Imeachtaí an fhómhair tosaithe i gConamara

Ar an gCeathrú Rua a bheidh a gcéad chruinniú an séasúr seo ag Cumann Béaloidis Chonamara agus cuirfear tús le Séasúr an Fhómhair de Chlub Scannán Shailearna i Seanscoil Sailearna

Imeachtaí an fhómhair tosaithe i gConamara

Murar thuig tú sin ó ghoimh na maidine agus dorchacht dheireadh lae is léir agus na himeachtaí éagsúla ar tí tosú arís go bhfuil tráth airneáin tagtha. Cloisim neart cainte faoi sheisiúin aclaíochta a ídeoidh an bhlonag ach aclaíocht don anam atá agamsa daoibh.

Anocht in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua a bheidh a gcéad chruinniú an séasúr seo ag Cumann Béaloidis Chonamara agus lucht seanchais is cuartaíochta ag súil go mór leis.

An staraí, bean ghnó agus aistritheoir, Áine Ní Chonghaile a thabharfaidh an chéad léacht ‘An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag’. Tá an léacht seo bunaithe ar leabhar dá cuid a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht anuraidh. Tá an-lear eolais bailithe ag Áine faoi úinéireacht na talún i gceantar an Chillín agus na nOileán. Cérbh iad na tiarnaí talún agus na tionóntaí; cé as agus cén uair a tháinig siad?  Cén chaoi ar shaothraigh daoine a mbeatha agus cé na hathruithe móra a chonaic siad sa 19ú céad déag?

GAILEARAÍ: Leabhar nua seolta faoi stair na Ceathrún Rua agus na nOileán i gConamara

Tarraingíonn Áine as seanchas bhunadh na háite chomh maith leis na nuachtáin agus na foinsí oifigiúla a choinnigh lucht riaracháin is dlí. Más aon chomhartha an díol a bhí ar leabhar bhean Thír an Fhia anuraidh tá an-spéis ag an bpobal ina mbunús agus ina sinsir. Beidh an leabhar fhéin ar fáil ansin anocht.

Anocht chomh maith a chuirfear tús arís le Séasúr an Fhómhair de Chlub Scannán Shailearna i Seanscoil Sailearna sna hAille ag a 8.15pm.

Gheobhaidh tú ticéad séasúir [10 scannán] ar €35 nó féadfaidh tú €8 a íoc ar scannán na hoíche. Taispeánfar deich scannán idirnáisiúnta idir seo agus an 8 Nollaig, an oíche a mbeidh Róise & Frainc á thaispeáint.

La Belle Époque, scannán rómánsúil grinn as an bhFrainc a bheas á léiriú anocht agus scannán Gaeilge An Cailín Ciúin a bheidh ann an tseachtain seo chugainn. Bhí an-tóir ag lucht féachana ar na scannáin sin ar fad agus is breá an áit í an tseanscoil le breathnú ar scannán.

Beidh Darach Ó Cathain á chomóradh go ceolmhar thiar in Eanach Mheáin oíche Dé Sathairn agus cuid dá mhuintir, atá lán de cheol, ag teacht as Ráth Chairn.

Nach fearr sásamh a bhaint as an airneán fad a sheasfas an solas.

Fág freagra ar 'Imeachtaí an fhómhair tosaithe i gConamara'