Idir stuaim agus mhíchúram…agus ‘cute hoors’ Dála

Dúshlán gan choinne don chéad rialtas eile. Méadú gan choinne ar theacht isteach a chaitheamh go ciallmhar

Michael Noonan. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Michael Noonan. Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Is ar an gCéadaoin, mar is gnáth, a d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais an cuntas is deireanaí ar theacht isteach agus ar chaiteachas an rialtais. Ach bhí an dea-scéala a léiríodh sa chuntas chomh sásúil sin gur theip ar fhoighne an aire airgeadais.

D’inis sé cnámha an scéil don choiste airgeadais tráthnóna Dé Máirt. Bhí ioncam an rialtais i mí na Samhna  €470m os cionn an fhigiúir a bhí á thuar roimh ré, a dúirt sé. Tá teacht isteach iomlán an Rialtais go dtí seo i mbliana beagnach €3 bhilliún níos mó ná an méid a bhí beartaithe bliain ó shin.

Bhí súil aige freisin, a dúirt Michael Noonan leis an gCoiste, go mbeifí ábalta buiséad comhordaithe, ina mbeadh caiteachas ‘bord ar bhord’ i gceist, a dhréachtadh i 2018.

Gan amhras, is ar an olltoghchán a bhí an t-Aire ag smaoineamh agus an dea-scéala á fhógairt aige. Ach bhain a ndúirt sé le géarchoimhlint eile chomh maith, coimhlint idir an Rialtas agus an Chomhairle Chomhairlitheach Bhuiséadach (IFAC).

Thug an rialtas droim láimhe le moladh IFAC gan caiteachas breise a bhunú ar theacht isteach chánach na bliana seo. Thug an Chomhairle freagra breá géar ar bhodhaire an Rialtais, i dtuairisc inar thug siad foláireamh gur ábhar imní a bhí i gclaonadh an rialtais, dar leo, caiteachas breise a mhéadú gan a bheith cinnte go raibh ioncam inbhunaithe ar fáil chun íoc as.

Thagair freagra an rialtais ar an bhfreagra sin do ráiteas na gCoimisinéirí Ioncaim gur ioncam timthrialach (nó cyclical) é an chuid is mó den teacht isteach breise.

Leanfar leis an mbriatharchath seo gan dabht, ach dúisíonn sé ceist níos fadtéarmaí. An mbeidh cibé rialtas a thoghfar tar éis shéasúr na ngeallúintí ábalta srian a choimeád le (a) caiteachas breise; agus (b) laghduithe ar cháin,ionas nach bhfágfar an státchiste i sáinn sa chéad ghéarchéim eile.

Dúirt eacnamaí aitheanta leis an gcolún seo, dála an scéil, go mbeidh géarchéim mhór eile ann faoi cheann ceithre bliana nó mar sin.

Cead cainte agus ‘cute hoor’ Dála

An bhfuil cead ag Teachta Dála ‘cute hoor’ a thabhairt ar Theachta Dála eile i nDáil Éireann. Spreag comhrá idir Michéal Martin agus an Taoiseach an cheist Dé Máirt, cé nach raibh freagra lánsoiléir sa mhéid a dúirt an Ceann Comhairle leis.

Roimhe seo, rialaigh Cinn Chomhairle éagsúla go raibh cosc ar fhocail mar seo a leanas le linn díospóireachta: “brat”, “corner-boy”, “coward”, “gurrier”, “guttersnipe”, “scumbag”, “yahoo” agus a leithéid.

Bhí Mícheál Martin ag cur i leith Enda Kenny tráthnóna Dé Máirt nach raibh sé toilteanach a bheith páirteach i ndíospóireachtaí beo teilifíse le ceannairí eile, nuair a dúirt sé, “The Taoiseach belongs to a sort of cute-hoor form of politics that says the more one ducks and dives, the less…”

Bhris an Ceann Comhairle Sean Barrett isteach air. “That is not very parliamentary,” a dúirt sé leis. Dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur féidir teacht ar ‘cute hoor’ in ailt éagsúla, i gcáipéisí agus i leabhair. Ach dúirt an Ceann Comhairle leis go raibh difríocht idir rialacha na Dála agus go leor rudaí a fheictear i leabhair.

Mura raibh cosc go dtí seo ar ‘cute hoor’ (cladhaire, cleasaí?) a thabhairt ar namhaid sa Dáil, is dóigh gur féidir glacadh leis go bhfuil cosc anois air.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Idir stuaim agus mhíchúram…agus ‘cute hoors’ Dála'

  • Séamas Mac Coitir

    Ní haon dochar a chur ar a súile do na polaiteoirí go léir, an scaothaireacht, agus an bholmántacht, as cuimse, a bhíonn ar siúl acu go síoraí seasta, go háirithe, agus olltoghchán ar na bacáin. Déanfar geallúintí gan dealramh le linn na feachtasaíochta as seo go ceann roinnt seachtainí, agus ansin an té atá bacach bíodh ó d’imigh an bhacaíl díom! Sin mar a bhíonn sé i gcónaí an focal mór agus droch-chur leis!

    Mo ghraidhin é Cathal, deireann sé an méid a bhíonn le rá aige gan fuacht gan faitíos! Bíonn an fhírinne searbh, ní searbh ach garbh, mar a dúirt an té a dúirt é fadó!