Iarratas pleanála nua ag teastáil d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin

Aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus de struchtúr an fhoirgnimh aitheanta Ghaeltachta le linn réamhobair athfhorbartha

Iarratas pleanála nua ag teastáil d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin

Tá iarratas nua pleanála le cur isteach ag Údarás na Gaeltachta maidir le hathfhorbairt Choláiste Íosagáin i Múscraí toisc gurbh éigean cuid den fhoirgneamh a leagan.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, le fios go bhfuil sé i gceist iarratas nua pleanála a chur faoi bhráid an údaráis phleanála de thoradh an athraithe sin. Dúirt sé freisin go bhfuil Grúpa Comhairleach Comhpháirtíochta bunaithe ag an Údarás “chun treo straitéiseach a thabhairt don togra trí chéile”.

Tá Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, ceann de na foirgnimh is cáiliúla sa Ghaeltacht ach atá díomhaoin le breis is 30 bliain, le forbairt ag Údarás na Gaeltachta mar mhol forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta.

Thosaigh an obair athfhorbartha ar shuíomh an choláiste ag deireadh 2020 ach, agus scrúdú á dhéanamh ar Choláiste Íosagáin féin anuraidh, aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus de struchtúr an fhoirgnimh agus cinneadh an chuid sin a leagan.

Fágann sin go mbeidh ar an Údarás iarratas pleanála nua a dhéanamh chun cead a fháil tabhairt faoi na hathruithe atá beartaithe.

“Le linn don obair thaighde theicniúil a bheith á críochnú ar an struchtúr i mí Iúil 2021, aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus de struchtúr an fhoirgnimh,” a dúirt an tAire Stáit Jack Chambers. 

“Ag eascairt as an tsainchomhairle theicniúil agus tar éis do phlean agus cur chuige na hoibre a bheith aontaithe leis an Údarás Pleanála, aontaíodh ar an riachtanas maidir le cuid den struchtúr seo a leagadh agus áiseanna nua a fhorbairt ina áit.” Agus é ag freagairt ceiste ón Teachta Dála as Corcaigh, Aindrias Moynihan (FF), dúirt Chambers go raibh an cead pleanála le leasú.

“Faoi réir na socruithe i ngeall ar chostas agus maoiniú an chéim fhorbartha seo a bheith aontaithe, tuigtear don Roinn go bhfuil i gceist an cead pleanála a leasú d’fhonn freastal ar na riachtanais nua seo trí iarratas nua pleanála a chur faoi bhráid an Údaráis Phleanála. Táthar ag súil dul ar aghaidh leis an iarratas pleanála seo gan mhoill.”

In ainneoin an cor is déanaí seo sa scéal, dúirt an tAire Stáit go raibh “dul chun cinn maith déanta” le forbairt Choláiste Íosagáin. 

Thug sé le fios go raibh €1.2 milliún caite cheana féin chun “an suíomh a ghlanadh, chun na bunseirbhísí agus infreastruchtúir a chur in áit agus chun réamhoibreacha a thabhairt chun críche a bheidh mar bhunchloch na forbartha amach anseo.”

Ceapadh Cathal Ó Conaill mar Bhainisteoir Forbartha Gnó don togra i ndeireadh 2021 agus chuaigh sé i mbun dualgais ag tús na bliana seo.

Thug Ó Conaill le fios níos luaithe i mbliana go raibh sé i gceist tús a chur leis an obair thógála ar Choláiste Íosagáin mí Lúnasa na bliana seo ach d’fhéadfadh moill a bheith air sin anois agus iarratas pleanála nua le ceadú. Is i mí Lúnasa 2020 a cheadaigh Comhairle Contae Chorcaí an t-iarratas pleanála maidir le hathfhorbairt an choláiste.

Mheas Ó Conaill go dtógfadh an chéad chuid den togra, tógáil an ionaid gteic agus oifigí eile, bliain ar a laghad. Beidh 75 spás oibre san ionad gteic, a bheidh ar an dara hurlár den phríomhfhoirgneamh, nuair a thógfar é. Beidh oifig réigiúnach Údarás na Gaeltachta agus spás oifige eile ar an chéad urlár.

Tá €2.7 milliún curtha ar fáil faoin gCiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí d’fhorbairt Choláiste Íosagáin agus tá Údarás na Gaeltachta le €1 milliún eile a chur ar fáil don togra. Deir an tÚdarás go dtacóidh an fhorbairt le 200 post nua a chruthú sa cheantar sna blianta amach romhainn.

Is mó forbairt agus togra a bhí luaite leis an bhfoirgneamh ó 1989. Fógraíodh i dtús na mílaoise agus arís sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a foilsíodh in 2010 go ndéanfaí Coláiste Íosagáin a fhorbairt mar lárionad oideachais ach níor cuireadh na pleananna sin i gcrích riamh. 

Cheannaigh Údarás na Gaeltachta an suíomh 2.5 acra in 2002.

Fág freagra ar 'Iarratas pleanála nua ag teastáil d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin'