IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

gerry_009

Cúige Uladh

TAISPEÁNTAS: ‘Línte Fánacha’ le Gearóid Mac Lochlainn, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. An chéad taispeántas leis an fhile Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn, a bhfuil clú idirnáisiúnta air as feabhas a chuid filíochta. Sraith de phortráidí atá sa taispeántas seo, a rinneadh le dúch agus dobhar dathanna in ómós daoine óna cheantar dúchais a chuaigh i bhfeidhm air agus daoine a bhí mar ábhar inspioráide aige agus é ag taisteal. I measc na bportráidí atá ann, tá cinn de na filí Pádraic Fiacc agus Seosamh Ó hÉanaí agus ceoltóirí ar nós Led Billí agus Lucille Bogan. Beidh ‘Línte Fánacha’ ar taispeáint go dtí an 23 Aibreán Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/event.php?e=314&lang=ga#sthash.BW5QcZd2.dpuf

CEARDLANN agus OÍCHE AIRNEÁIN: ‘Ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós’, faoi stiúir Claire Nic Ruairí, Dé Sathairn 14 Márta, 11.30rn-1.30in, agus Oíche Airneáin, 8in, An tSeanbheiric, An Fhál Charrach, Co. Dún na nGall. Tiocfaidh deireadh leis an tsraith ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós le ceardlann maidine agus oíche amhránaíochta an oíche chéanna. Beidh Claire i mbun amhránaíochta le hamhránaithe áitiúla ag oíche airneáin na míosa. Tuilleadh eolais https://www.falcarraghvisitorcentre.com/ nó 074 9180655 Táille: €6 an rang agus saorchead isteach d’imeacht na hoíche.

FÉILE: ‘Féile an Earraigh’ 14-17 Márta, gach oíche 8in, Ionaid éagsúla, Béal Feirste. Beidh idir cheolchoirmeacha, shiúlóidí treoraithe agus chainteanna mar chuid d’imeachtaí an earraigh atá á reáchtáil ag ‘Féile an Phobail’. I measc na mbuaicphointí i mbliana, tá sraith ceolchoirmeacha ar siúl i marquee na féile suite in Writer’s Square, i lár na cathrach. Dé Sathairn, beidh amhránaí aitheanta ón Mhullach Bán in Ard Mhaca, Ruairí Cunanne, ar an ardán roimh Lumiere agus beidh Bréag, banna reigé Bhéal Feirste ag casadh i dteannta ‘The Pogues’ Dé Máirt 16 Márta. Cuirfear tús le gach ceolchoirm ag a 8in agus tá £10 ar thicéad. Tuilleadh eolais: www.feilebelfast.com

SEOLADH TAISPEÁNTAIS: ‘Bertha Russell Geddes: The Unlikely Gael’, Dé Máirt 17 Márta, 1-4in, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Seolfar taispeántas ar Lá Fhéile Pádraig sa Chultúrlann a thugann léargas ar shaol Bertha Russell Geddes, bean a rugadh sa bhliain 1905. Ba de theaghlach seanbhunaithe cráifeach Preispitéireach as tuaisceart an Dúin í a d’fhoghlaim Gaeilge thar thréimhse blianta. Agus í ag teagasc ar bhunscoil Shráid Percy ar an tSeanchill, ba ghnách le Bertha siúl anonn chuig an Ardscoil ag bun Bhóthar na bhFál le freastal ar ranganna Gaeilge agus chaitheadh sí laethanta an tsamhraidh i nGaeltacht Rann na Feirste. Ba mhinic a d’inis sí scéalta faoi “cruinnithe rúnda” ag Gaeilgeoirí i gcúlshiopaí Bhóthar Bhaile Nua na hArda agus chuir sí ciorcal Gaeilge ar bun in Ard Mhic Nasca arb ann dó go dtí an lá inniu.

Nuair a fógraíodh sos cogaidh an IRA, d’iarr sí go dtabharfaí caol díreach chun na Cultúrlainne í le go labhródh sí Gaeilge le cách. Beidh fíon agus sólaistí bia ar fáil agus leanfar le seisiúin ceoil i ndiaidh píosa cainte le Dermot Hughes, mac le Bertha, a chur an taispeántas le chéile. Ar taispeáint go dtí 24ú Márta.

https://www.culturlann.ie/event.php?e=309&lang=ga#sthash.zUqe6EDc.dpuf


Cúige Chonnacht

SEISIÚN: ‘Mary Bergin, Tony Linnane agus Alec Finn’, Dé Sathairn 14 Márta, Club Aras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tiocfaidh máistrí i saol an cheoil thraidisiúnta le chéile i gClub Áras na nGael Dé Sathairn. Banríon na feadóige in éineacht scoth na fidléire Tony Linnane as Co. an Chláir agus á dtionlacan ag an ghiotaraí mór le rá Alec Finn. Tá sarthaifeadtaí déanta ag an triúr seo ó aimsir na seachtóidí agus iad aitheanta ar an chuid is fearr de cheoltóirí na tíre. Tuilleadh eolais: Cuardaigh  ‘Áras na nGael’ ar Facebook.

