’, Dé hAoine 10 Aibreán, 7.30in, Teampall Chríost, Bóthar na hOtharlainne, Doire. Go minic, bíonn teacht le chéile na gCór ar cheann de na himeachtaí is mó tóir i gclár na féile agus ní haon eisceacht ceolchoirm na bliana seo, mar a mbeidh cór as Albain agus Cymru ar cuairt don mhórócáid. Bí ag súil le hamhráin bhreátha, atmaisféar den scoth agus ar láthair ghalánta an tseanséipéil, Teampall Chríost. Cead isteach: £5.00

PARÁID: ‘ Paráid na Náisiún agus Cleamairí Ard Mhacha’, Dé Sathairn 11 Aibreán, 1in, Shipquay Street agus Cearnóg Halla Cathrach, Doire. Taispeántas den saibhreas cultúir atá sna sé náisiún Ceilteach atá sa mhórshiúl seo. Beidh tús áite ag ‘Bhanna Píob Pan Cheilteach’ sa pharáid, slua de phíobairí a bhfuil ionadaithe ó gach tír páirteach ann. In ndiaidh na paráide, beidh Cleamairí Ard Mhaca i gCearnóg Halla na Cathrach agus meascán d’fhilíocht, ceol, amhránaíocht agus eile á gcur i láthair acu. Tuilleadh eolais: https://www.culturlann-doire.ie/ga/content/imeachta%C3%AD?page=1

CEOLCHOIRM agus SEÓ ILMHEÁIN: ‘Escaldàrium – Finscéal tine agus uisce’, Dé Sathairn 11 Aibreán, 9in, Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Seó ilmheáin le ceol beo, scéalaíocht agus íomhánna a dhéanfaidh ceiliúradh ar an ‘Escaldàrium’, féile damhsa agus ceoil a bhíonn ar siúl gach samhradh i mbaile Caldes de Montbui, i mBarcelona. Cead isteach £5.00 Tuilleadh eolais:

DRÁMA: ‘DENIZEN le Dave Duggan, Dé Domhnaigh 11 Aibreán, Teach na Cúirte, An tSrath Bán, Tír Eoghain. Dráma nua-scríofa le Dave Duggan, curtha i láthair ag Diarmuid de Faoite, aisteoir cáiliúil i saol na Gaeilge, a bhfuil aithne anois air mar Chathal Mac Iarnáin sa tsraithdhráma Corp&Anam agus páirteanna eile teilifíse agus stáitse. Dráma i bhfoirm óráide a bhfuil téamaí dorcha ann, arna léiriú ag Hive Studio i gcomhpháirt le Creggan Enterprises Limited. Cead isteach: £10 nó £7. Tuilleadh eolais:

SIÚLÓID: Siúlóid thart ar Chaisleán Dhún Droma, le Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín, Dé Sathairn, an 11 Aibreán, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Tiocfaidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus beidh an grúpa ag cruinniú le chéile taobh amuigh den Halla Óráiste i nDún Droma ag a 10.45rn. Ar Dhomhnach na Cásca, tabharfar aghaidh ar shiúlóid thart ar Loch an tSléibhe i bPáirc Faraoise Chaisleán Uidhilín. Buailfidh an grúpa lena chéile ag a 3in taobh amuigh de Hillyard House fána choinne sin. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.

 

Super-Ceili_

CEOLCHOIRM AGUS CÉILÍ MÓR: ‘Oh What a night le Moxie agus Supercéilí’, Dé Sathairn 11 Aibreán, 8.00in, Ionad Ealaíona Duncairn, Bóthar Aontroma, Béal Feirste. Beidh Moxie le cloisteáil ar ardán Duncairn Dé Sathairn, grúpa de chúigear ceoltóirí óga a mheascán ceol traidisiúnta beoga le cnaguirlisí láidre agus raic ceol. Leanfar le ‘Superceilí’, pósadh idir ‘trad diosco’ agus ‘an céilí mór’. Bí ag súil le ceol traidisiúnta, ceol leictreonach agus go leor daoine a bheith ag boc léimnigh thart. Cead isteach: £15, ticéid ar fáil ón Belfast Welcome Centre nó ar Yapsody.com. Doirse ar oscailt ag a 7.30. Tabhair leat do dheochanna féin.


Cúige Chonnacht


Cian-O-Ciobhain-Press1

OÍCHE CHLUB: ‘The HIVE’, Dé hAoine 10 Aibreán, ag a 11.30i.n, sa Róisín Dubh, Gaillimh. Beidh an aimsir bhreá á ceiliúradh sa Hive Dé hAoine le rogha ceoil Chian Uí Chíobháin agus DJ Cyril Brisceo. Mar is dual don Hive, ‘oíche mhór damhsa’ agus scoth an cheoil leictreonaigh atá geallta. Ina measc siúd a bheas le cloisteáil, beidh rianta le ESG, Soft Cell, Diana Ross, Prefab Sprout, Console, Jake Chudnow, Ata Kak, Lama agus Leda. Tuilleadh eolais: cuardaigh ‘The Hive’ ar Facebook. €5 ar an doras


