Iarrtha ar an Aire Oideachais plean scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de scoil Bhéarla i mBaile Átha Cliath a phlé le tuismitheoirí

Tá sé fógartha ag Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice go bhfuil sé fós i gceist leanúint ar aghaidh le plean Gaelcholáiste comhoideachais a dhéanamh do CBS Sráid Synge, iarbhunscoil do bhuachaillí i ndeisceart na cathrach

Iarrtha ar an Aire Oideachais plean scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de scoil Bhéarla i mBaile Átha Cliath a phlé le tuismitheoirí

Tá sé molta go gcasfadh an tAire Oideachais Helen McEntee leis an ngrúpa atá ag feachtais do Ghaelcholáiste nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun plé a dhéanamh ar an scéal go bhfuil scoil lán-Ghaeilge le déanamh d’iarbhunscoil Bhéarla sa cheantar.

Tá sé fógartha ag Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice go bhfuil sé fós i gceist leanúint ar aghaidh le plean Gaelcholáiste comhoideachais a dhéanamh do CBS Sráid Synge, iarbhunscoil do bhuachaillí i ndeisceart na cathrach, in ainneoin go bhfuil amhras léirithe ag bord bainistíochta, múinteoirí agus tuismitheoirí na scoile.

D’fhág cinneadh an bhoird bainistíochta an mhí seo caite nach raibh sé i gceist acu dul ar aghaidh leis an bplean mar a bheartaigh an t-iar-aire Oideachais Norma Foley nuair a d’fhógair sí an scéal anuraidh. Dúradh ag an am gurb iad na daltaí a bheadh ag dul isteach sa gcéad bhliain in 2026-2027 an chéad dream a bheadh ag fáil oideachas lán-Ghaeilge sa scoil.

Tá imní léirithe ag múinteoirí nach bhfuil dóthain Gaeilge acu chun a bheith ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge agus go bhfuil a bpostanna sa scoil i mbaol. Tá sé ráite ag an gceardchumann Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) nach raibh comhairliúchán cuí déanta le múinteoirí ná tuismitheoirí agus gur cheart an plean a chaitheamh i dtraipisí agus tosú ó bhonn arís.

Thug Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice le fios d’fhoireann na scoileanna an tseachtain seo go bhfuil sé fós i gceist dul ar aghaidh leis an bplean ach, mar gheall ar an imní a bhí léirithe, go nglacfaí an bhliain seo chugainn le daltaí a gheobhadh oideachas trí Bhéarla go dtí go gcríochnódh siad a gcuid scolaíochta in 2032.

Dúradh go gcuirfí gach tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus go mbeadh próiseas athlonnaithe ann dóibh siúd nach raibh ag iarraidh múineadh sa Ghaelcholáiste.

Tá leas-phríomhoide nua le hearcú ag an scoil chun ceannas a thógáil ar fhorbairt an Ghaelcholáiste agus tá na daltaí a chláraíonn don oideachas lán-Ghaeilge an bhliain seo chugainn le lonnú i bhfoirgneamh ar leith sa scoil chun a chinntiú go mbeidh siad tumtha sa teanga.

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, fáilte “go faichilleach” roimh an scéal go bhfuiltear chun leanúint ar aghaidh leis an bplean Gaelcholáiste a dhéanamh de CBS Synge Street ach dúirt sé go raibh obair mhór le déanamh chun an plean a chur i gcrích.

“Aithníonn muid go bhfuil dúshlán fós le sárú, agus is mór an trua an dochar a rinne an t-iar-aire oideachais Norma Foley do mhuinín na múinteoirí, agus i measc fhoireann na scoile, leis an easpa comhairliúcháin agus foláirimh roimh an bhfógra a rinne sí ag an am,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Molaim don aire oideachais nua Helen McEntee bualadh leis an mbrúghrúpa Gaelcholáiste 2,4,6,8 gan mhoill chun an comhaontú seo a phlé leo.

“Tá súil againn go n-éireoidh leis an Roinn Oideachais agus leis an bpátrún teacht timpeall ar na dúshláin chun a chinntiú go mbeidh tumoideachas iomlánaíoch lán-Ghaeilge ar fáil do dhaltaí i ndeisceart na cathrach, mar atá de dhíth orthu agus de cheart acu.”

Agus é ag labhairt ar Morning Ireland ar RTÉ Radio One ar maidin, dúirt Leas-Ard-Rúnaí an ASTI go raibh múinteoirí i CBS Synge Street “coinnithe sa dorchadas” maidir leis an bplean agus nach raibh aon chomhairliúchán déanta le tuismitheoirí.

Dúirt Diarmaid de Paor go raibh baill an ASTI ag iarraidh go gcuirfí stop leis an bplean agus go dtosófaí ó bhonn arís agus plean a dhéanamh “i gceart”.

Fág freagra ar 'Iarrtha ar an Aire Oideachais plean scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de scoil Bhéarla i mBaile Átha Cliath a phlé le tuismitheoirí'

  • Niall Ó Flatharta

    Mura bhfuil Gaeilge le dealramh ag na múinteoirí, ní fiú imeacht ón mBéarla mar theanga teagaisc. A thuilleadh den “Tá sé mahogany gaspipe” an toradh a bhéadh ar an iarracht.