IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

humans-of-the-deise
‘Humans of the Déise’

Cúige Mumhan

CEOLCHOIRM: ‘Aisling Gheal’ le Mícheál Ó Súilleabháin agus Iarla Ó Lionáird, Dé hAoine 13 Feabhra, 8.30in, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí.  Ceolchoirm a thugann an t-amhránaí ar an sean-nós, Iarla Ó Lionáird, agus ceoltóir Mícheál Ó Suilleabháin le chéile d’oíche cheoil a dhéanfaidh ceiliúradh ar oidhreacht Sheáin Uí Riada. Ba chumadóir é Seán O’Riada a d’imir tionchar nach beag ar Mhicheál agus Iarla agus ar shaol an cheoil i gcoitinne. Cuirfear an píosa ceoil ‘Aisling Gheal’ le Seán Ó Riada i láthair le linn na gceolchoirmeacha. Cead isteach: Ticéad €20/€15 Tuilleadh eolais: www.ionadculturtha.ie

OÍCHE SHÓISIALTA: ‘Rí-Rá – Gaeltacht sa Ghalltacht’, Dé hAoine 13 Feabhra, 9in, Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Beidh idir cheol agus scéalaíocht le cloisteáil sa chlub anocht. I mbun scéalaíochta a bheidh Damien Ó Murchú, Cáit Ní Shúilleabháin, Máiréad Ní Mhurchú, Cillian Ó Braonáin agus cloisfear ceol ó Shiobhán Ní Mhuineacháin. Cuirfear fáilte roimh scéalta nua, go mórmhór cinn ghrá. Bíodh scéal grá ullamh agat más ea, le roinnt leis an gcuid eile den chomhluadar. Breis eolais: Cuardaigh ‘RíRá’ ar Facebook.

TAISPEÁNTAS: ‘Humans of the Déise’, Central Hall, Sráid Nua Bailey, Cathair Phort Láirge. Bailiúchán grianghraf de mhuintir na Déise atá sa taispeántas seo, cruinnithe ag an ghrianghrafadóir Danny Kidney in imeacht na mblianta. Pictiúir de ghnáthshaol na nDéise atá ann; íomhánna de laochra áitiúla agus cuairteoirí araon. Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 11 Márta. Tuilleadh eolais: https://www.centralarts.ie/

TAISPEÁNTAS: ‘Foluain – ‘Séid do Bhrat’, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí.  Cuimhneachán ar eachtraí daltaí na hIdirbhliana ina ndéantar ceiliúradh ar thréimhse a chaitheamh i gCeapach na Laoi, Co. Chiarraí. Taispeántas ildathach spraíúil a léiríonn an nasc idir na healaíontóirí óga agus an nádúr. Tuilleadh eolais: www.ionadculturtha.ie/

HarryBradleycropped
Harry Bradley

FÉILE: Scoil Cheoil an Earraigh, 18-22 Feabhra, Ionaid éagsúla, Gaeltacht Chorca Duibhne, Cho.Chiarraí. Féile bhliantúil Chorca Duibhne a dhéanann ceiliúradh ar shaibhreas ceoil agus cultúir an cheantair. Mar is dual don fhéile, beidh idir cheardlanna ceoil agus amhránaíochta, cheolchoirmeacha, léachtaí, sheisiúin agus go leor eile ar siúl. Ina measc siúd a bheidh ar stáitse i mbliana, beidh Harry Bradley (Gradam Ceoil TG4 2014), Margaret Stewart as Albain, Mickey Dunne, Tommy McCarthy, Aidan Connolly & Liam Mac Congail, Páraic Mac Donnchadha agus Steve Cooney. Léigh a thuilleadh faoi ar Tuairisc.ie: https://tuairisc.ie/anois-teacht-scoil-cheoil-an-earraigh/

Tá clár na féile ar fáil ar: https://www.scoilcheoil.com/

CEOLCHOIRM: Triúr Amhránaí – Trí Thraidisiún

Déardaoin 19 Feabhra, 7in, Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co.Chiarraí. Déanfar scagadh anseo ar an gceangal idir traidisiún amhránaíochta na hÉireann agus traidisiún na hAlban i gcruth cainteanna agus amhrán. Cloisfear roinnt amhrán de chuid an lucht siúil freisin, arna gcur i láthar ag Thomas McCarthy. Maighréad Stiúbhart a thabharfas caint ar thraidisiún na hAlban agus is í Síle Denvir a bheas ag labhairt ar shean-nós na hÉireann. Imeacht de chuid Scoil Cheoil an Earraigh é seo. Cead isteach: £5 Tuilleadh Eolais: https://www.scoilcheoil.com/

