IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Jape príomhphic
Jape, ‘The Mighty Stef’ agus ‘The HIVE’, sa Róisín Dubh anocht Dé hAoine 20 Feabhra, ag a 9.00i.n,

 


Cúige Laighean

Dessie WilkinsonLÉACHT AGUS CEOL: Notes and Narratives, ‘Westward from Belfast – le Desi Wilkinson, Dé hAoine 20 Feabhra, ag a 8.30in, Na Píobairí Uilleann, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Is ceoltóir, oideachasóir agus staraí é Desi a d’fhás aníos i mBéal Feirste atá ag cur faoi i gCo. an Chláir le tamall de bhlianta. Díreoidh an chaint seo ar an dóigh ar tháinig Desi isteach ar an cheol, agus ar cheol na feadóige móire go háirithe. Sraith léachtaí atá in ‘Notes and Narratives’ bunaithe ar cheol beo, amhráin agus damhsa, curtha i láthair ag ceoltóirí, ealaíontóirí agus rinceoirí aitheanta. Cead isteach: €10/€5 Mura féidir a bheith i láthair, caith súil ar an sruthú beo ar https://pipers.ie/npu-tv/

CLUB FOLK: ‘Paddy Keenan’ sa ‘Folk Club’, Dé Céadaoin 25 Feabhra, 8.30in, Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Tugann ‘An Folk Club’ ardán dóibh siúd atá ag tabhairt faoin chúrsa ‘Ceoltóir’, agus mealltar amhránaithe agus ceoltóirí aitheanta chomh fada le hÁras Chrónáin. Leanann an oíche ceoil struchtúr gnáth ‘folk club’. Is é an píobaire Paddy Keenan a chuirfidh mórchuid an cheoil i láthair le linn na hoíche ach beidh fáilte roimh seit nó dhó ó cheoltóirí ón úrlar. Cead Isteach: €5, €7 Lánúin, €3 Mic léinn. Tuilleadh eolais: https://www.araschronain.ie/

 

CEOLCHOIRM AGUS TAPAS: ‘Zarogoza Jazz Drunch in éineacht an snagcheoltóra Lisa Jameson, Dé Sathairn 21 Feabhra, 2-4in, Zarogoza, Sráid Liam Theas, Baile Átha Cliath. Más duine thú a chuireann dúil sa snagcheol agus i mbia dúchasach na Spáinne, bí i láthair ag blaiseadh bia Zaragoza Dé Sathairn, áit a mbia scoth an cheoil agus an bhia a chur i láthair. Beidh paella ar €5 i gcaitheamh an lae le ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile bia ‘Dine in Dublin’ atá ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair.


Cúige Chonnacht

Macbeth-Head1

poster-for-macbethLÉAMH RÉAMHLÉIRITHE: ‘Mac Beatha curtha i láthair ag Bualadh Bos, Dé hAoine 20 Feabhra, 7i.n, Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh. Déanfaidh an t-aisteoir agus aistritheoir Seán Ó Tarpaigh an leagan úrnua Gaeilge de mhórshaothair Shakespeare a léamh do lucht féachana na Taibhdheirce Dé hAoine, mar a mbeidh deis acu a gcuid dtuairimí a roinnt ag deireadh na hoíche. Ba sa bhliain 1941 an uair dheireanach a raibh leagan Gaeilge de Macbeth ar ardán na Taibhdheirce. Aistrithe ag Sean Ó Tarpaigh, déanfaidh sé féin, Diarmuid de Faoite, Síle Nic Chonaonaigh, Yvonne Laifé agus Barry Barnes an t-aistriúchán nua a chur i láthair. Dráma é Macbeth atá lán le draíocht, teannas agus aicsean agus carachtair láidre. Tá an t-aistriúchán seo dílis do stíl agus d’fhilíocht Shakespeare ach gurb í Gaeilge na ndaoine sa lá inniu a labhraítear ann. Cead isteach €4.50 Tuilleadh eolais: 091 562024/https://antaibhdhearc.com/

Píobairí Uileann

BLAISEADH CEOIL: Bain triail as na Píoba Uilleann’, Dé Máirt 24 Feabhra, 6in/7.15in, Halla Naomh Mhuire CCG, Baile Uí Dhúgáin, Sligeach. Tá deis eile ag muintir Shligigh ar spéis leo na píoba uilleann a sheinm, an uirlis a thriail ag ócáid atá á reáchtáil ag Na Píobairí Uilleann i gcomhpháirt le Music Generation Sligo. Tabharfaidh an chéad seisiún, a gcuirfear tús leis ag a sé tráthnóna, deis do dhaoine fásta ar suim leo na píoba, treoir a fháil ó phíobaire cumasach i láimhseáil na bpíb. Sa dara seisiún, díreofar ar dhaoine óga, 10-18 bliain d’aois, óna 7.15in ar aghaidh. Más mian leat a bheith i láthair, cuir ríomhphost chuig musicgenerationssligo@msletb.ie nó déan teagmháil ar 071 9138306. Tuilleadh eolais: https://pipers.ie/events/2015/02/second-chance-to-try-the-uilleann-pipes-in-sligo/

