Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil dualgas ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann idirghabháil a dhéanamh má choinníonn an DUP orthu ag cur i gcoinne na Gaeilge.
Ag cruinniú leis an Státrúnaí inné, dúirt an Conradh go raibh siad ag súil go mbainfeadh Hilary Benn úsáid as na cumhachtaí atá aige má leanann an DUP ag cur bac ar bheartais a bhaineann leis an nGaeilge ó thuaidh.
Dúirt an Conradh go raibh siad buartha faoin meon atá léirithe ag an DUP i dtaobh na Gaeilge agus an páirtí i mbéal an phobail arís le tamall as a bheith ag cur i gcoinne na teanga.
Tá an DUP ag cur i gcoinne cinneadh a rinne an tAire Bonneagair ó thuaidh comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i lárionad iompair nua i mBéal Feirste agus tá bac curtha ag an bpáirtí aontachtach roimh mhúnla maoinithe nua d’Fhoras na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá moilleadóireacht ar fhorbairt na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh curtha i leith an Aire Pobal Gordon Lyons ón DUP ag Conradh na Gaeilge.
Tá tús curtha le gairid le próiseas chun Coimisinéir Gaeilge a earcú ó thuaidh ach dúirt an Conradh leis an Státrúnaí Benn, a thug cuairt ar ionad Ghlór na Móna i mBéal Feirste, go raibh an baol ann go gcuirfeadh cur i gcoinne na Gaeilge an DUP in aghaidh na Gaeilge an oifig ó rath agus go ndéanfaí “scrios ar mhuinín an phobail sna hinstitiúidí polaitiúla”.
Sa gcás sin, bheadh dualgas ar Benn idirghabháil a dhéanamh chun na cearta teanga a aontú agus a chur i bhfeidhm.
“Tugann an tAcht Gaeilge a tháinig isteach in 2022 na cumhachtaí cuí don Rúnaí Stáit chun an idirghabháil sin a dhéanamh,” a dúirt Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge. “Chuir muid ina luí air go mbeidh muid ag súil leis na cumhachtaí sin a úsáid sa chás go leanann cur i gcoinne an DUP ar aghaidh.”
Tá ráite ag Conradh na Gaeilge chomh maith go bhfuil sé deacair a thuiscint cén fáth gur fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons airgead breise do Ghníomhaireacht na hUltaise le gairid gan aon airgead breise a bhronnadh ar Fhoras na Gaeilge.
D’fhógair an tAire Lyons Dé hAoine seo caite go raibh £103,000 breise le tabhairt ag a roinn don ghníomhaireacht. Fágann an múnla maoinithe thuaidh theas go raibh ar an rialtas ó dheas tacaíocht bhreise de £34,500 a chur ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise chomh maith, rud a d’fhág gur £137,500 (€160,000) d’airgead breise atá le cur ar fáil di.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, leis an Irish News gur chreid sé gurb í seo an chéad uair gur thug an Roinn Pobal maoiniú do cheann de na háisíneachtaí teanga thuaidh theas gan airgead a bhronnadh ar an gceann eile.
Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh sé “suntasach” gur bronnadh an t-airgead ar an DUP tráth go raibh siad ag tabhairt amach faoin gcostas £120,000 a bhainfeadh le comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i lárionad iompair Bhéal Feirste.
Dúirt an Chéad-Aire, Michelle O’Neill Shinn Féin, go gcuirfeadh sí ceist ar an Aire Lyons maidir leis an neamhchothroime maoinithe.
Fág freagra ar 'Iarrtha ag Conradh na Gaeilge ar Státrúnaí an tuaiscirt idirghabháil a dhéanamh faoi naimhdeas an DUP don Ghaeilge '