TIONÓL: ‘Tionól Nicólais Tóibín’, 13-15 Feabhra, Rinn Ua gCuanach, Co. Phort Láirge. Féile bhliantúil í seo in ómós an amhránaí sean-nóis Nioclás Tóibín, a cailleadh breis agus scór blianta ó shin ach a bhfuil rian fheabhas agus stíl na hamhránaíochta aige fós le brath is le haireachtáil. Tá an-fhás tagtha ar an tionól le roinnt blianta anuas agus scoth na gceoltóirí á dtarraingt chuige. Ina measc na gceoltóirí a bheas ag seinm agus ag teagasc i mbliana, tá Harry Bradley, Jesse Smith, Tommy Fitzharris agus Nell Ní Chróinín. Bronnfar Gradam Niocláis Tóibín 2015 ar an bhoscadóir aitheanta Mickey Dalton, ag an oíche oscailte, i dTigh an Cheoil, Dé hAoine, 13 Feabhra ag a 9in. Léigh a thuilleadh faoi ar  https://tuairisc.ie/tionol-nioclais-toibin-2015/ nó le haghaidh breis eolais: Mac Dara Mac Donncha 086 856 5569 nó Darren Ó Droma 087 600 7827


Cúige Laighean

Mar-a-cheile-muid2-960x658

DRÁMA: ‘Mar a chéile muid’, Dé hAoine, 13 Feabhra, 8.00i.n, Halla Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí. Dráma grinn de chuid Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha á léiriú ag Ciarán Ó Flatharta agus cóirithe le haghaidh an stáitse ag Cumann Drámaíochta Chaorán Aodh, Leitir Mealláin.Tá an dráma seo curtha ar stáitse in áiteanna éagsúla ar fud na tíre cheana féin agus táthar ag súil le hoíche den scoth i gcuideachta mhuintir Ráth Cairn na Mí. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Ráth Chairn’ ar Facebook.

LÉACHT: ‘Ó Thrácht go Twitter’, Dé Máirt 17 Feabhra, 5in, Seomra A109, Áras Newman, Lárionad de Bhaldraithe, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is é an scríbhneoir aitheanta Pádraig Ó Cíobháin a chuirfidh an darna léacht sa bhliain i láthair, atá mar chuid den tsraith léachtaí a dhíríonn ar scríbhneoireacht agus cumarsáid na Gaeilge. Is é teideal na cainte ná ‘An Sean á Ghabháil sa Nua: Nua-Éachtaint ar an Litríocht Luath-Mheánaoiseach’. Déanfar taifeadadh ar na léachtaí agus cuirfear ar fáil iad ar shuíomh an Lár-Ionaid. Tuilleadh Eolais: https://www.ucd.ie/larionaddebhaldraithe/

GRÚPA TUISMITHEOIRÍ AGUS LEANAÍ: ‘Clann Sídhe Grúpa Spraoi’, Dé Sathairn 14 Feabhra, 10.30rn, Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Uair a’ chloig de shúgradh, amhráin, scéalta agus eile a bheas anseo agus é dírithe ar thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt lena bpáistí. Beidh an grúpa ag teacht le chéile gach maidin Dé Sathairn. Má tá spéis agat bheith páirteach sa ghrúpa, cuir glaoch ar Bhrian ar 01 457 4847, nó cuir ríomhphost chuig brian@araschronain.ie.


