Idir na rianairí GPS agus an sliotar glic, is beag rud nach bhfuil baint ag an eolaíocht leis

Baineann na foirne idirchontae uile úsáid as an teicneolaíocht chun barr a maitheasa a bhaint amach

Idir na rianairí GPS agus an sliotar glic, is beag rud nach bhfuil baint ag an eolaíocht leis

Cúpla seachtain ó shin scríobh mé faoin bhfoireann mhór sa gcúlseomra, mar a thugtar air, atá ag obair le cuid maith des na foirne idirchontae peile agus iomána na laethanta seo. Luaigh mé go bhfuil ardcháilíochtaí ag cuid maith des na saineolaithe atá ag obair leir na foirne idirchontae. Ar an drochuair níor luaigh mé an focal ‘eolaíocht’ agus an bhaint atá ag cúrsaí eolaíochta le gach a mbaineann lenár gcluichí náisiúnta.

Is beag rud nach bhfuil baint ag an eolaíocht leis. Tá dian-eolas ag baint le gach a mbaineann le cúrsaí nirt agus aclaithe. Tuigeann na traenálaithe faoin chorp. Tá a fhios acu faoin sórt traenála atá le déanamh ag na hamanta difriúla sa séasúr. Cuirtear béim ar ghnéithe difriúla ag amanta difriúla. Tá tuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cúrsaí sosa.

Tá saineolaí eile ann a thuigeann faoi chúrsaí bia agus duine eile ann do chúrsaí meabhrach. Bíonn i bhfad níos mó pleanála déanta faoin bhfreasúra ag an roinn teicneolaíochta. Tá teaicticí thar a bheith tábhachtach. Tá eolas á fháil ós na rianairí GPS. Tá eolaíocht ghlic sna sliotair. Bíonn camán gach imreora saindéanta.

Agus tá gach foireann ag iarraidh coimeád suas leis na foirne is fearr agus i gCorn Mhic Cárthaigh, seasann Luimneach amach mar cheannródaithe i ré seo na heolaíochta. Agus taobh thiar díobhsan d’fhéadfá a rá nach bhfuil mórán idir an chéad leathdhosaen eile.

Tóg craobhacha na Mumhan agus Laighean 2023 mar shampla. Go dtí an cluiche deireanach bhí mórán nach raibh socraithe. Sna cluichí deireanacha sin bhí Corcaigh i gcoinne Luimnigh agus an dá chontae ag déanamh iarracht fanacht sa chomórtas agus áit a bhaint amach sna chéad trí fhoireann sa chúige.

Bhí seans ag Áth Cliath áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Laighean nuair a d’imir siad i gcoinne na Gaillimhe sa chluiche deireanach sin. Dar ndóigh bhí ar an Ghaillimh an cluiche a bhuachaint chun a bheith cinnte dá n-áit féinig sa chluiche ceannais cúige.

Bhí ar Loch Garman buachaint i gcoinne a sean-namhad Cill Chainnigh chun fanacht amach as an spás dícháilithe. Agus an sprioc chéanna a bhí ag an dá chontae nuair a d’imir Aontroim agus an Iarmhí sa chluiche deireanach.

An lá céanna ní raibh mórán cainte faoin gcoimhlint idir Port Láirge, a raibh a dtrí chluiche caillte acu, agus Tiobraid Árann a bhí ar comhscór ina gcluiche deireanach i gcoinne Luimnigh. Ag tús na seachtaine sin agus an Clár cáilithe do chluiche ceannais na Mumhan, bhí caint faoin ionad ina n-imreofaí an chraobh idir an Clár agus Tiobraid Árann. Dar ndóigh mar a tharla, bhuail Na Déise bob ar Thiobraid Árann.

Bhí bua dhá chúilín ag Luimneach ar Chorcaigh agus i bpreabadh na súl shleamhnaigh Luimneach isteach sa chluiche ceannais, d’imigh Corcaigh ón gcomórtas agus chríochnaigh na Tiobraid Árannaigh sa tríú háit. I bhformhór na gcluichí i gCúige Mumhan ní raibh ach poc den sliotar idir na foirne.

Tá na foirne sin go léir ag leanúint na heolaíochta. Tá an bhearna eatarthu an-chúng ar fad. D’fhéadfainn a scríobh go raibh cuid mhaith den ádh ag baint le Luimneach i gcomórtas na Mumhan.

Tosnóidh siad 2024 mar rogha na n-údar. San ullmhúcháin leanfaidh siad an eolaíocht mar a dhéanfaidh na foirne eile. Agus lá éigin caillfidh Luimneach nuair nach mbeidh aon bhealach ar ais agus ansin beimid go léir ag lorg eolais ar an eolaíocht nua agus pé rud eile a thug anuas na seaimpíní.

Fág freagra ar 'Idir na rianairí GPS agus an sliotar glic, is beag rud nach bhfuil baint ag an eolaíocht leis'