IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Aodán Ó Ceallaigh, Cathal Quinn, Síle Denvir agus Eamonn Galldubh
Aodán Ó Ceallaigh, Cathal Quinn, Síle Denvir agus Éamonn Galldubh. Pictiúr: Marc O’Sullivan

Cúige Laighean

SEÓ CEOIL AGUS FILÍOCHTA: ‘Teanga an Ghrá’ – 1000 bliain de Ghrá Gaelach, á chur i láthair ag ‘Guthanna Binne Síoraí’, le hÉamonn Galldubh, Síle Denvir, Aodán Ó Ceallaigh agus Cathal Quinn , 11- 16 Bealtaine, 7.30in, New Theatre, Baile Átha Cliath. Seo nua, faoi stiúir Tristan Rosenstock, a tharraingíonn le chéile an píobaire Éamonn Galldubh, amhránaithe ar an sean-nós, Síle Denvir agus Aodán Ó Ceallaigh, agus an t-aisteoir Cathal Quinn. Seó beo ilmheán é seo a dhéanann cíoradh ar chomharthaí sóirt an ghrá sa traidisiún Gaelach sa lá inniu agus i bhfad siar. Cuirtear scéal grá i láthair le seanamhráin chlasaiceacha taobh leis an nuafhilíocht, nuacheol taobh le sean-nós. Déantar scagadh ar théamaí mar briseadh croí, an brón agus an tréigean. Gealltar oíche nach ligfear i ndearmad go furasta. Cead isteach: €15/€12 Tuilleadh eolais anseo.

Ceolchoirm: ‘Luke Cheevers, Niamh Parsons, Francy Devine, Tony McGaley, Tom Finn, Eugene Mac Eldowney agus Anne Buckley’, á chur i láthair ag an ‘Bird Song Project’, Dé Céadaoin 13 Bealtaine, An Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Amhránaithe Bhaile Átha Cliath a bheas i mbun ceoil Dé Céadaoin, mar chuid de shraith ceolchoirmeacha a dhíreoidh ar amhráin Ghaeilge agus Bhéarla sa traidisiún amhránaíochta a bhaineann le héin. Cuirfear cúig cheolchoirm ar siúl san iomlán sna ceithre chúige le linn na Bealtaine mar chuid den tionscadal seo. Cead isteach: €5.00 Tuilleamh eolais: anseo 

Alex Hijmans
Alex Hijmans

CEARDLANN FICSIN: ‘Ó Leathanach Bán go Leathanach Lán’ le Alex Hijmans, Dé Sathairn, 16 Bealtaine, 10-30 – 4.30, Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Cearnóg  Pharnell, BÁC 1. Reáchtálfar diancheardlann Dé Sathairn seo chugainn leis an scríbhneoir ficsin agus neamhfhicsin é Alex Hijmans ón Ísiltír, ar colúnaí é le Tuairsic.ie. Díreofar sa cheardlann lae seo ar scileanna na ceirde a thabhairt do rannpháirtithe, ar aimsiú agus forbairt scéalta agus pléifear próiseas na heagarthóireachta. Roinnfear cleachtais phraiticiúla leis na rannpháirtithe a spreagfaidh i mbun pinn iad agus a chuirfidh ar a gcumas cosán an scríbhneora a shiúl leo féin. Is féidir clárú don cheardlann anois. Costas na Ceardlainne: €60 Tuilleadh eolais Anseo.

