Iarrtha ag Coiste Oireachtais ar OÉG ‘athmhachnamh’ a dhéanamh ar chinneadh maidir le ‘riachtanas Gaeilge’

Litir seolta chuig Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag baill Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus nOileán mar thoradh ar chruinniú le lucht ceannais na hOllscoile

Iarrtha ag Coiste Oireachtais ar OÉG ‘athmhachnamh’ a dhéanamh ar chinneadh maidir le ‘riachtanas Gaeilge’

Tá litir scríofa ag baill Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chuig Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag iarraidh orthu “athmhachnamh” a dhéanamh ar an gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag uachtarán na hinstitiúide tríú leibhéal.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Oireachtais, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, gur socraíodh chomh maith iarraidh ar lucht ceannais na hOllscoile cóip de thaifead an chruinnithe a reáchtáladh faoin ábhar seo i dTithe an Oireachtais le déanaí a scaipeadh ar bhaill uile Údarás Rialála na hOllscoile.

“Chomhaontaigh an Coiste a iarraidh ar an Ollscoil an taifead a scaipeadh ar gach uile chomhalta den Údarás agus ar aon duine eile a raibh páirt aige nó aici sa chéad chinneadh agus a mbeadh páirt aige nó aici san athbhreithniú a mholtar,” a dúirt Cathaoirleach Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chuig Ollscoil na hÉireann, Catherine Connolly.

Chuir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tús an tseachtain seo caite leis an bpróiseas earcaíochta do phost an uachtaráin san ollscoil agus an comhlacht idirnáisiúnta Perret Laver fostaithe acu chun an próiseas sin a stiúradh.

Tá conspóid ann faoi phost an uachtaráin in OÉ, Gaillimh ó tuairiscíodh anseo ar dtús gur ghlac Údarás na hOllscoile cinneadh mí na Nollag seo caite deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán.

San eolas a chuirtear ar fáil ar shuíomh idirlín Perret Laver d’iarratasóirí ar phost an uachtaráin, deirtear go bhfuil “unique role” ag OÉG “in the Irish higher education sector to promote and support the Irish language and culture”. 

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív a bhfuil Bille nua á chur chun cinn aige a dhéanfadh leasú ar Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh 2006 a chinnteodh go mbeadh uachtaráin na hollscoile ina gcainteoirí Gaeilge feasta, gur tagairt ‘fhánach’ an tagairt don Ghaeilge atá luaite leis an bhfolúntas.

Dúirt sé nach bhfuil an tagairt sin “sásúil” ar chor ar bith agus gur léirigh an fógra an gá atá leis an reachtaíocht a bheachtú.

Ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le déanaí, dúirt Uachtarán reatha na hollscoile, Jim Browne, go mbeadh tiomantas OÉ, Gaillimh do chur chun cinn na Gaeilge “soiléir” san fhógra poist don uachtaránacht.

Údar “díomá” d’Iognáid Ó Muircheartaigh, iar-uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an Uachtaráin san Ollscoil sin.

Chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge tuairisc faoi bhráid Chomhairle Acadúil OÉ, Gaillimh ag cur in aghaidh an chinnidh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin san institiúid tríú leibhéal.

Sa tuairisc sin dúradh go mbaineann cinneadh Údarás na hOllscoile “an bonn” den Ollscoil mar “champas eiseamláireach dátheangach”.

Cháin polaiteoirí de chuid an fhreasúra an cinneadh chomh maith, ach dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach raibh “faic” aige “i gcoinne” chinneadh Údarás na hOllscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge agus mhol sé lucht na hOllscoile sa Ghaillimh as a “bhfíorthiomantas” don Ghaeilge.