Idir inneall agus anam á scagadh ag McEwan

In ‘Machines Like Me’ aimsíonn Ian McEwan an sprioc sin idir litríocht ‘liteartha’ agus litríocht mhóréilimh mar is dual dó

Idir inneall agus anam á scagadh ag McEwan

Machines Like Me
Ian McEwan

Tá Ian McEwan ar dhuine de na scríbhneoirí is aitheanta i litríocht an Bhéarla faoi láthair. Rinneadh scannáin as roinnt dá chuid úrscéalta, Atonement, ina measc; móimint foráis an aisteora, Saoirse Ronan. Lena chois sin, bhain McEwan cuid de na gradaim is mó le rá i réimse na litríochta comhaimseartha, an Booker, Whitbread agus Somerset Maugham.

Is é Machines Like Me an t-úrscéal is déanaí dá chuid agus is é atá líon lán leis an chineál dea-scríbhneoireachta agus seifteanna traidisiúnta a chleachtann McEwan. Tá an scéal bunaithe ar Charlie Friend, fágálach i ndáiríre, agus é beo i Londain sna 1980idí. Tá sé beo ar airgead a fágadh le huacht aige agus is beag aird atá aige ar shlí bheatha thraidisiúnta a bhaint amach. Baineann sé ceol as na margaí airgid ar líne ach is í an teicneolaíocht a phaisean agus is é atá doirte don bhean álainn san árasán thuas staighre, Miranda. Ní fada go mbuanaíonn cúrsaí a gcumann.

Ach ní hionann an Londain seo aige agus an Londain a bheadh ar eolas ag an léitheoir. Lúbann McEwan an stair as a riocht, saobhstair atá anseo. Tá Margaret Thatcher i gcumhacht, is fíor, ach teipeann ar a cuid iarrachtaí Oileáin Fháclainne a bhaint ar ais ó junta na hAirgintíne. Meallann ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Tony Benn, dea-thoil na vótóirí agus ní fada go ndéantar príomh-aire na Breataine de. Seift thar a bheith cliste atá anseo ag McEwan; meallann sé an léitheoir siar cosán na bréagstaire, rud a chuireann le fírinne scéal Charlie. An cabhsa nár roghnaíodh atá ann, bóthar Frost.

Mar sin féin, is é an difear is suntasaí idir Londain seo Charlie agus Londain na linne s’againne gur chun tosaigh atá siad ó thaobh na teicneolaíochta de. Sa leagan seo den stair ag McEwan is i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda a tháinig borradh faoin teicneolaíocht agus bhláthaigh sí sna blianta iarchogaidh. Tá Alan Turing, duine de na daoine is ardéirime lena linn, tá sé beo ar fad agus é ag obair as lámh a chéile lena chomhghleacaithe ar cheisteanna na hintleachta saorga. Dá réir sin, tá an earnáil seo i bhfad níos forbartha ná mar a tharla sa ré seo againne. (Ná bac Alan Sugar agus a Amstrad!)

Tá rudaí chomh forbartha sin go bhfuil andróidigh anois ar fáil agus ceannaíonn Charlie ceann acu – Adam. Ar Charlie agus ar Miranda a thiteann an cúram pearsantacht a bhronnadh ar an inneall nua. Is gairid go mbíonn Adam ag sú a bhfuil d’eolas roimhe – agus ag cur aithne ar a bheirt ‘úinéirí’; más ‘úinéir’ an téarma cuí. De réir mar a fhorbraíonn intleacht agus mian Adam, is amhlaidh is mó go ndéantar duine de. Ní duine daonna é, is fíor, ach tá tréithe daonna chomh láidir sin ann go n-éiríonn an chiall le cad is duine daonna agus cad is duine déanta ann ceoch ar fad ar fad.

Tig ciall le haois, a deir muid, agus is amhlaidh sin le hAdam; tig ciall chuige; aithníonn sé é féin mar neach ar leith; aithníonn sé an difear idir fírinne agus bréag. Ní duine daonna é ó thaobh croí agus cuislí de ach tuigeann sé don ghrá, don fhearg, don éad. An bhfuil rud ar bith níos daonna ná sin?

Ba cheart go mbeadh an triúr sona ach ní i bhfad a mhaireann sin. Tá rún dorcha ag Miranda a chuireann a caidreamh le Charlie agus le hAdam i mbaol. Is é an croí an chuid is leochailí den scéal ar fad. Tig le daoine machnamh a dhéanamh ar a gcás, tuigeann siad a bhfuil le déanamh acu ach seolann an croí ar bhealach a n-aimhleasa iad. Bíodh is go bhfuil paisean agus loighic sa duine, ní i gcónaí a réitíonn siad go maith le chéile – ceist, gan amhras, atá faoi chaibidil ó aimsir Phlatóin.

Éiríonn le McEwan carachtair spéisiúla agus mothúcháin chorracha a chur os comhair an léitheora agus lonnaíonn sé iad i suíomh a leath-aithníonn muid. Aimsíonn sé an sprioc sin idir litríocht ‘liteartha’ agus litríocht mhóréilimh mar is dual dó, is é sin le rá, thiocfadh leat an leabhar a léamh mar scéinscéir, beagnach, agus gan mórán suntais a thabhairt do na ceisteanna teibí a chuireann sé.

Seans gur mar sin is fearr é. Tá McEwan cliste cumasach ach níl sé chomh dásachtach le Houellebecq, abair. Scéal maith atá ann ach úrscéal nach n-éiríonn leis a anam a dhéanamh ar fad.

Fág freagra ar 'Idir inneall agus anam á scagadh ag McEwan'

  • Éadóchasach

    Ar theastaigh an léirmheas seo ó Ian McEwan agus léirmheasanna déanta ar a leabhar in ‘The Guardian’, ‘The Independent’, ‘The Irish Times’, ‘The New York Times’, agus neart mórfhoilseachán eile nach iad? Ar theastaigh an léirmheas seo ó Thuairisc.ie?

    D’fhoilsigh ‘Comhar’ ‘Móreagrán na Scríbhneoirí Nua’ le déanaí, eagrán a thug ardán do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Ní raibh alt ar bith faoi, ná faoina raibh le léamh ann, le léamh anseo. Sin é an saghas léirmheasa a theastaíonn ón suíomh seo, sílim: Léirmheas faoi scríbhneoirí nua na Gaeilge, léirmheas ná fuil le fáilt in aon fhoilseachán ná in aon áit eile agus nach mbeidh go deo. Muna bhfuil Pól Ó Múirí sásta a leithéid de léirmheas a scríobh, b’fhéidir gur mhaith le hAlex Hijmans, nó le tráchtaire eile de chuid Thuairisc.ie, é a scríobh?

    Ní gá do Thuairisc.ie bheith go hiomlán tiomanta do litríocht na Gaeilge – a mhalairt ar fad! -, ach nár chóir don suíomh nuachta is tábhachtaí dá bhfuil ag lucht na Gaeilge móreagrán d’iris atá go hiomlán tiomanta do nuascríbhneoireacht/nualitríocht na Gaeilge a phlé?