IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

‘Aon Teanga’ – Ruth Keggin, Eoin Ó Ceannabháin, Mary Ann Kennedy atá ag ceol oíche Dé Sathairn, 27 Meitheamh, ag Féile na Seanbheairice ar an Fhál Carrach, Co. Dún na nGall
‘Aon Teanga’ – Ruth Keggin, Eoin Ó Ceannabháin, Mary Ann Kennedy atá ag ceol oíche Dé Sathairn, 27 Meitheamh, ag Féile na Seanbheairice ar an Fhál Carrach, Co. Dún na nGall

Cúige Chonnacht


Dearadh de chuid an haitéara Edel Ramberg a bheas ar taispeáint anocht i dTigh Standún, An Spidéal
Dearadh de chuid an haitéara Edel Ramberg a bheas ar taispeáint anocht i dTigh Standún, An Spidéal

SEO FAISIN: ‘Seo faisin carthanachta’, á léiriú Tigh Standún, hAoine 26 Meitheamh, 7in, Standún, An Spidéal, Conamara, Gaillimh. Beidh pearsana aitheanta ó cheantar an Spidéil ag tabhairt aghaidh ar an ardán taispeána Tigh Standún anocht, ina measc mainicíní proifisiúnta. Beidh an chuid is fearr d’éadaí faiseanta Standún ar taispeáint le linn na hoíche. Tabharfar aird ar leith d’earraí dearthóirí áitiúla amhail Richard Hughes, a dhéanann spéaclaí gréine, agus an bhean déanta hataí, Edel Ramberg as Gaillimh, a raibh hata dá cuid ar an bhean is fearr gléasta ag rásaí na Gaillimhe anuraidh. Tá an oíche seo á reáchtáil i gcomhpháirt le Positive Mental Health Galway. Ticéid €10 Tuilleadh eolais: Glaoigh ar 086 408 2445

SEOLADH LEABHAIR AGUS CEILIÚRADH: ‘Diabhlaíocht Dé’,  le Micheál Ó Conghaile agus ceiliúradh ar thrí theideal nua ó Dalkey Archive Press’, Dé hAoine, 26 Meitheamh ag 6.00 i.n, Siopa Leabhar Charlie Byrne’s, An tSráid Láir, Gaillimh. Seolfaidh an Dr Louis de Paor an cnuasach nua gearrscéalta ‘Diabhlaíocht Dé’ le Micheál Ó Conghaile, an chéad chnuasach nua do dhaoine fásta le Micheál Ó Conghaile le dhá bhliain déag ó foilsíodh An Fear Nach nDéanann Gáire (Cló Iar-Chonnacht, 2003). Dhá scéal déag atá sa chnuasach seo agus íomhá nuadheartha leis an ealaíontóir Árannach, Seán Ó Flaithearta ag dul le gach scéal.

Beidh ceiliúradh ar thrí theideal nua ó Dalkey Archive Press ag an ócáid freisin. Seolfar na leabhair dhátheangacha The Key / An Eochair le Máirtín Ó Cadhain (aistrithe ag Louis de Paor agus Lochlainn Ó Tuairisg) agus Seachrán Jeaic Sheáin Johnny/Rambling Jack le Micheál Ó Conghaile (aistrithe ag Katherine Duffy) agus ar an leabhar nua Past Habitual le Alf MacLochlainn. Tá fáilte roimh chách chuig an ócáid speisialta seo.

OSCAILT OIFIGIÚIL: ‘Taispeántas Iúil’ le Dara McGee á oscailt go hoifigiúil ag ‘Harry McGee’, Dé hAoine 3 Iúil, 8.30in, Áras Éanna, Inis Oírr, Conamara, Gaillimh. aithne mhaith ar an ealaíontóir Dara McGee, atá lonnaithe i gConamara. D’oibrigh sé mar dhearthóir seit, mar mhaisitheoir, cartúnaí, péintéir radharcra agus mar dhearthóir i scannáin agus i gcláir teilifíse. Mar chuid dá chuid oibre, rinne sé dearadh léiriúcháin ar Cré na Cille agus ainmníodh é mar an dearthóir ab fhearr ag Gradaim Amharclannaíochta na hÉireann dá bharr. Seo é a thríú taispeántas aonair ina bhfuil an phéinteáil agus an líníocht bunaithe ar dhaoine agus ar áiteanna ina dtimpeallacht cois trá i ndeisceart Chonamara. Tuilleadh Eolais: https://www.araseanna.ie/index.php?option=com_rseventspro&layout=show&id=89:dara-mcgee-taispeantas-iuil-july-exhibition&Itemid=371&lang=ga