Grianna15-0058

SEÓ AONAIR agus CEOL: ‘Idir dhá cheann na hImní’ le Noel Ó Gallchóir – saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna, Dé hAoine 13 Márta, ag a 7.30in-9.30in, Club na Múinteoirí, Cearnóg Parnell Thiar, Baile Átha Cliath. Dráma aon fhir bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Ghrianna (1900-1990), an t-údar mór le rá as Rann na Feirste a scríobh An Druma Mór, An Grá agus an Ghruaim, Mo Bhealach Féin agus go leor eile. Dráma é seo a scríobh Noel Ó Gallchóir. Is é a chuireann i láthair é fosta. Leanfar le ceol agus filíocht le hamhránaithe aitheanta ó Thír Chonaill, ina measc, Lillis Ó Laoire, Cathal ‘Banjo’ Ó Curráin agus an t-aisteoir Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, a bheas i mbun léamha. Ócáid bhríomhar thaitneamhach a bheas ann le ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas cultúrtha agus liteartha Thír Chonaill. Cead isteach: €10.00 Tuilleadh eolais: www.antaibhdhearc.com

Stations of the cross

SCANNÁN: ‘Stations of The Cross’, Déardaoin 19 Márta, 8in, Seanscoil Sailearna, Conamara, Gaillimh. Scéal faoi chailín óg sna luath déaga a bhfuil sí féin agus a mhuintir bainte le seict choimeádach Chaitliceach. Déanann sí a míle dícheall fanacht dílis do phrionsabail an ghrúpa seo agus a máthair, ar fanaiceach í, a shásamh. Cead isteach €8/€7 an scannán nó €30/€25 ar bhallraíocht don chlub – 10 scannán sa séasúr. Tuilleadh eolais: https://clubscannan.ie/ga/seasur-an-earraigh-2015/the-way-he-looks


Cúige Laighean

Andrias de Staic

OÍCHE DO NA GAEIL: ‘Club Fonn’, Dé Domhnaigh 15 Márta,8in, Workman’s Club, Baile Átha Cliath. Baileoidh Gaeil na hardcathrach le chéile d’oíche shiamsaíochta lán ceoil agus cainte. Beidh Aindrias de Staic, Marcus MacConghail agus ceoltóirí Claire Hyland agus Aisling Ní Laoire ar an ardán. Comhfhiontar é seo idir ‘Teacht Aniar’ agus ‘Raidió na Life’. Ticéid ar fáil ag www.eventbrite.ie nó ar an doras. Níl aon táille ar an oiche. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Club Fonn’ ar Facebook.

COMHDHÁIL: LÉACHTAÍ CHOILM CILLE  XLV: , 13-14 Márta, Léachtlann 4, Foirgneamh John Hume, Ollscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad. ‘An Scríbhneoir Gaeilge agus Saol a Linne’ is ea téama na comhdhála i mbliana. Díreoidh na cainteanna ar chomhthéacsanna agus ar thimpeallachtaí éagsúla prós-scríbhneoireachta ó aimsir na hAthbheochana amach. Le linn an fháiltiú, Dé hAoine, ag a 8.30in, seolfar leachtaí foilsithe na bliana seo caite ‘Léachtaí Cholm Cille Saothar an Athar Peadar’, in eagar ag an Dr Eoghan Ó Raghallaigh.

Leanfaidh an tOllamh Máirín Nic Eoin le caint dar teideal ‘Rothaí Móra an tSaoil: teicneolaíocht an taistil mar léiriú ar shaol na linne i nualitríocht na Gaeilge’. I measc na gcainteoirí eile a bheas ann i mblian, tá an Dr.Éamon Ó Ciosáin, an Dr. Fionntán de Brún, an scríbhneoir Anna Heussaf, Micheál Ó Cearúil, iareagarthóir ‘Comhar’, an Dr.Ríona Nic Congáil agus an Dr.Tadhg Ó Dúshláine. Tá achoimrí ar fáil ar na léachtaí a thabharfar le linn an deiridh seachtaine ar shuíomh na comhdhála. Tuilleadh eolais: https://www.leachtaicholmcille.ie/achoimri/

