Iarrtha ag Teachtaí Dála ar Fhoras na Gaeilge ‘athmhachnamh’ a dhéanamh ar a bplean aistriú chuig Sráid Amiens

D’iarr iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar Phríomhfheidhmeannach agus ar Chathaoirleach an Fhorais gan socrú fadtéarmach a dhéanamh maidir le cóiríocht oifige nua nó go bhfeicfí cén rath a bheadh ar an bplean do lárionad Gaeilge nua ar Shráid Uí Mhórdha

Iarrtha ag Teachtaí Dála ar Fhoras na Gaeilge ‘athmhachnamh’ a dhéanamh ar a bplean aistriú chuig Sráid Amiens

Tá iarrtha ag beirt Teachtaí Dála ar Fhoras na Gaeilge “athmhachnamh” a dhéanamh ar a bplean maidir le haistriú go ceannáras nua ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna inné, d’iarr iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar Phríomhfheidhmeannach agus ar Chathaoirleach an Fhorais gan socrú fadtéarmach a dhéanamh maidir le cóiríocht oifige nua nó go bhfeicfí cén rath a bheadh ar an bplean do lárionad Gaeilge nua ar Shráid Uí Mhórdha.

Tá Ó Cuív agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín, a d’ardaigh ceist an lárionaid ag cruinniú an lae inné, ag obair le sé mhí anuas ar phlean maidir le lárionad Gaeilge a thógáil ag an láthair stairiúil ar Shráid Uí Mhórdha a raibh baint mhór aici le hÉirí Amach 1916.

Dúirt Ó Cuív go raibh dul chun cinn maith á dhéanamh i leith an tionscadail seo agus go mba é an “trua ghéar” dá síneodh an Foras léas fada ar Shráid Amiens nuair a ráineodh go mbeadh spás oifige ar fáil dóibh amach anseo ar an láthair “is fearr sa chathair”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn go gcuirfí san áireamh an méid a bhí le rá ag Ó Cuív agus Tóibín ach go gcaithfí cuimhneamh go raibh “géarchéim” oifige ag an eagraíocht trasteorann.

Chuir Cathaoirleach an Choiste Catherine Connolly ceist ar ionadaithe Fhoras na Gaeilge faoin scéal go bhfuil an eagraíocht ag bogadh go ceannáras nua ar Shráid Amiens.

Mar fhreagra air sin, dúirt Seán Ó Coinn go raibh deacrachtaí acu maidir le hoifigí nua a aimsiú, rud ba ghá a dhéanamh agus an léas atá acu istigh, ach go raibh “réiteach iontach” aimsithe anois acu.

Dúirt Connolly nach raibh sí “sásta” go mbeadh an Foras ag fágáil “foirgneamh poiblí” agus ag dul i muinín an mhargaidh phríobháidigh.

Dheimhnigh Seán Ó Coinn go mbeadh cíos níos airde i gceist sa cheannáras nua i dtuaisceart na cathrach.

Agus deireadh ag teacht leis an gcruinniú, dúirt sé mbeadh an Foras sásta bualadh le Catherine Connolly leis an scéal a mhíniú go mion di.

Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh aighneas idir foireann agus lucht bainistíochta Fhoras na Gaeilge maidir leis an gcinneadh go mbogfaí ceannáras na heagraíochta teanga ó Chearnóg Mhuirfean chuig Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach.

séanta ag Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, go bhfuil aon bhunús le líomhaintí a rinne ball foirne faoin bpróiseas aistrithe oifige, líomhaintí a rinne an ball foirne faoi scáth na reachtaíochta a tugadh isteach mar chosaint do sceithirí.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag Teachtaí Dála ar Fhoras na Gaeilge ‘athmhachnamh’ a dhéanamh ar a bplean aistriú chuig Sráid Amiens'