Cúige Uladh


TEACHT LE CHÉILE: ‘Oíche Airneáin’ hAoine 26 Meitheamh 8.30in, Ostán an Granvue, Bóthar an Chladaigh, Ó Méith, Co.Lú. Oíche chuideachta le Ciorcal Comhrá Ó Méith, áit a mbailíonn cainteoirí Gaeilge an cheantair le chéile. Saor in aisce agus tá fáilte roimh cách! Tuilleadh eolais: 028 30313258/077 3873 8965 nó mici.walsh@newryandmourne.gov.uk

COMÓRTAS AGUS CEILÍ: ‘Corn Cuimhneacháin Éamoinn Ghráinne’ agus ‘Céilí Mór’ le ceol ó Thóraí, Patsy Dan Mac Ruairí, Dé hAoine 26 Meitheamh, 8in, Ostán an Loch Altan, Gort a’ Choirce, Dún na nGall. Cuirfear tús le Féile na Seanbheirice anocht le Comórtas amhránaíochta ar an sean-nós i gcuimhne ar an amhránaí agus ceoltóir iomráiteach, Éamonn Ghráinne Mac Ruairí ó Oileán Thoraí agus an Fhál Carrach. Leanfar le céilí mór ina dhiaidh sin a mbeidh ceol le Patsy Dan Mac Ruairí, Daniel Cullen agus cairde le cluinstin. Tuilleadh eolais; https://www.falcarraghvisitorcentre.com/corn-cuimhneachain-eamoinn-ghrainne-2015?lang=GA

CEOLCHOIRM AGUS DRÁMA: ‘Seacht gCasadh an Rotha’, á chur i láthair ag Conor Ó Gallchóir agus Ceolchoirm ‘Aon Teanga’, Dé Sathairn 27ú Meitheamh 8.00in, An tSean Bheairic, An Fál Carrach, Dún na nGall. Dráma faoi shaol Mhicí Mhic Gabhainn atá sa léiriú seo atá scríofa, léirithe agus curtha i láthair ag Conor Ó Gallachóir. Leanfar le ceolchoirm ‘Aon Teanga’ ina dhiaidh sin, nuair a dhéanfar ceiliúradh ar na naisc chultúrtha idir Alban, Éirinn agus Oileán Mhanainn. Léargas ar shaibhreas amhránaíochta na nGael atá sa cheolchoirm seo a bhfuil amhránaithe móra ó gach traidisiún luaite léi. Ina measc beidh Mary Ann Kennedy scríbhneoir, craoltóir, amhránaí agus ceoltóir iomráiteach de chuid na hAlban a bhíonn ag craoladh ar Raidió na Gaeltachta, Ruth Keggin, amhránaí óg as Oileán Mhanainn agus Eoghan Ó Ceannabháin, amhránaí mór as Conamara. Ticéid €10 (Páistí €5). Tá an oíche seo á reáchtáil mar chuid d’Fhéile na Seanbheairice, ceiliúradh deireadh seachtaine ar shaibhreas cultúrtha na háite.  Tuilleadh eolais faoi anseo: https://www.falcarraghvisitorcentre.com/aon-teanga-un-chengey-one-tongue?lang=GA

LÉIRIÚ CEOIL: ‘The Piper of the Peace Bridge and Apple Orchestra’, Dé Domhnaigh 28 Meitheamh, 12.30-3in, Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Imeacht teaghlaigh a dhéanfaidh scéal chathair Dhoire a insint i bhfoirm ceoil. Iarracht pobail atá san ócáid seo agus cuirfear fáilte roimh óg agus aosta uirlis cheoil agus ‘úll’ a thabhairt leo chun páirt ghníomhach a bheith acu in insint an scéil.  Imeacht saor in aisce atá ann. Tuilleadh eolais: https://www.culturlann-doire.ie/en/content/piper-peace-bridge


