‘Imeacht as na Gaeltachta’ ina ‘neamhcheist’ ag intleachtóirí agus léachtóirí Gaeilge – sochtheangeolaí

Dar le Conchúr Ó Giollagáin go bhfuil áisíneachtaí stáit Gaeltachta ag cabhrú le polasaí an Stáit an ‘dátheangachas’ a bhrú ar an nGaeltacht

‘Imeacht as na Gaeltachta’ ina ‘neamhcheist’ ag intleachtóirí agus léachtóirí Gaeilge – sochtheangeolaí

Tá “imeacht as na Gaeltachta” ina “neamhcheist” i measc léachtóirí ollscoile na Gaeilge agus tús áite á thabhairt acu “do mhúnlú intleachtúil ón naoú haois déag”, dar leis an sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin.

Ag labhairt dó ag comhdháil a d’eagraigh an grúpa Teacht Aniar i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, dúirt Ó Giollagáin gur údar imní a laghad machnaimh a dhéanann “intleachtóirí” na Gaeilge ar “riachtanais shochaíocha agus shochphlaoitiúila” na Gaeltachta agus ar éigeandáil teanga na Gaeltachta.

Dúirt sé go ndéanann formhór “na n-acadóirí Gaeilge” neamhní de chás na Gaeltachta agus iad gafa ar fad le “tioncnaimh phearsanta státurraithe” a bhaineann lena réimsí spéise “cúnga” féin.

Dúirt Ó Giollagáin chomh maith go raibh “bearna rómhór idir eagraíochtaí abhcóidíochta na Gaeilge agus lucht na Gaeltachta”agus go raibh na heagraíochtaí teanga “i ngaol frithghníomhach le Stát doicheallach”.

Dúirt sé go raibh na heagraíochtaí teanga ag plé le cás na Gaeilge “ar scála mothúchán seachas scála anailíse” agus gur ag gníomhú i ndiaidh an bhirt a bhíonn siad agus iad “ag cur scéalta amach go bhfuil siad ‘sona sásta’ nó ‘díomách’ faoi rud éigin atá tarlaithe”.

Mhaígh sé go raibh an plé a bhíonn ar bun ag eagraíochtaí “ró-chúng” agus go raibh an “ceo” atá anuas orthu ag cur bac ar aon athrú “suntasach” ar chur chuige an Stáit i leith na teanga.

“Tá sé thar am ag eagraíochtaí Gaeilge athmhachnamh a dhéanamh ar an bpolaittíocht teanga atá á cleachtadh acu,” a dúirt sé.

Dar le Ó Giollagáin gurb ionann polasaí an Stáit i leith na teanga anois agus “clár oibre” do “lucht foghlaim na Gaeilge” agus go rabhthas ag “brú an dátheangachas” ar an nGaeltacht agus ag freastal ar “riachtanais” an fhoghlaimeora seachas ar riachtanais an chainteora dúchais, ach amháin i gcás an pholasaí nua oideachais don Ghaeltacht.

Mhaígh sé go raibh na háisíneachtaí stáit Gaeltachta ag cabhrú le “clár oibre” an Stáit don fhoghlaimeoir agus “an rud seo faoin happy-clappy foghlaimeoir”, ar “caitheamh aimsire” aige an Ghaeilge, a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. 

Dúirt Ó Giollagáin gur cothaíodh “meánaicme” sa Ghaeltacht a bhí spleách ar “mhórchultúr feidhmiúil” an Bhéarla agus nach raibh “dúshlán” á thabhairt dá bharr do “leathnú idé-eolaíocht na bhfoghlaimeoirí sa nGaeltacht”.

“Tá an Stát ag brú idé-eolaíocht na bhfoghlaimeoirí sa Ghaeltacht tá agus na forais teanga agus meán-aicme na Gaeltachta ag cabhrú leo é sin a dhéanamh. Tá an stát ag tabhairt cead a chinn don phróiseas aistrithe teanga seo sa Ghaeltacht lena pholasaí d’fhoghlaimeoirí,” a dúirt sé.

Dar leis an sochtheangeolaí gur “straitéis shóisialta seachas eagraíochtúil” a theastaíonn má táthar le stop a chur le himeacht as na Gaeltachta.

Mhol sé go gcuirfí ar bun mar ábhar práinne ‘Tionól na nGael’ ar mhaithe le teacht “ar fhís shóisialta” don Ghaeilge agus go gceapfaí chomh maith “straitéis shóisialta na nGael”.

Mhol sé go mbunófaí athuair Scéim Labhairt na Gaeilge ach go mbeadh an scéim “níos fearr agus níos éifeachtaí” an uair seo. Ba ghá chomh maith, a dúirt sé, ionad taighde a bhunú sa Ghaeltacht chun anailís agus moltaí a dhéanamh faoi chás na teanga. Mhol sé leis go mbunófaí ‘Cartlann na nGael’ sa Ghaeltacht chun saibhreas sainiúil na teanga a chaomhnú.

Bhí an Dr Conchúr Ó Giollagáin ag labhairt ag ‘Cá bhfuil ár dtriall?’, cruinniú poiblí a d’eagraigh an grúpa Teacht Aniar chun go ndéanfaí plé “fuarchúiseach” ar an laghdú atá tagtha, de réir Dhaonáireamh 2016, ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Imeacht as na Gaeltachta’ ina ‘neamhcheist’ ag intleachtóirí agus léachtóirí Gaeilge – sochtheangeolaí'

  • Mánus

    An fáth nach bhfuil aird ar an ngéarchéim teanga sna Breacghaeltachtaí agus iar Ghaeltachtaí atá fágtha sa “Ghaeltacht” ná go bhfuil sé ró-dheireanach na pobail iargúlta sin a shábháil. Is athbheochaint teanga atá i gceist sa “Ghaeltacht” oifigiúil faoin am seo.
    Is sampla de thír dhátheangach í an Bheilg agus is léir nach bhfuil an Stáitín Deisceartach ag cothú tír dhátheangaigh. Is tír aonteangach Bhéarla atá ón Stáitín. Meallann sin Google srl. (Níor chuala siad faoin Danmhairg; tír bheag mar shampla nach bhfuil spleách ar an Bhéarla!) An Ghaeilge mar shiombal oidhreachta a bheidh fágtha di mura mbeidh cúpla gníomh radacach tógtha ag Gaeil go luath. Gníomh amháin eastát tithíochta lán-Ghaeilge neamhspleách ar aon deontas”Gaeltachta/Ghaeilge” a thógáil.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Dar leis an alt mhol Conchúr go n-athbhunófaí Scéim Labhairt na Gaeilge ach go mbeadh an scéim “níos fearr agus níos éifeachtaí” an uair seo. Aontaím ar fad leis ach roimhe sin theastódh teorannacha fírinneacha tíreolaíochta a leagan síos do na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge fós sách láidir mar theanga laethúil le gur fiú a bheith ag caitheamh fuinnimh agus dúthrachta leo.