Padraig Rynne's  Notify & Pauline Scanlon by Con Kelleher

CEOLCHOIRM: ‘Pauline Scanlon agus Pádraig Rynne NOTIFY’, Dé Luain 16 Márta, 9in, The Set Theatre, Cill Chainnigh. Tiocfaidh clabhsúr an tseachtain seo le camchuairt tíre Pauline Scanlon (Lumiere), Pádraig Rynn agus Notify. Beidh oíche mhór i gCill Chainnigh ar an 16 Márta, mar a mbeidh an fluiteadóir aitheanta Sylvain Barou as an Bhriotáin ina dteannta. I mbun ceoil an oíche chéanna, beidh Dónal Lunny agus Paddy Glackin. Cuirfidh Pauline Scanlon, Pádraig Rynne agus NOTIFY críoch le himeachtaí Seachtain na Gaeilge 2015 le ceolchoirm i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Is gá a bheith cláraithe dó roimh ré. Tuilleadh eolais: https://www.padraigrynne.com/NOTIFY+PAULINE/#!/page_live

CEOLCHOIRM ILMHEÁIN: ‘The Pipes, The Pipes’, Dé Domhnaigh 15 Márta, 7in, Royal Hibernian Academy ,15 Plás Íle, Baile Átha Cliath.  Ceolchoirm le triúr píobairí aitheanta Pádraig McGovern, Leonard Barry agus John Touhy, a mbeidh íomhánna agus ábhar físe á dtaispeáint de na healaíontóirí Lionel Palun agus Guillermo Carrion, le linn dóibh bheith ag seinm. Curtha le chéile ag Dónal Dineen, is ceiliúradh atá san imeacht seo ar na píobaí. Taispeánfar míreanna ó chlár faisnéise, a dhíríonn ar na píobaí, a bhfuil Dónal ag obair air, le linn na hoíche. Beidh an clár iomlán á thaispeáint ag féile ‘The Dock’ i rith an tsamhraidh.  Tuilleadh eolais: https://pipers.ie/events/2015/03/the-pipes-the-pipes/


Cúige Mumhan 

FÉILE: ‘Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin’, 12-15 Márta, Ionaid éagsúla, Baile an Daingin, Co.Chiarraí. Cuirtear tús le féile scannán an Daingin an tseachtain seo, atá ar an bhfód le naoi mbliana anuas. Cuirfidh léitheoirí Tuairisc.ie spéis ar leith sa Chlár Gaeilge atá ullmhaithe ag lucht eagraithe na féile agus a gcuirfear tús leis amárach ag a 3.30in, sa Lab, mar a mbeidh ‘It Came From Connemara’, ‘Rince’ agus ‘Cas Timpeall’ á dtaispeáint. Cead isteach: €7 Tuilleadh eolais: https://www.dinglefilmfestival.com

Eddie Cahill

SEOLADH TAISPEÁNTAIS: ‘Outsider/Insider’, le Eddie Cahill, Dé Sathairn 14ú Márta, 5in, An Lab, Daingean, Co. Chiarraí. Seolfaidh an t-ealaíontóir Tomás Ó Cíobháin, an taispeántas is déanaí le Eddie Cahill, a dhíríonn orthu siúd atá ligthe i ndearmad. Chaith Eddie, ar deartháir é le Martin Cahill, príomhaisteoir ‘The General’, tréimhse fhada i bpríosún agus is ar a thaithí féin a tharraingíonn sé sa taispeántas seo.

Tá roinnt de na pictiúir bunaithe ar dhaoine gan dídean a casadh air ar na sráideanna agus ar dhaoine ar caitheadh go dona leo. Beidh Eddie féin i láthair ag an seoladh agus beidh sé rannpháirteach i seisiún C&F i dteannta an ealaíontóra Frank ‘Lucas’ Quigley, Dé Sathairn 6in i bpictiúrlann an Phoenix. Taispeánfar an scannán ‘The Outsiders’ faoin mbeirt roimh an chaint. Beidh stiúrthóir an scannáin, Mark McLoughlin, ina chathaoirleach ar an seisiún. Tuilleadh eolais: https://www.anlab.ie/

CEILÍ: ‘Oíche leis an ‘Tulla Céilí Band’, Dé Luain 16 Márta, 8in, Glór, Inis, Co. an Chláir. Oíche lán ceoil agus damhsa in éineacht ceann de na bannaí céilí is faide ar an fhód, is iad sin an ‘Tulla Céilí Band’. Cuireadh tús leis an bhanna iomráiteach seo i 1946 agus tá idir chéilithe agus cheolchoirmeacha tionlactha acu ar fud na cruinne ó shin. Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Cead isteach: €8 Tuilleadh eolais: https://www.glor.ie/events


Timpeall na Tíre

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú.

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?'