Cúige Mumhan


CEARDLANN:  ‘Pleanáil Teanga’ á chur i láthair ag Colm Ó Cinnseala, Dé Céadaoin, 1 Iúil, 18.00 – 21.30 i nGael-Taca, Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh. fáilte roimh mhuintir Chorcaí a bheith i láthair ag ceardlann dírithe ar an phleanáil teanga atá á reáchtáil mar chuid de shraithcheardlanna timpeall na tíre. Rachaidh ábhar na ceardlainne chun tairbhe do dhaoine atá ag plé le cúrsaí Gaeilge i gCLG nó sa phobal i gcoitinne, nó daoine ar mhian leo oiliúint ghairmiúil a fháil sa phleanáil teanga. Is ceardlann saor in aisce í seo, faoi stiúir an Phleanálaí Teanga Colm Ó Cinnseala. Tá an cheardlann oscailte don phobal ach áit a chur in áirithe. Déan teagmháil le Cabríní de Barra ar 058- 24642 / 083 – 4455914 nó cabrini@glornangael.ie

CEOLCHOIRM:  ‘Nuala Hehir, Yvonne Griffin, Shane Green & Deirdre Scanlan,Dé Céadaoin 24 Meitheamh, 1-2in, Músaem an Chláir, Inis, Co. an Chláir. Ó bhí 2005 ann, tá an tsraith ceolchoirmeacha seo, dar teideal ‘Saibhreas an Chláir’ á reáchtáil an t-am seo den bhliain i mbaile Inis, Co. an Chláir. Ceolchoirmeacha am lóin is ea iad a thugann ardán do cheoltóirí aitheanta agus áitiúla de chuid an chontae. Tugaigí cluas éisteachta de chuid dá raibh le cloisteáil ag ceolchoirm le Edel Fox, Neill Byrne, Edel Fox, Tommy Fitzharris agus Colm O’Caoimh (https://www.youtube.com/watch?v=q4T-1R14DU0) a bhí ar siúl ar an 17 Meitheamh i Músaem an Chláir. Tuilleadh eolais anseo

CÉILÍ: ‘Céilí by the Lee’, gach Máirt, 9i.n, Club Cruicéid Co. Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Beidh an céilí is fearr sa chúige ar siúl gach Máirt le linn an tsamhraidh as seo amach. Tá seo ag uimhir a haon ar liosta na n-imeachtaí i gCorcaigh ag Tripadvisor agus tá ag éirí leis an imeacht fuinniúil seo na sluaite a tharraingt amach ag damhsa. Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Ní go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna; beidh an MC ann chun na rannpháirtithe a stiúradh. Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Laighean


CRUINNIÚ POIBLÍ: ‘Feachtasaíocht Radacach: inné agus inniu’, Dé Máirt 30 Meitheamh, 7in, Club Na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath. an grúpa Misneach ag eagrú cruinniú poiblí Máirt seo chugainn chun modhanna feachtasaíochta radacacha a chíoradh. I measc na n-aoichainteoirí, beidh an t-iriseoir Eoin Ó Murchú ag labhairt ar a thaithí i Misneach sna seascaidí, chomh maith le feachtais eile a raibh baint aige leo. Déanfaidh an gníomhaí teanga an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh píosa caine faoina thaithí féin i mBéal Feirste agus beidh Aindriú de Buitléir ó Mhuineacháin, ar dhalta é i gColáiste Oiriall, ag caint ar eachtra inár cuireadh bac ar scata daltaí dul ar agóid nuair a tháinig an Taoiseach Enda Kenny ar cuairt chun na scoile. Tuilleadh eolais anseo. https://www.facebook.com/events/530752913740668/

Seo-Linn1

CEOLCHOIRM SRÁIDE: ‘Seo Linn Vrs Kickstarter’, Dé Sathairn 27 Meitheamh, Sráid Grafton, Cathair Bhaile Átha Cliath. mór atá geallta san ardchathair ag an deireadh seachtaine le Seo Linn, a bheas i mbun ceoil ar Shráid Grafton óna 11rn. Gan ach seachtain le dul dá bhfeachtas Kickstarter (https://tuairisc.ie/fisean-e50000-ag-teastail-o-seo-linn-da-dtogra-kickstarter/), Seo Linn ag súil le slua mór a bheith i láthair chun tacú leo. Tuilleadh eolais anseo: https://www.facebook.com/events/660803720720791/

