IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Sea-road-sessions


Cúige Chonnacht


Boicini-0033DRÁMA: ‘Boicíní Bhóthar Kilburn’, á léiriú ag Aisteoirí an Spidéil, Dé Sathairn 10 Eanáir, 8.00in, Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh. Leagan Gaeilge le Mícheál Ó Conghaile den dráma ‘The Kings of Kilburn High Road’. Léargas ar scéal na deoraíochtaí a dhíríonn ar sheisear as Conamara a chuaigh ar imirce go Londain i lár na seachtóidí. Castar cúigear acu lena chéile arís cúig bliana fichead ina dhiaidh sin ag sochraid an séú duine agus is léir go bhfuil cosán éagsúil saoil tugtha air féin ag chuile dhuine acu idir an dá linn. Trí ghreann agus tragóid, tugann an dráma cumhachtach seo léargas ar scéal na deoraíochta agus ar an athrú a tháinig ar shaol daoine a thug aghaidh ar an mbád bán. Cead isteach: £12/£10 Tuilleadh eolais: Pauline Nic Con Aonaigh: 0879583354 nó Máire Ní Neachtain: 086 2732279 (Léirmheas ar fáil: https://tuairisc.ie/boicini-bhothar-kilburn/)

DRÁMA: ‘Mar a chéile muid’, Dé hAoine, 9 Eanáir, 8.00i.n, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna Co. na Gaillimhe. Dráma grinn de chuid Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha á léiriú ag Ciarán Ó Flatharta agus cóirithe le haghaidh an stáitse ag Cumann Drámaíochta Chaorán Aodh, Leitir Mealláin. Cead isteach: €12/€8/€6

Cian-O-Ciobhain-PressOÍCHE CHLUB: ‘The Hive – Dea-rún na Bliana Úire’, Dé hAoine 9 Eanáir, 11.30in-2.30rn, Róisín Dubh, Gaillimh. Cé go bhfuil an chuid is mó againn ag caint ar dhea-rúin a bhaineann le heaspa bia agus tuilleadh aclaíochta, tá ár gcomhradaithe ceoil Cian ó Ciobháin agus Cyril Briscoe ag díriú ar scoth na hoíche a reáchtáil ar a mbeidh buillí láidre, technó, dord, iar-phuc agus discó ina gcuid lárnach di. Cead isteach €5.00 Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘The Hive – New Year Resolution’ ar Facebook.

OÍCHE CHEOIL: ‘O2’ le Will Softly agus Dave Mooney, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tá dea-chlú bainte amach ag an gclub anois mar cheann de na háiteanna le haghaidh oíche amuigh is fearr i nGaillimh faoi láthair. Bíonn DJ Tí Oa2, Will Softly agus a chuid aíonna ag casadh ceoil den scoth ó funk, hip-hop agus buillí domhanda.


Cúige Mumhan


CEOLCHOIRM: ‘Sea Road Sessions’, Dé Sathairn 10 Eanáir, 8.00in, Glór, Inis, Co. an Chláir. Oíche cheoil ó bhuíon úrnua a nascann scoth an cheoil thraidisiúnta ón tSualainn, ó Albain agus ó Éirinn. Teacht le chéile na ndíséad atá sa cheolchoirm seo. Tá an seisear ceoltóirí aitheanta ar ar an chuid is fearr de cheoltóirí traidisiúnta ina dtíortha féin. Aon seans a fhaigheann tú deis Steph Geremia a chluinstin, tapaigh í. In éineacht léi, beidh Kris Drever, Alan Kelly, Ian Carr, Éamonn Coyne, Steph Geremia, Staffan Lindors. Cead isteach: €15 Tuillleadh eolais: www.glor.ie/events#e713

9 Eanáir        Wexford Arts Centre, Loch Garman;

10 Eanáir       Glór, Co. an Chláir;

11 Eanáir       Hawk’s Well Theatre, Sligeach;

13 Eanáir        An Grianán, Dún na nGall;

14 Eanáir        The Docks Arts Centre, Liatrom;

15 Eanáir        Coughlan’s Live, Corcaigh;

16 Eanáir        Riverbank Arts Centre, Cill Dara;

17 Eanáir             The Black Box, Béal Feirste

CEOLCHOIRM: ‘Niamh Phelan agus Bryan Walsh’, Déardaoin 15 Eanáir, 8.30in, Mill Bar, Droichead Abhann Ó gCearnaigh, Co. an Chláir. Is leis an cheolchoirm seo a chuirfear tús le Féile Cheoil Gheimhridh ‘Shannonside’. 70 imeacht thar hceithre lá na féile idir cheolchoirmeacha, sheisiúin, fhilíocht agus damsa. Is minic an focal ‘éagsúlacht’ luaite le Shannonside agus thuigfeá cén fáth. Deich seanrá ceoil ar fad atá léirithe sa chlár i mbliana, idir cheol traidisiúnta, cheol domhanda agus cheol claisiceach. Is ar thalamh áitiúil atá an chéad cheolchoirm dírithe le Niamh Phelan, fidléir agus amhránaí atá ag cothú ainm di féin sna clubanna ‘folk’. Céad isteach: €10.00 Tuilleadh eolais: https://www.wmw.ie/Lineup.html 


Cúige Uladh


CLUB FOLK: ‘Sean Tyrrell’ sa Sunflower Folk Club, Déardaoin 15 Eanáir, 8.00in, Sráid an Bhardais, Béal Feirste. Amhránaí ón iarthar é seo a bhí páirteach i saol an cheoil tuaithe Gaelaigh sheinntí i San Francisco le linn na seascaidí. Is mó fás agus forbairt atá tagtha ar a chuid ceoil ó shin agus is amhlaidh atá maisiú déanta ar na taifeadtaí atá déanta aige ó shin. B’fhiú é a fheiceáil sa Sunflower, áit ar féidir an ceol a chloisteáil go han-mhaith agus han-soiléir i gcónaí.  Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Sunflower Folk Club’ ar Facebook.

