Iarrtha ag coiste Oireachtais ar ionadaithe eagraíochtaí Gaeilge labhairt i mBéarla amháin le ‘go dtuigfí iad’

Tá leithscéal gafa ag cathaoirleach Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais as a thabhairt le fios d’eagraíochtaí teanga gur polasaí Béarla amháin a bheadh i réim ag cruinniú i dTeach Laighean faoi Ghaeilge na hArdteiste

Iarrtha ag coiste Oireachtais ar ionadaithe eagraíochtaí Gaeilge labhairt i mBéarla amháin le ‘go dtuigfí iad’

Thug Coiste Oireachtais le fios d’ionadaithe ó eagraíochtaí teanga nach mbeadh cead acu Gaeilge a labhairt ag cruinniú i dTeach Laighean mar gurb in é a bhí socraithe ag cathaoirleach an choiste.

Sa chéad leagan de chuireadh a seoladh go dtí na heagraíochtaí teanga teacht i láthair Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais, dúirt Paul Kehoe, cathaoirleach an choiste, go raibh cinneadh déanta aige gur i mBéarla a bheadh an cruinniú faoi chás na Gaeilge san Ardteist.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael go ndearna sé an cinneadh sin le go dtuigfí “go soiléir” an t-ábhar a phléifí agus chun go mbeadh an plé chomh “fiúntach” is a d’fhéadfadh sé a bheith.

Bhí sé an-tábhachtach, a dúradh sa litir a bhí i mBéarla amháin, go dtuigfí na pointí a bheadh le déanamh ag ionadaithe na n-eagraíochtaí teanga.

Chabhródh sé, a dúradh, le baill an choiste ceisteanna ábhartha a chur dá mbeadh an plé i mBéarla agus chabhródh sé chomh maith leis an gcoiste nuair a bheadh tuairisc le scríobh acu.

Seoladh leagan leasaithe den chuireadh chuig na heagraíochtaí teanga an lá céanna, an 8 Samhain, ina raibh an tagairt de pholasaí Béarla an Chathaoirligh bainte as.

Ina háit, bhí líne a dúirt go mbeadh córas ateangaireachta ar fáil ag an gcruinniú le go bhféadfadh na toscairí agus na baill Béarla nó Gaeilge a labhairt.

I mBéarla amháin a bhí an leagan leasaithe den chuireadh chomh maith.

Dhá lá ina dhiaidh sin, ar an 10 Samhain, seoladh an tríú leagan den chuireadh. I nGaeilge a bhí an leagan leasaithe is déanaí agus ghabh cathaoirleach an choiste leithscéal ó chroí leis na heagraíochtaí as scríobh chucu i mBéarla roimhe sin agus as a chinneadh gur i mBéarla amháin a reáchtálfaí an cruinniú.

De réir Alt 6 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá cead ag aon duine a rogha teanga, Béarla nó Gaeilge, a úsáid ag coistí Oireachtais.

Inné a reáchtáladh an cruinniú de chuid an Chomhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht.

I nGaeilge amháin a labhair ionadaithe na gcúig eagraíocht teanga a bhí i láthair – Conradh na Gaeilge, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht, Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta agus Tuismitheoirí na Gaeltachta.

I nGaeilge amháin chomh maith a labhair formhór mór na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú chun na siollabais nua atá molta don Ardteist a phlé.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag coiste Oireachtais ar ionadaithe eagraíochtaí Gaeilge labhairt i mBéarla amháin le ‘go dtuigfí iad’'

  • Seán ÓM

    Nach bhfuil na ateangairí/aistritheoirí ar fáil …. nó an bhfuil na daoine seo ró-leisciúil na cluasáin a chur ina gcuid cluasa?

    Bíonn na polaiteoirí seo lán sásta ateangairí agus cluasáin a úsáid thall sa Bhruiséil le haghaidh teangacha eile – ach anseo in Éirinn: “Speak English innit!”.

    B’fhéidir nach bhfuil an meas céine acu ar an nGaeilge mar atá acu ar an Gearmáinis, Fraincis, Iodálaís, Spáinnis, Polainnis, Seicis, Bulgáiris, Portaingéilis srl.?

    B’fhéidir nach teanga “cheart” leis na cearta céine í an Ghaeilge?

  • Sean ÓM

    “….chabhródh sé chomh maith leis an gcoiste nuair a bheadh tuairisc le scríobh acu.”
    =
    “ tá muidne mar Rialtas ró-leisciúil rudaí a aistriú go Béarla linn féin – agus is cuma linn go bhfuil do chuid cáipéise ullmhaithe agat i nGaeilge!
    Déan an t-aistriúcháin dúinn saor in aisce a Ghaeilgeoirí!