NO REPO FEE The Cairde na Cruite annual Harp Festival, An Chúirt Chruitireachta will take place from 29 June to 4 July 2008 at An Grianán, Termonfeckin, Co. Louth.  This residential harp festival has been running for 23 years and we are looking forward to yet another world class event in 2008. The festival is a celebration of the Irish Harp and the harping tradition in Ireland.  It also provides links with other harping traditions, specifically the Breton tradition in 2008.  The festival consists of tuition sessions for the harpers with internationally renowned harpers including Maire Ni Chathasaigh, and a Sean Nós singer-in-residence Seosaimhín Ní Bheaglaoich, The event also features a series of evening concerts featuring musicians / ensembles including amongst others: Siobhán Armstrong, Liadán, Dordán, Cormac de Barra, Noel Hill and Seosaimhín Ní Bheaglaoich. The opening concert on 29th June will take place in Beaulieu House, Termonfeckin, Co. Louth. All other concerts will be held in An Grianán, Arts Centre, Termonfeckin, Co. Louth.  Workshops for 2008 explore the potential of the Irish harp and its role in instrumental and singing traditions of Ireland, Brittany, Denmark and Wales with workshop leaders: •Máire Ní Chathasaigh ( Ireland) •Anne Postic (Brittany) •Helen Davies and Poul Hoexbro ( Denmark) •Cormac Cannon and Brian McNamara ( Uilleann Pipes, Ireland ) and  •Sean-nós singer, Seosaimhín Ní Bheaglaoich (Ireland) Photo: Newsfile/Fran Caffrey NO REPO FEE

FÉILE: An Chuairt Chruitireachta, Dé Domhnaigh 28 Meitheamh- 3 Iúil, An Grianán, Tearmann Feichín, Co. Lú. Baileoidh cruitirí idir óg agus aosta i dTearmann Feichín chun ceiliúradh a dhéanamh ar cheol na cruite. I mbliana, tá An Chuairt Chruitireachta 30 bliain ar an fhód agus tá scoth an chláir curtha i dtoll a chéile. Anuas ar na ranganna laethúla, beidh ceolchoirmeacha gach oíche le mórchruitirí na linne amhail Máire Ní Chathasaigh, Gráinne Hambly, Cormac De Barra, Kathleen Loughlane, Moya Breanann, Michael Rooney, June McCormack, Zoe Conway, Seosaimhín Ní Bheaglaoich, Arty McGlynn agus go leor eile. Cuirfear tús leis an chéad cheolchoirm ‘Fáilte ‘s Fiche’ oíche Dé Domhnaigh 28 Meitheamh a mbeidh an cruitire Tríona Marshall i mbun ceoil agus á tionlacan ag Tim Edey. Tuilleadh eolais: https://www.cairdenacruite.com/festival.html


Timpeall na Tíre


GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

COMÓRTAS LITRÍOCHTA: ‘Comórtas Gearrscéalta Imram’, Timpeall na Tíre, Dé Máirt 30 Meitheamh an spriocdháta. comórtas gearrscéalta á reáchtáil ag Books Ireland, i gcomhpháirt le Féile Imram. Tá ar oscailt do scríbhneoirí atá ag scríobh i nGaeilge agus níl srian ann maidir le hábhar, téama nó stíl an phíosa. Tá uasteorainn 2,600 focal i gceist agus cuirfear an saothar a mbronnfar duais air i gcló in eagrán de Books Ireland. Cathal Póirtéir a bheas mar mholtóir ar an chómórtas.

An Chéad Duais: €400 agus áit i gceardlann Scríbhneoireachta Imram. Cuirfear an scéal i gcló in eagrán de Books Ireland.

Duais €200

Duais €100

Is féidir an fhoirm iontrála don chomórtas a íoslódáil anseo

Más maith leat d’iarratas a chur isteach go leictreonach, cuir an scéal agus an fhoirm iarratais go caoimhe@booksirelandmagazine.com. Is féidir íocaíocht a shocrú ar an ghuthán, le sonraí chárta creidmheasa ar an fhoirm iarratas nó trí PayPal.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'