LÉACHT AGUS CEOL:  Notes and Narratives  ‘The Seerys and O’Brien’s – an Extraordinary Family Musical Tradition’, le Eileen O’Brien, Dé hAoine 15 Márta, ag a 8.30in, Na Píobairí Uilleann, 15 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Sa chaint seo beidh an fidléir aitheanta Eileen O’Brien ag díriú ar an lorg a d’fhág a muintir ar an cheol, ar thaobh a máthar agus a hathar. Is cumadóir agus ceoltóir mór é athair Eileen – Paddy O’Brien, fear a raibh lámh aige i bhforbairt na stíle ‘B/C’ ar an bhocsa ceoil, stíl atá le chloisteáil i measc bocsadóirí sa lá inniu. Ba dhuine de mhuintir Seery ó Bhaile Átha Cliath máthair Eileen, teaghlach a bhí gníomhach i mbunadh Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Sraith léachtaí atá in ‘Notes and Narratives’ bunaithe ar cheol beo, amhráin agus damhsa, curtha i láthair ag ceoltóirí, ealaíontóirí agus rinceoirí aitheanta. Cead isteach: €10/€5 Mura féidir a bheith i láthair, caith súil ar an sruthú beo ar https://pipers.ie/npu-tv/


Cúige Chonnacht

Walter Maken
Walter Maken

CAINT AGUS SCANNÁN: ‘Comóradh Céad Bliain Walter Maken’, Dé Máirt 12 Bealtaine, Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh. Rugadh Uaitéar Ó Maicín, duine de na scríbhneoirí ba cháiliúla i nGaillimh, 100 bliain ó mhí na Bealtaine seo. Tá sraith imeachtaí á reáchtáil ag an Taibhdhearc, agus timpeall na Gaillimhe, chun a Chomóradh Céad Bliain a cheiliúradh. Sa chaint seo, tabharfar léargas ar shaol an scríbhneora, curtha i láthair ag a mhac Ultán. Taispeánfar scannán faisnéise, a craoladh an chéad uair ar RTÉ sa bhliain 1988 i ndiaidh na cainte. Tuilleadh eolais anseo

SCÉALAÍOCHT AGUS SPRAOI DO PHÁISTÍ: ‘An Gandal agus an Tobar’ – Scéalaíocht le Diarmaid De Faoite, Dé Sathairn 9 Bealtaine, 3-4.30in, Comhar Chuigéal, Leitir Mealláin, Conamara, Gaillimh. Scéal é seo faoi ghandal dána a chastar cailín óg air ag an tobar – curtha i láthair ag Diarmaid de Faoite. Imeacht lán-Ghaeilge í seo do pháistí agus tuismitheoirí atá á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta mar chuid de chlár ‘Siamsán na nÓg’. Saorchead isteach do bhaill agus €10 do bhallraíocht bhliantúil. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Tuismitheoirí Na Gaeltachta-Conamara’ ar Facebook


Cúige Mumhan

Danny Diamond Fiddle Fair

FÉILE FIDLÉIREACHTA: ‘Baltimore Fiddle Fair’, 9-10 Bealtaine. Dún na Séad, Iarthar Chorcaigh. Más fidléir thú, nó spéis agat i gceol na fidle, b’fhiú duit aghaidh a thabhairt ó dheas an deireadh seachtaine seo d’fhéile fidléireachta Baltimore. Féasta na fidle a tharraingíonn an chuid is fearr d’fhidléirí na tíre chuige – chomh maith le ceoltóirí aitheanta ón domhan mór. Anocht, tá saroíche cheoil geallta ar ardán an Marque leis na hAlbanaigh Julie Fowlis agus Duncan Chisholm agus beidh fidléirí Shane Cook as Ontario agus Troy MacGillivray as Nova Scotia i mbun ceoil chomh maith. Tá Troy aitheanta ar dhuine de na fidléirí ‘oldtime’ is fearr dá bhfuil ann. Oíche Dé Sathairn, beidh ceolchoirm leis an díséad Danny Diamond agus Aki, a bhfuil sáralbam eisithe acu le chéile. Meascán de cheol Gaelach, ceol na hApaláiseacha agus ceol de chuid na tíortha Nordacha a bheas i gceist. An oíche chéanna, beidh cumadóir agus amhránaí Oregon Peter Broderick i dteannta réalta Dhún Dealgán Zoe Conway agus iad á dtionlacan ag John McIntyre. Dé Domhnaigh ansin, cuirfidh Gerry O’ Connor & Gilles Le Bigot críoch lena gcamchuairt timpeall na tíre le ceolchoirm am lóin agus beidh Liam O’ Connor agus Sean McKeon i mbun ceolchoirm sa Marque an oíche chéanna. Tuilleadh eolais anseo. 

