‘Ím, bím’… Tá Baboró linn arís agus Féile Ealaíon na Leanaí faoi lánseol i nGaillimh

Tá roinnt imeachtaí Gaeilge beartaithe d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Leanaí atá ar siúl i gcathair na Gaillimhe faoi láthair

‘Ím, bím’… Tá Baboró linn arís agus Féile Ealaíon na Leanaí faoi lánseol i nGaillimh

Tá tús curtha le Baboró, féile ealaíon na leanaí, i nGaillimh agus 20 bliain á gceiliúradh ag lucht eagraithe na féile. Táthar ag súil leis na céadta duine beag i gcathair na Gaillimhe as seo go deireadh na seachtaine agus na scórtha imeachtaí ar siúl ar fud na cathrach.

Beidh drámaí, damhsa, ceol, puipéadóireacht, scannáin, taispeántais, ceardlanna agus cainteanna ar siúl in ionaid éagsúla i nGaillimh agus daoine ag teacht ó gach cearn den Eoraip le páirt a ghlacadh san fhéile.

Is féile ilteangach í Baboró agus tá cúpla imeacht Ghaeilge, chomh maith le cúpla imeacht nach mbaineann teanga ar leith leo, beartaithe i rith na  seachtaine. Beidh Gemma Bhreathnach ón gcomhlacht Futa Fata, mar shampla, ag léamh an leabhair Luan agus an Mórphianó i stiúideo Halla na Cathrach Dé hAoine.

Beidh an chomplacht téatair as Gaillimh, Branar, ag léiriú a ndráma Brionglóid Maloney arís sa chathair mar chuid den fhéile agus taispeánfar an scannán Amhrán na Mara i gcaitheamh na seachtaine freisin.

Tá ‘Saotharlann Chruthaitheachta’ oscailte ag Baboró in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is ann a bheidh na healaíontóirí Deirdre Rogers agus Órla Kelly ar feadh na seachtaine agus iad ag cur ceardlanna ealaíne ar fáil do na gasúir.

Beidh ceardlanna eile ar siúl don pháiste ar mó a spéis i gcúrsaí róbait agus innealtóireachta ag Robotic Adventures, áit a spreagfar gasúir le spéis a chur san eolaíocht, sa teicneolaíocht, sa mhatamaitic agus sa ríomhchlárú.

Beidh imeachtaí Béarla ar siúl do thuismitheoirí freisin agus PJ Lynch, duine de na healaíontóirí is mó rath in Éirinn, ag tabhairt cainte faoina chuid oibre. Beidh ealaíontóirí eile, Shona Shirley Macdonald, as Albain, Tarsila Krüse, a mhaisigh Ná Gabh ar Scoil, agus Alan Clarke, a bhfuil gradaim agus duaiseanna go leor buaite aige as a chuid maisithe, i láthair ag an ócáid freisin.

Tá clár iomlán na féile ar fáil ar shuíomh Baboró.

Fág freagra ar '‘Ím, bím’… Tá Baboró linn arís agus Féile Ealaíon na Leanaí faoi lánseol i nGaillimh'