Ní bheidh aon chinnteacht ann, ar ndóigh, go dtí go gcaithfidh muintir na Fraince vóta sa dara babhta dá dtoghchán uachtaránachta ar an 7 Bealtaine. Ach más fianaise ar bith iad na pobalbhreitheanna sa Fhrainc agus – go háirithe – lúcháir lucht na stocmhargaí ar fud na hEorpa tar éis toradh an chéad bhabhta, a reáchtáladh Dé Domhnaigh seo caite, níl seans dá laghad ann go dtoghfar Marine Le Pen ina huachtarán ar an bhFrainc i mbliana.
Mura dtarlódh tubaiste as seo go ceann coicíse a thabharfadh buntáiste do Le Pen, toghfar Emmanuel Macron, nach bhfuil ach 39 bliain d’aois, nach mbaineann leis an eite dheis ná leis an eite chlé ach atá go láidir ar son na hEorpa, ina uachtarán ar an bhFrainc.
Comhartha dóchais?
Cheapfainn é.
Le leathbhliain anuas, ó tháinig bua Donald Trump sna Stáit Aontaithe anuas ar an mBreatimeacht, tá súile an domhain ar mhór-roinn na hEorpa, mar a raibh agus mar a bhfuil iarrthóirí de chuid na heite fíordheise ag glacadh páirt i sraith toghchán tábhachtach.
Bhí drochscéal á thuar san Ostair, áit a raibh iarrthóir de chuid na heite fíordheise ag déanamh go maith sna pobalbhreitheanna – ach toghadh iarrthóir ó chúlra glas ina ionad.
Bhí drochscéal á thuar san Ísiltír, mar a raibh bua mór á thuar don pholaiteoir frith-Eorpach agus Ioslamafóibeach Geert Wilders – ach ní bhfuair sé ach 15 faoin gcéad den vóta. Sheas móramh na vótóirí le páirtithe atá go láidir ar son na hEorpa.
Bhí scéal chailleach an uafáis á dhéanamh faoin bhFrainc – agus is dócha gur amhlaidh a bheidh nó go bhfaighidh Emmanuel Macron an ceann is fearr ar Marine Le Pen sa dara babhta – ach dealraíonn sé nach mbeidh an eite fhíordheis i gceannas sa Fhrainc ach an oiread.
Ná ní cosúil, ag an bpointe seo, go n-éireoidh leis an bpáirtí frith-Eorpach, frith-imirce Alternative für Deutschland bua suntasach a fháil in olltoghchán na Gearmáine, a bheidh ar siúl i mí Mheán Fómhair.
Le scéal fada a dhéanamh gearr: go dtí seo, aon áit a raibh rogha ag vótóirí mhór-roinn na hEorpa idir iarrthóirí frith-inimirce, frith-Eorpacha agus an status quo, roghnaigh siad an status quo.
Scéal eile é scéal na Breataine, ar ndóigh, mar a bhfuil bua mór á thuar don Pháirtí Coimeádach, agus do thogra an Bhreatimeachta, san olltoghchán tobann a reáchtálfar i mí an Mheithimh.
Drochscéal é sin don Eoraip, dar liom, ach d’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad níos measa.
Dá dheacra é, is féidir an Eoraip a shamhlú gan an Bhreatain mar chuid di. Ach ní féidir í a shamhlú gan an Fhrainc nó an Ghearmáin.
Éadóchasach
Má shílir gurb é an status quo atá á thairiscint ag Emmanuel Macron, tá dul amú ort: Tá sé ag iarraidh an Fhrainc agus an tAontas araon a athrú go domhan. Is maith an rud go bhfuil a leithéid de rud á iarraidh aige, áfach. Teastaíonn athrú uainn, ach athrú ar son na hEorpa a bheadh ann.