Iarshaighdiúir amháin de chuid na Breataine le cúiseamh as dúnmharú Domhnach na Fola

Cúiseofar ‘Saighdiúir F’ as dúnmharú James Wray agus William McKinney agus as iarracht ar dhúnmharú i gcás Joseph Friel, Michael Quinn, Joe Mahon agus Patrick O’Donnell

Iarshaighdiúir amháin de chuid na Breataine le cúiseamh as dúnmharú Domhnach na Fola

Tá iarshaighdiúir amháin de chuid arm na Breataine le cúiseamh as eachtraí Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972. D’fhógair Seirbhís Ionchúisimh Thuaisceart Éireann an cinneadh stairiúil i ndiaidh dóibh scagadh a dhéanamh ar fhianaise a bhain le 18 saighdiúir, duine nach maireann ina measc, agus beirt bhall de chuid an IRA Oifigiúil a raibh amhras fúthu.

Dúirt an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Stephen Herron nach raibh dóthain fianaise ann le haon duine eile seachas ‘Saighdiúir F’ a chúiseamh. Údar díomá a bheidh ann do go leor, gaolta na marbh go háirithe, nach mbeidh ach saighdiúir amháin á chur ar a thriail ach cuireadh fáilte chomh maith roimh an scéal go gcúiseofar ‘Saighdiúir F’ as dúnmharú James Wray agus William McKinney agus as iarracht ar dhúnmharú i gcás Joseph Friel, Michael Quinn, Joe Mahon agus Patrick O’Donnell.

Maraíodh 13 saoránach i gcathair Dhoire ar an 30 Eanáir 1972 nuair a thosaigh saighdiúirí de chuid arm na Breataine ag scaoileadh  leis an slua a bhí bailithe sa chathair i ndiaidh mórshiúl ar son cearta sibhialta.

Fuair duine amháin eile bás ina dhiaidh sin de thoradh na ngortuithe a bhain dó.

Chuir gaolta na marbh suas feachtas fada ar son an chirt agus bhí siad ar an láthair inniu don chinneadh.

Ghabh David Cameron leithscéal in 2010 as eachtraí Dhomhnach na Fola a bhí “gan údar agus dochosanta”.

Bhí iar-phríomh-aire na Breataine ag labhairt i ndiaidh don Tiarna Saville torthaí a fhiosrúcháin faoin sléacht a fhoilsiú. Dúirt Saville gurbh iad saighdiúirí na Breataine a scaoil na chéad urchair in nDoire ar an 30 Eanáir 1972 agus go ndearna siad sin gan aon rabhadh a thabhairt. Fuarthas go raibh an uile dhuine a maraíodh neamharmtha agus gur ag teitheadh ó na saighdiúirí nó ag cabhrú le daoine a bhí gortaithe a bhí go leor de na daoine nuair a scaoileadh iad.

Dúirt Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí Thuaisceart Éireann inniu go raibh sé tábhachtach a rá nár athraigh an cinneadh gan ach saighdiúir amháin a chúiseamh torthaí fhiosrúchán Saville beag ná mór.

I measc na gcúiseanna a bhí á meá ag an tSeirbhís Ionchúisimh bhí, dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú agus mórdhíobháil choirp a dhéanamh d’aon ghnó.

Is iad na daoine a maraíodh Domhnach na Fola, Patrick Doherty, 31, Gerald Donaghey, 17, John ‘Jackie’ Duddy, 17, Hugh Gilmour, 17, Michael Kelly, 17, Michael McDaid, 20, Kevin McElhinney, 17, Bernard ‘Barney’ McGuigan, 41, Gerard McKinney, 35, William ‘Willie’ McKinney, 27, William Nash, 19, James Wray, 22 agus John Young, 17.

I measc an 15 eile a gortaíodh ar an lá bhí John Johnston, 59, a fuair bás ina dhiaidh sin de thoradh a ghortuithe.

 

 

 

Fág freagra ar 'Iarshaighdiúir amháin de chuid na Breataine le cúiseamh as dúnmharú Domhnach na Fola'