IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Ciarán agus Caitlín
Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann

Cúige Laighean


CRUINNIÚ: ‘Ag múineadh Ealaíne trí mheán na Gaeilge’, Dé Sathairn, 29 Samhain. 12.00-1.00,  san Iarsmalann Náisiúnta, Beairic Uí Choileáin, Baile Átha Cliath.

Iarracht atá sa chruinniú seo meitheal a fhorbairt do mhúinteoirí Ealaíne atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. I measc na dtopaicí a bheidh faoi chaibidil, beidh ‘Cruthú áiseanna’, ‘Cúrsa inseirbhíse’ agus ‘Forbairt Foclóra’. Tá fáilte roimh mhúinteoirí Ealaíne Gaeltachta agus Gaelcholáistí go léir. Is féidir clárú le Cumann na Múinteoirí Ealaíne ag www.artteachers.ie. Gabh i dteagmháil le Seán Ó hAodha: ataigaeilge@hotmail.com

SEOLADH: Seolfaidh Gael Linn ‘BILINGUA’,  albam aonair le Eithne Ní Uallacháin, Dé Céadaoin 3 Nollaig, 6in, san Odessa, 14 Cúirt an Dáma, BÁC 2.  Albam é seo a taifeadadh go gairid sular cailleadh Eithne go hanabaí i 1999.

Cloistear amhráin idir thraidisiúnta agus nua-chumtha aici féin, iad uile cóirithe go seoigh ag buíon ceoltóirí den scoth. Gabhann leabhar maisiúil 40 leathanach leis an CD, leabhar ina dtugtar beathaisnéis agus eolas faoi na míreanna ceoil, chomh maith le ráitis mholta ó amhránaithe mná na linne, Maighréad Ní Dhomhnaill, Muireann Nic Amhlaoibh agus Karen Matheson ina measc.

Gael Linn a d’eisigh an chéad albam ar a raibh Eithne, Cosa gan Bhróga (1987).

Béaloideas Co.an Chabháin’

TAISPEÁNTAS:  ‘Béaloideas Co.an Chabháin’, le healaíontóirí áitiúla Jackie O’Neill agus Michelle Harton, Ionad na Múinteoirí, Main Street, Co. an Chabháin.

Scéalta béaloidis bailíodh ó dhaoine ar fud an Chabháin a bhí mar ábhar inspioráide ag an taispeántas seo. Is iad nádúr, síscéalta, carachtair neamhghnácha, dathanna agus patrúin na príomhthéamaí sa taispeántas. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘ The Hollow Art Exhibition’ ar Facebook.


 Cúige Chonnacht


TAISPEÁNTAS:  ‘Water Music’, oscailt oifigiúil, Dé hAoine 28 Samhain, 7in, Ionad Ealaíona na Tríonóide, An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin. Tá an t-imeacht seo ar siúl mar chuid de chlár Féile SiarsScéal. Déanfar an taispeántas il-mheáin, arb é is ábhar dó ná abhainn na Súca, a oscailt go hoifigiúil anocht le fáiltiú fíona. Meascán de shaothair ealaíne agus dánta atá sa taispeántas seo, le Anne Rigney agus Gwen Bond. Tuilleadh eolais: www.siarsceal.com.

DRÁMA: ‘Boicíní Bhóthar Kilburn’ a léiriú ag Aisteoirí an Spidéil, sa Spidéal, i dTír an Fhia agus i nGaillimh i rith mhí na Nollag agus mhí Eanáir. Díríonn an dráma ar sheisear as Conamara a chuaigh ar imirce go Londain i lár na seachtóidí.  Castar cúigear acu lena chéile arís cúig bliana fichead ina dhiaidh sin ag sochraid an séú duine agus is léir go bhfuil cosán éagsúil saoil tugtha air féin ag chuile dhuine acu idir an dá linn. Is é Peadar Ó Treasaigh stiúrthóir an léirithe seo agus tá cliar láidir ann a bhfuil seanaithne ag lucht leanta Aisteoirí an Spidéil orthu ag tacú leis.  Beidh Seán Ó Coistealbha, Maidhc P Ó Conaola agus Peadar Ó Treasaigh ann agus tá Seán Ó Neachtain ar ais ar an ardán arís.  Beidh Séamas Ó Scanláin, fear nuachta TG4, in éineacht leo chomh maith.  I gColáiste Chonnacht a bheas sé ar an 6 agus an 7 Nollaig agus i dTír an Fhia ar an 14 Nollaig. Beidh deis ag pobal na Gaillimhe an dráma a fheiceáil sa Taibhdhearc ar an 10 Eanáir.

Breis eolais: Pauline Nic Con Aonaigh: 087 9583354/Máire Ní Neachtain: 086 2732279

mood_indigo_benchSCANNÁN: ‘Mood Indigo’, a thaispeáint Déardaoin, 27 Samhain ag 8:15 i gClub Scannáin Shailearna, Indreabhán, Conamara, Gaillimh.