CEOLCHOIRM: ‘Caitlín agus Ciarán’, Dé hAoine 8 Bealtaine, 8.30in, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhuirne, Baile Mhuirne, Corcaigh. Is fada an bheirt cheoltóirí seo ag seinm le chéile. Fidléir cumasach as Gaoth Dobhair, Tír Chonaill a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige leis an ghrúpa ceoil Fidil. Ceoltóir mór le rá í Caitlín, as Co. na Mí, a chasann an consairtín agus is damhsóir aitheanta í chomh maith. Saorchead isteach. Sároíche ceoil agus damhsa atá geallta. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Uladh

Julie Fowlis

CEOLCHOIRM: ‘Julie Fowlis, Dermot Byrne agus Dermot McLaughlin’, Dé Domhnaigh 10 Bealtaine, 8in, Ionad Duncairn, Bóthar Antroime, Béal Feirste. Ó Chorcaigh go Béal Feirste, beidh turas fada ó thuaidh le déanamh ag an triúr ceoltóirí iomráiteacha seo atá ar fad luaite i gclár Fhéile Fidléireachta Dhún na Séad, atá ar siúl an deireadh seachtaine seo. Díoladh amach an cheolchoirm. Dermot Byrne agus Dermot McLoughlin is cúis leis sin, beirt a chuireann an-dúil i gceol na na hAlban. Nach maith an rud é mar sin gurb í an tAlbanach álainn Julie Fowlis a bheas i mbun ceoil leo. Tabhair leat do dheoch féin. Cead isteach: £8 Tuilleadh eolais anseo

Ceolchoirm: ‘Brigid Tunney, John Tunney, Jim Mac Farland, Jackie Boyce, Grace Toland, Rita Gallagher and Maurice Leyden’, á chur i láthair ag an ‘Bird Song Project, Dé Sathairn 9 Bealtaine, 8in, Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Beidh amhránaithe ó chuile chearn de chúige Uladh ag ceol i nDoire Dé Sathairn mar chuid de shraith ceolchoirmeacha a dhíríonn ar amhráin sa traidisiún amhránaíochta a bhaineann le héin. Cuirfear cúig cheolchoirm san iomlán ar siúl sna ceithre chúige le linn na Bealtaine mar chuid den tionscadal eo. Cead isteach: £4.00 Tuilleadh eolais anseo

Timpeall na Tíre

CAMCHUAIRT NÁISIÚNTA: ‘Ré’ i dteannta ‘Tunes in the Church’, 1-17 Bealtaine. Beidh ceoltóirí i mbun ceoil in Ionad Ealaíona Triskel gCorcaigh anocht, an chéad cheann de dhornán ceolchoirmeacha a thabharfaidh mórcheoltóirí traidisiúnta chuig séipéil éagsúla timpeall na tíre. Grúpa é a d’eascair ó Rian, fiontar ceoil agus damhsa. Liam Ó Maonlaí (Pianó agus guth), Cormac Ó Beaglaoich (Consairtín), Eithne Ní Chatháin (Fidil agus Guth), Maitiú Ó Caiside (Píoba Uillinne) agus Peter O’Toole (Olldord) atá taobh thiar de Ré. Más maith leat blaiseadh a fháil den cheol a bheas le cloisteáil acu. Tabhair cluas dá gcéad albam (faoin teideal céanna), a taifeadadh i Séipéal San Nicólas i nGaillimh, áit a mbíonn ceolchoirmeacha an tsamhraidh ‘Tunes in the Church’ ar siúl. Tuilleadh eolais: Facebook

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'