Iarrtha ag Ó hÉallaithe ar an gCoimisinéir Teanga cás an choinníl teanga i mBaile an Fheirtéaraigh a fhiosrú

Ina ainneoin go raibh coinníoll teanga luaite le 12 teach in eastát ar an mBuailtín tá na tithe uilig san eastát díolta, agus cuid acu athdhíolta, agus gan oiread is scrúdú cainte amháin curtha ar lucht a gceannaithe

Iarrtha ag Ó hÉallaithe ar an gCoimisinéir Teanga cás an choinníl teanga i mBaile an Fheirtéaraigh a fhiosrú

Tá gearán déanta ag an ngníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe leis an an gCoimisinéir Teanga faoi theip Chomhairle Chontae Chiarraí coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar eastát 16 teach i mBaile an Fheirtéaraigh i gCiarraí.

Is de bharr achomharc a rinne an gníomhaire teanga Donncha Ó hÉallaithe chuig an mBord Pleanála a leagadh an coinníoll teanga ar an eastát sna Cluainte i mBaile an Fheritéaraigh in 2005. Ba í an chéad uair a leagadh coinníoll teanga ar a leithéid d’fhorbairt i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Bhí coinníoll luaite le 12 de na tithe sin (75%) agus cúig bliana déag a mhairfeadh an coinníoll teanga. In ainneoin sin, tá na tithe uilig san eastát díolta, agus cuid acu athdhíolta, um an dtaca seo agus gan aon iarracht déanta riamh oiread is scrúdú cainte amháin a chur ar lucht a gceannaithe.

An tseachtain seo caite, léirigh eolas a fuair Nuacht TG4 faoin Acht Um shaoráil Fáisnéise nár reáchtáladh oiread is scrúdú amháin teanga i gCiarraí riamh in ainneoin go bhfuil trí nó ceithre eastát a bhfuil coinníoll teanga leo tógtha sa Daingean le dornán blianta anuas agus é mar cheangal ann go gcaithfí tuairim is 30% díobh a dhíol le cainteoirí Gaeilge.

Tá 68 teach i gceann de na heastáit sin agus tá formhór na dtithe ann díolta.

Ba ag deireadh na bliana 2014, tar éis dó dul i gcomhairle le baill an phobail a d’fhreastail ar chruinniú speisialta faoin ábhar a reáchtáladh ar an mBuailtín, a rinne Donncha Ó hÉallaithe achomharc go dtí an Bord Pleanála in aghaidh an chead pleanála a thug Comhairle Chontae Chiarraí do Southbound Properties Ltd an scéim 16 teach a thógáil gan aon choinníoll teanga a bheith luaite leo.  San achomharc dúirt Ó hÉallaithe nach raibh sé ag cur in aghaidh na dtithe a thógáil an fhad is a bheadh coinníoll teanga curtha leis an gcead pleanála le cosaint a thabhairt don Ghaeilge.

Is mar gheall ar thuairiscí na seachtaine seo caite faoi theip na Comhairle Contae an coinníoll teanga a aontaíodh leis an lucht forbartha a chur i bhfeidhm atá iarrtha ag Donncha Ó hÉallaithe ar an gCoimisinéir Teanga an cás a fhiosrú. Tuairiscíodh an tseachtain seo caite nach bhfuil an coinníoll teanga atá leagtha ar eastáit thithíochta á chur i bhfeidhm ag formhór de na Comhairlí Contae i gceantair Ghaeltachta.