Iarrtha ag Seanadóirí ar an Rialtas brú a chur ar Westminster reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach

13 Seanadóir a labhair ag an gcéad chéim den Bhille Teanga sa Seanad tráthnóna, mar ar cuireadh fáilte roimh an reachtaíocht atá le leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga

Iarrtha ag Seanadóirí ar an Rialtas brú a chur ar Westminster reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach

Iarradh sa Seanad tráthnóna ar an Rialtas brú a chur ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart trí pharlaimint  Westminster.

D’impigh an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee ar a comhghleacaí Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, brú a chur ar Rialtas na Breataine i dtaobh cheist na reachtaíochta atá geallta acu.

Mhaígh Lorraine Clifford-Lee gur “beart soiléir” an bille teanga a léirigh nach “béalghrá” a bhíonn ar bun ag an rialtas i leith na teanga, ach dúirt sí go raibh “na Gaeil ar an dtaobh eile den teorainn” fágtha gan aon chearta teanga acu.

“Tá siad fós ag fanacht ar chearta teanga, tá siad fós ag fanacht ar Choimisinéir Teanga chun a gcearta mar mhionlach a chosaint, tá siad fós ag fanacht ar reachtaíocht. Is ionann cearta teanga agus cearta daonna. Impím ort, a Aire, do dhícheall a dhéanamh chun brú a chur ar Rialtas na Breataine ar an gceist seo,” arsa ar an Seanadóir Clifford-Lee.

Mar fhreagra ar an méid sin, mhaígh an tAire Stáit Jack Chambers go dtapaíonn Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, gach deis brú a chur ar Rialtas na Breataine i dtaobh na reachtaíochta Gaeilge agus go leanfadh an Rialtas á dhéanamh sin.

Gheall Rialtas na Breataine go dtabharfaí reachtaíocht teanga agus chultúir isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair. 

Thacaigh Niall Ó Donnghaile, ceannaire Shinn Féin sa Seanad, go láidir le héileamh Lorraine Clifford-Lee.

“Tá mise iomlán tuisceanach nuair a éirím chun labhairt sa chathair seo go bhfuil cearta agam mar Ghael nach bhfuil agam i ndara cathair na hÉireann, cathair dhúchais s’agam féin, Béal Feirste cois Cuain.

“Agus sílim go bhfuil orainn go léir cuimhneamh air sin agus muid ag plé cúrsaí Gaeilge mar is pobal uile-Éireannach é pobal labhartha na Gaeilge.”

Cuireadh fáilte sa Seanad tráthnóna roimh an mbille teanga ach dúradh go mbeadh rath na reachtaíochta nua ag brath ar chúrsaí earcaíochta.

Cheistigh roinnt Seanadóirí an mbeadh sé indéanta príomhsprioc an bhille a bhaint amach, is é sin gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Ar na Seanadóirí sin, bhí Seán Kyne, a bhí ina aire stáit Gaeltachta nuair a cuireadh tús le haistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais, cé go ndúirt Kyne go raibh sé dóchasach go ndéanfaí an beart.

“Mhol mé sa bhille go mbeadh céatadán 20% ar a laghad den fhoireann a earcaítear i gcomhlachtaí poiblí in ann Gaeilge a labhairt. Cé go gcuirim fáilte roimh an spriocdháta, an 31 Nollaig 2030, chun é seo a chur i bhfeidhm, an gceapann tú, A Aire, go mbeidh an stát in ann é sin a chomhlíonadh?

“Cé go bhfuil an-réamhobair déanta ag an Roinn an céatadán a bhaint amach sa ghearrthéarma, an bhfuil sé indéanta é seo a bhaint amach roimh 2030? Tá mé dóchasach go mbeidh, caithfidh mé a rá.”

Mhol an Seanadóir Kyne go mbeadh ról ag an Aire Caiteachais Phoiblí ar an gcoiste atá le bunú faoin mbille chun plean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge a ullmhú. Ba chóir, a dúirt Kyne, go mbeadh an t-aire sin ar an eolas faoina bhfuil le déanamh maidir leis an dualgas atá air i leith na Gaeilge. An tAire Caiteachais Phoiblí a bhíonn freagrach as cúrsaí earcaíochta don státseirbhís. Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur shíl nach raibh gá le ról ar an gcoiste don Aire Caiteachais Phoiblí.

Ghlac an tAire Stáit leis go mbeadh “dúshlán” ag baint leis an sprioc earcaíochta a bhaint amach ach bhí sé sásta go bhféadfaí é a dhéanamh ach “breathnú ar straitéisí uaillmhianacha” agus “struchtúir nua”.

“Tá sé déanta cheana san Aontas Eorpach,” ag tagairt do na feachtais earcaíochta chun cainteoirí Gaeilge a mhealladh chun dul ag obair san Eoraip.

13 Seanadóir a labhair ag an gcéad chéim den Bhille sa Seanad tráthnóna, go leor acu a thagair dá n-easpa cumais féin sa teanga. Luadh go minic chomh maith ceist na Gaeilge sa chóras oideachais, an ghaelscolaíocht, cúrsaí logainmneacha agus cúrsaí craoltóireachta.

Ba iad na Seanadóirí a ghlac páirt sa díospóireacht – Lorraine Clifford-Lee, Eugene Murphy, Erin McGreehan agus Aidan Davitt, Fianna Fáil; Seán Kyne, Barry Ward, Aisling Dolan, Maria Byrne, Micheál Carrigy agus Niall Buttimer, Fine Gael; Niall Ó Donnghaile agus Lynn Boylan, Sinn Féin; agus Marie Sherlock, Páirtí an Lucht Oibre.

Bhí an Bille Teanga á phlé sa Seanad inniu agus dóchas ann go mbeidh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana. Trí chéim eile sa Seanad atá roimh an mBille.

Nuair a bheidh deireadh déanta sa Seanad, tabharfaidh an Bille seal gairid eile sa Dáil sula gcuirfear ar aghaidh go dtí Áras an Uachtaráin, áit a mbeidh sé le síniú ag Uachtarán na hÉireann.

Tá go dtí an 17 Samhain ag an Rialtas agus páirtithe an fhreasúra le leasuithe a mholadh do Chéim an Choiste sa Seanad. Beidh leasuithe á moladh ag an Rialtas agus ag Sinn Féin.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag Seanadóirí ar an Rialtas brú a chur ar Westminster reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach'