Iarrtar go mbeadh Béarla i bpleananna teanga ar mhaithe le cúrsaí ‘cumarsáide’ agus ‘feasachta’, a deir Údarás na Gaeltachta

Dhiúltaigh Coiste Pleanála Teanga na Ceathrún Rua d’iarratas go gcuirfí a bplean teanga ar fáil go dátheangach. Idir an dá linn, deir Roinn na Gaeltachta gur gá ‘tuilleadh plé’ a dhéanamh faoi phlean an cheantair

Iarrtar go mbeadh Béarla i bpleananna teanga ar mhaithe le cúrsaí ‘cumarsáide’ agus ‘feasachta’, a deir Údarás na Gaeltachta

Iarrann Údarás na Gaeltachta ar cheanneagraíochtaí pleanála teanga Béarla a bheith ina bpleananna teanga ar mhaithe le daoine “atá ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil aon Ghaeilge acu”.

In alt leis a foilsíodh ar Tuairisc.ie inniu, thug Tomás Mac Con Iomaire, an té a dhein comhordú ar phlean teanga na Ceathrún Rua, gur iarradh ar choiste pleanála an bhaile sin a bplean a chur ar fáil go dátheangach. Dhiúltaigh Coiste Pleanála Teanga na Ceathrún Rua don iarratas sin “ar an mbonn gur cainteoirí laethúla Gaeilge 85% den phobal”.

I ráiteas a chuir Údarás na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go mbíonn pleananna teanga dírithe ar an nGaeilge a “chaomhnú” agus “a neartú” agus “mar chuid de sin” gur gá “cumarsáid a dhéanamh agus feasacht a dhíriú ar dhaoine atá ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil aon Ghaeilge acu”.

Dúradh go n-iarrtar ar na heagraíochtaí pleanála teanga “é sin a thógáil san áireamh” agus plean teanga á ullmhú acu.

“Tá a gcur chuige féin ag gach ceanneagraíocht maidir leis an cheist seo, ach má bhreathnaítear ar na pleananna atá ullmhaithe go dtí seo, tá alt, nó réamhrá, nó achoimre de na bearta, nó achoimre feidhmiúcháin san áireamh sa phlean atá dírithe ar chumarsáid a dhéanamh leis an spriocghrúpa sin [daoine ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil aon Ghaeilge acu],” a dúradh i ráiteas Údarás na Gaeltachta.

Dúradh sa ráiteas céanna go bhfuil 26% de phobal na Ceathrún Rua nach cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais iad, de réir an daonáirimh. “Sin 621 duine. Is léir go mbeadh tionchar an phobail sin le tabhairt san áireamh in aon phlean teanga a bheadh le feidhmiú san LPT [Limistéar Pleanála Teanga] sin ar mhaithe le gach tacaíocht a sholáthar dóibh ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de,” a dúradh.

Idir an dá linn, thug Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go bhfuil gá le “tuilleadh plé” a dhéanamh ar phlean teanga na Ceathrún Rua a aontaíodh le hÚdarás na Gaeltachta agus atá anois á bhreithniú i Roinn na Gaeltachta.

Chuir Tuairisc.ie ceist ar Roinn na Gaeltachta an raibh aon chúis ar leith nár faomhadh an plean go fóill agus mar fhreagra air sin dúirt urlabhraí ón Roinn go raibh an plean á bhreithniú faoi réir Acht na Gaeltachta 2012 agus na dtreoirlínte pleanála teanga.

“Is iondúil, mar a bheifí ag súil leis, go ndéantar plé mar is gá, agus na pleananna á mbreithniú, leis an gceanneagraíocht phleanála teanga ábhartha mar chuid den bhreithniú sin.

“Ní call a rá go leanfaidh an Roinn leis na socruithe is gá a dhéanamh, nuair atá fáil ar gach páirtí leasmhar, chun tuilleadh plé a dhéanamh le ceanneagraíocht phleanála teanga na Ceathrún Rua, i dtreo plean don limistéar a bheith faofa faoin Acht chomh luath is féidir.”

Ba é plean teanga na Ceathrún Rua an chéad phlean teanga a cuireadh faoi bhráid Údarás na Gaeltachta, dhá bhliain go leith ó shin. Tá naoi bplean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ó shin. In alt leis ar Tuairisc.ie a foilsíodh ar maidin, mhaígh Tomás Mac Con Iomaire nach bhfuil aon mhíniú faighte ag lucht na pleanála teanga ar an gCeathrú Rua faoin moill atá le faomhadh phlean na Ceathrún Rua.

“Cé go raibh Plean Teanga na Ceathrún Rua ar an gcéad phlean teanga a cuireadh faoi bhráid Údarás na Gaeltachta, tá an plean céanna seo fós gan faomhadh agus pobal na Ceathrún Rua thíos leis dá réir. Cén fáth?” a dúirt Mac Con Iomaire.

Maidir le hiarratas an Údaráis go gcuirfí leagan Béarla de phlean teanga ar fáil, ó tharla gur iarratas a bhí seachas riachtanas, ní cosúil go mbeadh aon sárú dlí i gceist, de réir ráitis a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil do Tuairisc.ie.

“Ní nós leis an Oifig tagairt go sonrach do thuairiscí sna meáin faoi chásanna ar leith agus gan muid bheith ar an eolas faoi chúinsí uile an cháis.

“Go ginearálta, ní féidir le comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla iallach a chur ar dhuine maidir leis an teanga oifigiúil a úsáideann sé nó sí i mbun cumarsáide leis an gcomhlacht poiblí – is faoin saoránach atá sé an rogha teanga a dhéanamh.”

Fág freagra ar 'Iarrtar go mbeadh Béarla i bpleananna teanga ar mhaithe le cúrsaí ‘cumarsáide’ agus ‘feasachta’, a deir Údarás na Gaeltachta'

  • Eoin Ó Riain

    Dár leis UnaG mar sin ós rud é go bhfuil 74% de phobal na Ceathrún Rua ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den gcóras oideachais nach ceart go dtabharfadh gach roinn den stáit agus gach comhlucht stáit é sin san áireamh ar mhaithe le gach tacaíocht a sholáthar do ghnó an stáit?

    Nó bhfuil loighic eile ag feidhmiú i gcás na Gaeilge?

  • Des O Murchu

    Nul Points!