CEOLCHOIRM AGUS OÍCHE CHLUB: ‘Jape, ‘The Mighty Stef agus ‘The HIVE’, Dé hAoine 20 Feabhra, ag a 9.00i.n, sa Róisín Dubh, Gaillimh. Tá oíche mhór damhsa geallta i nGaillimh anocht i dteannta Jape, ceolteoir an-chruthaitheach go deo a bhfuil albam den scoth seolta aige ar na mallaibh darb ainm ‘The Chemical Sea’. Agus ceolchoirmeacha díolta amach sa phríomhchathair an tseachtain seo, deis iontach atá sa cheolchoirm seo do mhuintir na Gaillimhe Richie Egan a chloisteáil beo i gcúlsheomra an Róisín Dubh. Beidh ‘The Mighty Stef’, Cian Ó Cíobháin, D.J agus láithreoir ‘ATT’ agus Cyril Brisceo, ag coinneáil na gcosa ag bogadaí go deireadh na hoíche leis an gclub oíche ‘The Hive’ a osclófar i ndiaidh na ceolchoirme. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘The Hive’ ar Facebook. Ticéid €14 tuilleadh eolais: https://www.roisindubh.net/gig-details.html?listingID=5800

SCANNÁN: ‘The Way he Looks’, a thaispeáint ag Club Scannán Sailearna, Déardaoin 19 Feabhra, ag a 20:15, Scoil Shailearna, Indreabhán, Gaillimh. Scannán ón Bhreasail a bhuaigh an chéad duais don scannán is fearr ag Féile Scannán Berlin. Scéal faoi Leo a rugadh gan radharc na súl. Siúlann sé an bealach lena chara Giovana gach lá agus iad ar an mbealach abhaile ón scoil i Sao Paulo. Baintear as a gcleachtadh iad nuair a thosaíonn buachaill nua, Gabriel, sa rang. Baineann sé féin agus Leo an-cheart dá chéile, rud nach dtaitníonn le Giovana mar go bhfuil sí in éad leo. Cead isteach €8/€7 an scannán nó €30/€25 ar bhallraíocht don chlub – 10 scannán sa séasúr. Tuilleadh eolais: https://clubscannan.ie/ga/seasur-an-earraigh-2015/the-way-he-looks


Cúige Uladh

FÉILE: ‘Tionól Píobaireachta Thír Chonaill’, Dé hAoine 20 – Dé Domhnaigh 22 Feabhra, Brú Óige na hEaragaile agus Ionad Pobal Dhún Lúiche, Dún Lúiche Co. Dhún na nGall. Tabharfar tús áite do cheol agus do cheardaíocht na bpíb in iarthuaisceart Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo. Chomh maith le ceardlanna faoi láimhseáil na bpíb, beidh taispeántais ríd-dhéanaimh agus ranganna ceoil ar siúl leis na teagascóirí aitheanta Brian Stafford, Conor Day and Martin Crossin. Ar cheann de phríomhimeachtaí na féile tá ‘An Cheolchoirm Mhór’, a bheas ar siúl oíche Shathairn. I measc na gceoltóirí a bheas ar stáitse beidh Paul Harrigan, Róisín Harrigan, Síle Friel, Briain O’Domhnaill agus Aoife Nic Lochlainn. Tuilleadh eolais ag Na Píobairí Uilleann 018730093, www.pipers.ie, info@pipers.ie

SIÚLÓID TREORAITHE: Siúlóid thart ar an Mhurlach le Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín, Dé Sathairn, an 22 Feabhra, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bhóthar Áth Bhriain. Má tá sé ag cur fearthainne, beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.


Cúige Mumhan

Spraoi

SEÓ DO PHÁISTÍ: Spraoi’, curtha i láthair ag Gombeens i gcomhpháirt le Branar Téatar, Dé Sathairn 21 Feabhra, 12n-2in, Lime Tree Theatre, Luimneach. I nGaeilge agus Catalóinis agus le gluaiseachtaí a insítear scéal beirt bhuachaillí a shroicheann an áit chéanna ag an am céanna. Ní thuigeann siad céard atá le déanamh acu ná ní thuigeann ceachtar acu teanga a chéile. Is maith le duine acu rialacha agus tá duine eile beag beann orthu. Caithfidh siad modh cumarsáide a aimsiú chun go mbeidh siad in ann Spraoi le chéile. Is iad aisteoirí Miquel Barcelló agus Jonathan Gunning a bheidh ar stáitse. Aoisghrúpa: 3 – 6 bliana d’aois Cead isteach: €5