Scéal bunaithe ar an leabhar ‘Froth on the Daydream’ le Boris Vian. Tá an saol ar a thoil ag Colin, é saibhir agus dathúil, ach níl aon pháirtí aige. Tá seacht gcroí aige nuair a chasann Chloe (Audrey Tautou) air ach, san áit a mbíonn grá, bíonn gruaim dá réir. Léiriú faoi leith a bhíonn ag Gondry ar chúrsaí grá agus mar is dual dó, níl mórán teicnící nuatheicneolaíochta in úsáid aige sa scannán seo. Cead isteach: €8 (€7) nó is féidir ballraíocht club ghlacadh ar €30 (€ 25), a thabharfaidh cead isteach duit go dtí na scannáin go léir ar an gclár. Tuilleadh eolais: https://clubscannan.ie/ga/


 Cúige Uladh


An t-éan órgaSEOLADH LEABHAIR: ‘An tÉan Órga’ le Caitríona Hastings, maisithe ag Andrew Whitson, Dé Domhnaigh 30 Samhain, 1:00in, An Chultúrlann, Béal Feirste.

Téann fear óg darbh ainm Jack sa tóir ar éan gleoite órga a bhíonn ag goid cuid úll Rí na hÉireann. Athinsint ar sheanscéal de chuid na hEorpa is ea An tÉan Órga, scéal a bhailigh na deartháireacha Grimm ina n-am féin. Tá sé curtha in oiriúint anseo do léitheoirí óga ár linne. Fíon agus sólaistí ar fáil.  Tá an t-imeacht seo mar chuid d’Fhéile na Ceathrún Gaeltachta. www.culturlann.ie

CABARET CRAICEÁILTE: ‘Mutefish, Tiarnán Ó Duinnchinn, Séamas Mac Muiriseáin, Cathal ó Cuireáin’ a bheidh ar ardán an Chabaret, Dé Sathairn 29 Samhain, Tigh Huidí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Oíche cheoil agus siamsaíochta mhíosúil a thugann ardán do nuacheol na Gaeilge.

SEOLADH LEABHAIR: ‘An Taobh Geal den tSráid’ le Máirtín Ó Muilleoir, Dé Sathairn 29 Samhain, 1:30in, An Chultúrlann. Cuireann Máirtín Ó Muilleoir síos ar an bhliain a chaith sé mar Ard-Mhéara ar Chathair Bhéal Feirste. Imeacht de chuid Fhéile na Ceathrún Gaeltachta í seo. www.culturlann.ie

CLUB NA FÉILE: Seisiún le Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann agus Clíodhna NicBhranair, Dé Sathairn 29 Samhain, 10:30i sa Chumann Chluain Ard, Béal Feirste. Oíche cheoil le Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann, ceoltóir agus damhsóir ar an sean-nós. Cuirfidh an t-amhránaí áitiúil Clíodhna Nic Bhranair tús leis an tsiamsaíocht.

Seisiún ceoil ina ndiaidh! Tá an t-imeacht seo á reáchtáil mar chuid d’Fhéile na Ceathrún Gaeltachta. www.culturlann.ie

SEOLADH LEABHAIR: ‘Treoir do Mhúrphictiúir Bhéal Feirste’ le Rab Kerr, Dé Sathairn 29 Samhain, 3:00in, ag teacht le chéile ag sa Chultúrlann. Tá clú domhanda ar Mhúrphictiúir Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste; tagann na mílte

cuairteoir in aghaidh na bliana ag breathnú orthu.

Tugann an leabhar póca seo eolas luachmhar don chuairteoir agus don Fheirsteach ar mian leis teacht ar phríomh-mhúrphicitiúir na cathrach. Is í Caral Ní Cuilín a bheidh mar aoichainteoir ag an ócáid. Fíon & sólaistí ar fáil. Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie

Seamús Mac GriannaSEÓ AONAIR: ‘Idir dhá cheann na hImní’ le Noel Ó Gallchóir – saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna, oíche Dhomhnaigh 30 Samhain, 7i.n. sa Chultúrlann, Béal Feirste. Dráma aon fhir bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Ghrianna (1900-1990), an t-údar mór le rá as Rann na Feirste.

Rugadh Seosamh Mac Grianna do theaghlach mór filí agus scéalaithe, ar ar áiríodh a dheartháireacha Séamus Ó Grianna agus Seán Bán Mac Grianna, tráth a raibh athruithe móra teanga agus cultúrtha ag titim amach.

