Iarrtha ar fhoireann TG4 a bheith cúramach faoi chúrsaí slándála mar gheall ar chlár faisnéise

Dúradh gur chóir cúram ar leith a dhéanamh do chúrsaí slándála an tseachtain seo mar gheall ar an gclár faoi cheist na hinimirce agus grúpaí agóide

Iarrtha ar fhoireann TG4 a bheith cúramach faoi chúrsaí slándála mar gheall ar chlár faisnéise

Iarradh ar fhoireann TG4 na doirse a choimeád dúnta agus a bheith níos cúramaí ó thaobh cúrsaí slándála an tseachtain seo mar gheall ar chlár cúrsaí reatha a craoladh ar an stáisiúin.

Aréir a craoladh an clár sa tsraith nua Iniúchadh TG4, clár a phléigh le cúrsaí inimirce agus grúpaí atá an-fhada amach ar an eite dheis.

I nóta a scaipeadh ar fhoireann an stáisiúin iarradh orthu na doirse sa cheannáras i mBaile na hAbhann a dhúnadh i gceart.

Dúradh gur chóir cúram ar leith a dhéanamh do chúrsaí slándála an tseachtain seo mar gheall ar an gclár faoi cheist na hinimirce.

Tharraing an chéad chlár sa tsraith nua Iniúchadh TG4 conspóid mhór toisc gur dhírigh sé ar thragóid an Chraoslaigh, an phléasc i nDún na nGall inar maraíodh deichniúr mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Chinn TG4 an clár a chur amach in ainneoin go ndearna gaolta daoine a maraíodh sa phléasc achainí ar an stáisiún gan an clár a chraoladh.

Fág freagra ar 'Iarrtha ar fhoireann TG4 a bheith cúramach faoi chúrsaí slándála mar gheall ar chlár faisnéise'