GRÚPA SIÚLÓIDE: ‘Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín’ ag déanamh siúlóide thart faoi Bhaile an Locha an tseachtain seo, Dé Sathairn, an 10 Eanáir, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fail má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bóthar Áth Bhriain. Má tá sé ag cur fearthainne beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo, stiúraithe ag Aodhán Ó Rathailligh. Tuilleadh eolais: Glór Uachtair Tíre 028 4377 0331   

CEARDLANN DO PHÁISTÍ: ‘Ceardlanna Ceardaíochta agus Ealaíne’, Dé Céadaoin 14 Eanáir, 5-6 Ionad Naomh Pádraig Dobhar, An Bun Beag, Dún na nGall. Tá tús maith curtha ag muintir an Bhun Bhig agus ullmhúcháin faoi lan seoil do Pharáid Fhéile Naomh Pádraig i mí an Mhárta. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le ionadnp@eircom.net nó glaoigh ar 00353 (0) 74 9532949


Cúige Laighean


TAISPEÁNTAS: ‘Lár Tíre’, taispeántas Ilmheánach leis an ealaíontóir Pamela de Brí, 9 Eanáir – 24 Bealtaine, 2015, Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1987, chaith Ann Mustoe a post múinteoireachta san aer agus thug sí faoi thuras timpeall na cruinne ar rothar. Seo an tríú taispeántas den tionscadal ‘Lár Tíre’, a d’eascair as turas rothaíochta a rinne an t-ealaíontóir, Pamela de Brí, spreagtha ag Ann Mustoe, a thug í ar bhealach an tsean-iarnróid Midland Great Western (MGWR) mar a bhí. Is taispeántas dátheangach, ilmheánach de ghriangraif, de leabhair nótaí, léarscáileanna, ghearrthóga fuaime, dhealbhóireacht agus fhíseán é Midland – Lár Tíre. Tuilleadh eolais: www.cucuart.com                          

CEOL AGUS FILÍOCHT: ‘Therapy Sessions’, Dé hAoine 9 Eanáir, Workmans Club, Baile Átha Cliath. Teacht le chéile idir cheoltóirí agus fhilí. Ócáid de chuid ‘First Fortnight’ atá anseo, féile a dhíríonn aird ar chúrsa meabhairshláinte trí imeachtaí éagsúla a reáchtáil fá chathair Bhaile Átha Chliath le linn an chéad coicíse den bhliain. Tá The Lost brothers, Lethal Dialect agus Bairbre Anne, Andy Craven Griffiths, Sean Lyons agus Alvy Carragher i measc na gceoltóirí agus na bhfilí a bheidh le cluinstin ar an oíche.  Tuilleadh Eolais: https://firstfortnight.ie/


Timpeall na Tíre


GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, má tá tú ag foghlaim nó más cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar cnag.ie.

CÚIGE ULADH 

Ceolchoirm: ‘Usher Island’ le Andy Irvine, Donal Lunny, Mike McGoldrick, Paddy Glackin agus John Doyel, Dé Sathairn 10 Eanáir, 8in, Regional Cultural Centre, Litir Ceanainn, Dún na nGall. An chéad cheolchoirm beo leis an ollghrúpa nua sula dtabharfaidh siad faoina gcéad cheann oifigiúil in Albain ag Celtic Connections ar an tseachtain seo chugainn. Tá an cheolchoirm speisialta seo á reáchtáil mar chuid de ‘Letterkenny Trad Week’. Cead isteach: €18 Tuilleadh eolais: https://regionalculturalcentre.com/ushers-island/

CEOLCHOIRM: ‘Sea Road Sessions’, Dé Máirt 13 Eanáir, 8.00in, An Grianán, Litir Ceanainn, Cún na nGall. Oíche cheoil ó bhuíon úrnua a nascann scoth an cheoil thraidisiúnta ón tSualainn, ó Albain agus ó Éirinn. Teacht le chéile na ndíséad atá sa cheolchoirm seo. Tá an seisear ceoltóirí aitheanta ar an chuid is fearr de cheoltóirí traidisiúnta ina dtíortha féin. Aon seans a fhaigheann tú deis Steph Geremia a chluinstin, tapaigh í. In éineacht léi, beidh Kris Drever, Alan Kelly, Ian Carr, Éamonn Coyne, Steph Geremia, Staffan Lindors. Cead isteach: €18/€15 nó €60 do cheathrar. Tuillleadh eolais:  https://www.angrianan.com/event/sea-road-sessions/