Is minic a deirtear gurbh é Seosamh Mac Grianna an scríbhneoir ab fhearr lena linn féin. Dráma é seo a scríobh Noel Ó Gallchóir. Is é a chuireann i láthair é fosta. Cead isteach: £5.00. Tuilleadh eolais: www.cultúrlann.ie

SIÚLÓID: Siúlóid Bhliantúil Terry Enright, Dé Domhnaigh 30 Samhain, 11:00rn, An Chultúrlann. Béal Feirste. Siúlóid ghairid agus siúlóid fhaisnéiseach ón Chultúrlann, tríd an Cheathrú Ghaeltachta agus trí Chluain an Bhogaigh i gcuimhne ar fhear áitiúil a raibh dáimh ar leith aige leis an dúlra. Is cóir bheith gléasta do dhrochaimsir. Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie

SIÚLÓID TREORAITHE: ‘Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín’ ag déanamh siúlóide chuig an Dún Bán i dTulaigh Mhór, Dé Sathairn, an 29ú Mí na Samhna, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bóthar Áth Bhriain. Má tá sé ag cur fearthainne, beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.

CRUINNIÚ: ‘Slogadh Frithchiníochais ar son Comhionannais’, le Fóram Feachtasaíochta Phobal na Gaeilge, Dé Luain 1 Nollaig, 5in sa Chultúrlann. Tá fáilte roimh Ghaeil ar bith ar suim leo bheith páirteach. Teagmháil:oifigfailte@culturlann.ie


 Cúige Mumhan


Ceolchoirm: Scoth an cheoil le Pádraig Ó Sé, Jeremy Spencer, Gerry O’ Brien agus a n-aoi speisialta Johnny Reidy. Dé Domhnaigh an 30 Samhain, 3-6pm, Halla na Feothanaí, An Fheothanach, Baile na nGall. Ceolchoirm ar mhaithe le foireann Chispheile Phobalscoil Chorca Dhuihne €10 isteach Beidh tráthnóna cártaí (hAon dhéag ar fhichead) i dtabhairne An Bóthar ina dhiaidh ar mhaithe le Cumann Caide Ban Chorca Dhuibhne

Ceolchoirm: Ceolchoirm Oireachtais Mhuintir Dhún Chaoin, Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Dé Luain 1 Nollaig 7pm. Ócáid chuideachta i ndúlúchair na bliana

Aonach Ceardaíochta: Aonach Ceardaíochta, Dé Domhnaigh 30 Nollaig, 11am -4pm, Halla Cheann Trá. Is iad Coiste Forbartha agus Naíonra Fionn Trá atá á eagrú, earraí ceardaíochta agus tuilleadh

Twas the Night Before Christmas - Sync Seq.Still003DRÁMA: Oíche Roimh an Nollag, á léiriú ag Branar Téatar do Pháistí, Dé Luain 1 Nollaig, 10rn & 12n in Ionad Ealaíona Glór, Inis, Co.an Chláir. Tá an baile ag réiteach i gcomhair na Nollag. Tá na tithe á maisiú, cártaí á scríobh, na bronntanas a gclúdach agus stocaí á gcrochadh. Tugann Branar cuireadh duit bheith i láthair don oíche is draíochtúla sa bhliain. Bunaithe ar an dán clasaiceach, is léiriú dátheangach é seo le ceol beo, puipéadóireacht agus seanchas le haghaidh páistí atá 5 bliana d’aois agus níos sine. Cead isteach €7.00 Tuilleamh eolais: www.branar.ie

Taispeántas: ‘Feast’ saothair reatha le Niki Purcell, a thaispeáint faoi láthair sa Lab, Ionad Ealaíona Gaeilge sa Daingean. Is é atá in Feast ná sraith pictiúr de chuid an ealaíontóra Éireannaigh Niki Purcell a cheiliúrann grá an ealaíontóra don aoibhneas inite, cibé acu canta méith císte nó lán doirne de phónairí nuaphioctha atá i gceist. Baineann na pictiúir le sásamh na gcéadfaí; a n-aidhm ná breith ar mheandar dúile agus aoibhnis.

Taispeántas: ‘Musicians of Ireland’ le Susan Hughes, faoi láthair – tús mhí na Nollag, Glór Innis, Co. an Chláir. Díríonn an t-ealaíontóir Susan Hughes, as Béal Feirste ó dhúchas, ar cheoltóirí traidisiúnta na hÉireann sa bhailiúchán saothair seo.


Timpeall na Tíre


SCÉAL ÓN MÓL THUAIDH:  Tá ‘Tuismitheoirí na Gaeltachta’ ag glacadh le litreacha do Shantaí ó pháistí Gaeltachta. Ba mhaith le ‘Fear na Feasóige’ dá dtabharfadh Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh dó na litreacha uilig ó ghasúir Ghaeltachta a chruinniú le chéile agus a chur chuige, ionas go mbeidh sé in ann iad go léir a fhreagairt i nGaeilge. Ní gá do na gasúir mar sin, ach a gcuid litreacha a chur sa bposta chuig an seoladh seo: Litir chuig Santaí, F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe. Moltar go láidir na litreacha a bheith sa bposta roimh Dé Céadaoin 10 Nollaig.

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, má tá tú ag foghlaim nó más cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar cnag.ie.