Cúige Mumhan


SEOLADH ALBAIM: ‘Geantraí, Goltraí’, á seoladh ag Pól Ó Colmáin agus ‘Na Sean Gnóstics’, Dé hAoine 10 Aibréan, Riverside Café, An Sciobairín, Corcaigh. Seolfar album nua a bhfuil bailiúchán d’amhráin Ghaeilge nua-scríofa le Pól Ó Colmáin le cloisteáil agus é i dteannta ‘Na Sean Gnóstics’, grúpa aitheanta ó Chorcaigh. ‘Geantraí, Goltraí’ is teideal dá n-albam agus é ag teacht leis an dá chineál ceoil a chastaí in Éirinn fadó, agus is iad a chloistear anseo fosta. Tá i gceist acu an dara cuid den albam, dar teideal ‘Suantraí’, a sheoladh amach anseo. Beidh baill ‘Na Sean Gnóstics’ Breeda Murphy, Tim Abbott, Liam Kenneally & Murchadh Ó Colmáin ar an ardán chomh maith. Beir leat do chairde. Beidh fíon agus tapas ann agus is féidir albam breá Gaelach a thabhairt na bhaile leat. Tuilleadh eolais:

https://paulocolmain.com/?page_id=1843

SEOLADH ALBAIM: ‘The Tunes Foundry le Áine Heslin, Dé hAoine 10 Aibreán, 8in, Kilshanny House, Cill Seanaigh, An Clár. Fliúiteadóir den scoth í Áine ó Chontae an Chláir, a léiríonn a cumas mar chumadóir ceoil ar an albam nua seo. Bailiúchán de 11 rian, a bhfuil 23 port nua-chumtha le cloisteáil orthu, atá curtha i láthair anseo aici ar an fhliúit. Cloisfear rianta ón albam nua agus amhrán nó dhó ar an oíche le Matt Heslin, fear céile le hÁine. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Aine Heslin Music’ ar Facebook

Paddy Croinin

OÍCHE ÓMÓIS: ‘Handed Down No 8’, In ómós do Paddy Cróinín, á chur i láthair ag Nicky McAuliffe, Dé Sathairn 11 Aibreán, 8-10in, Ionad Cultúrtha Shliabh Luachra, Scairteach an Ghlinne, Ciarraí. B’fhidléir mór le rá é Paddy Ó Cróinín de chuid oirthear Chiarraí a bhain cáil amach dó féin i mBostún, SAM sna caogaidí. Taifeadadh a chuid ceoil ar lipéid mhóra a linne, i mBostún agus in Éirinn agus tá stór mór den cheol sin fágtha ina dhiaidh aige. Baileoidh ceoltóirí Danny O’ Mahony, Con Moynihan, Aidan Connolly, Tim Kerins agus Denis O’Connor le chéile do cheolchoirm in ómós Phaddy Uí Chróinín, a d’éag anuraidh, agus déanfar ceiliúradh ar a shaol agus ar a chuid ceoil.


Cúige Laighean


ciaran-caitlin-1

SEOLADH ALBAIM: Caitlín agus Ciarán’,Whelan’s Live, Sráid Loch Garmáin, Baile Átha Cliath. Ceolchoirm a mbeidh Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh ag casadh rianta óna n-albam nua ann, faoin teideal céanna. Is fada an bheirt cheoltóirí seo ag seinm le chéile. Fidléir cumasach as an cheantar é Ciarán a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige leis an ghrúpa ceoil Fidil. Ceoltóir mór le rá í Caitlín, as Co. na Mí, a chasann an consairtín agus is damhsóir aitheanta chomh maith. Tá Caitlín agus Ciarán ag dul ar camchuairt timpeall na tíre lena n-albam úr faoi láthair. Saorchead isteach Tuilleadh eolais faoin chamchuairt ar fáil: https://caitlin.ie/tour/

LÉACHT: ‘How Ulyssses can change your life’, léacht le Declan Kiberd, Dé Céadaoin 15 Aibreán, The Little Museum, Baile Átha Cliath. Léacht atá á reáchtáil mar chuid de shraith léachtaí lár seachtaine. Má shíleann tú nach n-éireoidh leat mórshaothar James Joyce a léamh, deis atá sa léacht seo duit, eolas a fháil ar a bhfuil le foghlaim ón leabhar agus an dóigh a bhféadfadh sé do shaol a athrú chun maitheasa, más fíor. An tOllamh Declan Kiberd a chuirfeas i láthair í. Tá leabhar scríofa ag Kiberd ar an ábhar ‘Ulysses and Us – The art of everyday living’. Is gá glaoch a chur chun áirithint a fháil mura bhfuil ticéad séasúir agat. +353 1 6611000. Cead isteach: €10

SIAMSA NA n-ÓG: ‘Dhá ghrúpaí tuistí-leanaí i mBaile Átha Cliath’, Dé Sathairn 11 Aibreáin, Beidh dhá grúpa tuistí-leanaí ag bualadh le chéile maidin Dé Sathairn; ceann i Sráid Fhearchair ag a 11rn agus ceann eile i gCroí na Coille, Sean Chill, Baile Átha Cliath ag a 10.30rn. Idir sheanchairde agus chairde nua, bíonn fáilte mhór i gcónaí roimh aon teaghlaigh a bhfuil páistí óga acu atá siad a thógáil trí Ghaeilge.Tuilleadh eolais ó Chóilín nó Marie: 086 8599 0678 nó 086 1023 276 nó coilinocearbhaill@hotmail.com.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'