Cúige Chonnacht

SCANNÁN: ‘Club Scannán Sailearna’, Déardaoin 19 Feabhra, ag a 20:15, Scoil Shailearna, Indreabhán, Gaillimh. Scannán ón Iodáil a tháinig amach anuraidh, stiúrtha ag Paolo Virzi, scéalaí scannáin iomráiteach ina thír dúchais. Oíche fhuar, gheimhriúil atá ann ina dtarlaíonn timpiste d’oibrí óstáin. Leagann SUV go talamh é agus teitheann an tiománaí. Tá triúr príomhcharachtar sa scéal seo: Dino, fear sotalach a bhíonn ag sodar i ndiaidh na n-uasal; Serena, a iníon atá sna déaga; agus Celia, máthair Massimiliano, páirtí Serena, atá lofa le hairgead. Ach cé a bhí ag tiomáint an chairr an oíche chinniúnach úd? Cead isteach €8/€7 an scannán nó €30/€25 ar bhallraíocht don chlub – 10 scannán sa séasúr.

mairtin o connorCEOLCHOIRM: Máirtín O’Connor agus eile’, Dé hAoine 13 Feabhra, 8in, Halla Bailey Allen, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ceolchoirm tiomsaithe airgid ar son Fhleadh na Gaillimhe, a thabhartas laoch an bhosca cheoil Máirtín O’Connor, agus amhránaí sean-nóis Lillis Ó Laoire in éineacht scoth an chuideachta cheoil.  Cead isteach: €15  Tá an ceolchoirm seo á chur i láthair mar chuid d’Fhéile Múscailt. Tuilleadh eolais: https://muscailt.nuigalway.ie/

OÍCHE CHEOIL: ‘O2’ le Will Softly agus Slick Normal, Dé hAoine 13 Feabhra, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tá dea-chlú bainte amach ag an gclub anois mar áit ar féidir le daoine an-oíche go deo a bheith. Tá deimhin, tá sé ar cheann de na háiteanna is fearr i nGaillimh faoi láthair. Bí ag súil le buillí domhanda agus func fáistineach agus urlár lán daoine i mbun damhsa. Tuilleadh eolais. Cuardaigh ‘Áras na nGael’ ar Facebook.


Cúige Uladh

Inis Eoghain - singers

AMHRÁNAÍOCHT: ‘Ciorcal Amhránaithe Inis Eoghain’, Dé hAoine 13 Feabhra,9in, North Pole Bar Drumfries, Cluain Maine, Dún na nGall. Tá an-iomrá ar na hoícheanta amhránaíochta ar an chósta thuaidh. Seisiún amhránaíochta míosúil, mar a dtugtar amhránaithe áitiúla agus cuairteoirí le chéile fá choinne oíche lán ceoil agus amhrán. Tuilleadh eolais: https://inishowensinging.ie/

CÉILí: ‘Céilí na Míosa’, Dé Domhnaigh 15 Feabhra, óna 8-11.30i.n, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. Tá an céilí fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Tugtar treoir do thosaitheoirí agus cuireann an banna céilí ceol beo den scoth ar fáil. Is féidir leat do scíth a ligean agus sult a bhaint as suipéar éadrom le linn an tsosa. Cead isteach £6.00, suipéar san áireamh. Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie

‘Oíche Amhránaíochta ar Lá Vailintín’, Dé Sathairn 14 Feabhra, ag a 8in, sa tSean Bheairic, An Fhál Charrach, Dún na nGall. Táthar ag súil le hoíche lán de ghrá a chruthú i gCaife na Sean- Bheairice oíche San Vailintín. Suigh siar le gloine fíona agus éist le hamhráin ghrá ceolta ag cuid de na hamhránaithe is fearr ón cheantar. Máire Ní Choilm a bheas ina bean an tí. Tuilleadh eolais: https://www.falcarraghvisitorcentre.com/


Timpeall na Tíre

‘Lá Domhanda Raidió’, Dé hAoine 13 Feabhra, ar fud na cruinne. Beidh na stáisiúin Gaelach, Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte agus Raidió na Life ag ceiliúradh Lá Domhanda Raidió UNESCO mar aon leis an iliomad stáisiún eile ar fud an domhain. Comóradh idirnáisiúnta ar mheán an raidió atá sa lá seo agus is é téama an lae ‘An Óige agus an Raidió’.  Cuirfidh Rónán Mac Aodha Bhuí ‘Rónán Beo @3’ i láthair inniu ó Raidió Fáilte i mBéal Feirste,i gcomhpháirt le Raidió na Life, mar chuid de Lá Domhanda Raidió UNESCO. Éist ar líne:

https://www.rte.ie/rnag/

https://www.raidiofailte.com/

https://www.raidionalife.ie/

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu cainteoir líofa nó foghlaimeoir thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a shocrú agus a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar cnag.ie.