Tuilleadh eolais: https://limetreetheatre.ticketsolve.com/shows/873525700/events?show_id=873525700

FÉILE: Scoil Cheoil an Earraigh, 20-22 Feabhra, Ionaid éagsúla, Gaeltacht Chorca Duibhne, Cho.Chiarraí. Leanfaidh féile bhliantúil Chorca Duibhne thar an deireadh seachtaine, ina mbeidh ceiliúradh ar shaibhreas ceoil agus cultúir an cheantair. Mar is dual don fhéile, beidh idir cheardlanna ceoil agus cheardlanna amhránaíochta, cheolchoirmeacha, léachtaí, seisiúin agus go leor eile ar siúl. Ina measc siúd a bheidh ar stáitse i mbliana, beidh Harry Bradley (Gradam Ceoil TG4 2014), Margaret Stewart as Albain, Mickey Dunne, Tommy McCarthy, Aidan Connolly & Liam Mac Congail, Páraic Mac Donnchadha agus Steve Cooney. Léigh a thuilleadh faoi ar Tuairisc.ie: https://tuairisc.ie/anois-teacht-scoil-cheoil-an-earraigh/ Tá clár na féile ar fáil ar: https://www.scoilcheoil.com/

TAISPEÁNTAS AGUS CAINT: Ceol agus Amhráin ó sheantaifeadaí’, le hEoin Malone, Dé hAoine 20 Feabhra, 5in, An Múséam, Baile an Fheirtéaraigh, Co.Chiarraí. Cuirfidh Eoin Maloney bailiúchán de sheantaifeadaí ar cheirníní ‘78’s’ i láthair an lucht féachana agus déanfaidh sé píosa cainte faoi na ceoltóirí atá le cloisteáil agus ar na taifeadtaí féin. Imeacht de chuid Scoil Cheoil an Earraigh atá sa taispeántas seo. Tuilleadh eolais: https://www.scoilcheoil.com/

CEOLCHOIRM Dé hAOINE: ‘Scoil Cheoil an Earraigh’, 20 Feabhra, Halla na Feothanaí, Feothanach, Co.Chiarraí. Teacht le chéile idir cheoltóirí ó chian is ó chóngar atá sa cheolchoirm seo, ina mbeidh ceol le hAidan Connolly & Liam Mac Congail, Harry Bradley, Margaret Stewart, Mickey & Bríd Dunne, Aogán agus Rónán Ó Loinsigh, Clann Mhic Gearailt, Proinsias Ó Cathasaigh. Cead isteach €15 (€10 leanaí) Tuilleadh eolais: https://www.scoilcheoil.com/

CEOLCHOIRM NA FÉILE: ‘Príomhcheolchoirm Scoil Cheoil an Earraigh’, Dé Sathairn 21 Feabhra, Halla na Feothanaí, Feothanach, Co.Chiarraí. Tiocfaidh sárcheoltóirí le chéile Oíche Dé Sathairn do mhórimeacht Scoil Cheoil an Earraigh. Ócáid ar leith í a tharraingeoidh Steve Cooney & Séamus Begley le chéile ar aon stáitse amháin i dteannta Brendan Power, Síle Denvir, Thomas McCarthy, Connie O’Connell & Áine Ní Chonaill agus Páraic Mac Donnchadha. Is é Pádraig Ó Sé a bheas ina fhear an tí. https://www.scoilcheoil.com/ €15 (€10 leanaí)


Ar Fud na Tíre

Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha

Bígí ag giolcaireacht ar Twitter i do ‘#MotherLanguage’ Dé Sathairn 21 Feabhra agus glacaigí páirt i ngluaiseacht idirnáisiúnta ar ghréasán na meán sóisialta. Tá UNESCO, a bhaist ‘Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha’ ar an 21 Feabhra siar i 1999, ag súil le 50,000 a mhealladh chun páirt a ghlacadh san fheachtas. Ar an lá seo, cuirtear béim ar theangacha mionlaigh go mór mór; teangacha bundúchasacha agus teangacha atá i mbaol a mbáis. I mbliana, táthar ag díriú ar fheachtas a reáchtáil ar Twitter agus níl le déanamh ag na Gaeil ach giolc a chur amach i nGaeilge agus #MotherLanguage agus #Gaeilge a chur san áireamh sa teachtaireacht. Léigh a thuilleadh faoi ar Tuairisc: https://tuairisc.ie/la-idirnaisiunta-na-mathairtheangacha-an-sprioc-na-50000-duine-a-aimsiu-le-tvuiteanna-gaeilge/

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar cnag.ie.