Iarratas déanta sa Chúirt Choiriúil Speisialta go gcuirfí cás ar atráth cheal leagan Gaeilge den 1883 Explosive Substances Act a bheith ar fáil

Tá sé curtha i leith fir go ndearna sé bagairtí faoi bhuamaí agus go raibh seilbh neamhdhleathach ar phléascáin aige tráth chuairt Bhanríon na Breataine ar Éirinn in 2011

Iarratas déanta sa Chúirt Choiriúil Speisialta go gcuirfí cás ar atráth cheal leagan Gaeilge den 1883 Explosive Substances Act a bheith ar fáil

D’iarr fear atá ar a thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta inniu go gcuirfí a chás ar atráth toisc nach bhfuil aistriúchán Gaeilge ar fáil ar an 1883 Explosive Substances Act, an Criminal Evidence Act of 1992 agus rialacha na Cúirte Coiriúla Speisialta.

Tá sé curtha i leith Donal Billings, fear as St Brigid’s Court i nDroim Lis sa Longfort, go raibh seilbh neamhdhleathach ar phléascáin aige i gcarrchlós stáisiún traenach an Longfoirt an oíche sular cuireadh tús le cuairt Bhanríon na Breataine ar Éirinn in 2011.

Tá sé curtha ina leith chomh maith go ndearna sé bagairtí faoi bhuamaí le linn na cuairte ríoga. Tá na cúig chúis atá curtha ina leith séanta ag Billings.

Le linn na trialach inniu, dhiúltaigh an triúr Breithiúna atá ag éisteacht an cháis d’iarratas Ronan Munro, abhcóide Billings, go gcuirfí an triail ar atráth toisc nach raibh aistriúchán Gaeilge ar fáil ar reachtaíocht áirithe.

Sular cuireadh tús leis an triail Dé Máirt, thug abhcóide lucht an ionchúisimh, Garnett Orange le fios don chúirt go raibh a cheart á agairt ag an gcúisí go n-éistfí a chás i nGaeilge agus tá ateangairí curtha ar fáil chuige sin.

Agus breithiúnas na cúirte á thabhairt aige faoin iarratas go gcuirfí an cás ar atráth, dúirt an Breitheamh Tony Hunt gurb é “príomhchúram na cúirte” ná “a chinntiú go gcuirfí triail chothrom” ar fáil do Billings.

“Tá sé ar cheann de ghnéithe na trialach seo go ndearna sé a cheart chun a chás a éisteacht i nGaeilge a agairt. Deonaíodh an ceart sin dó trí ateangairí a chur ar fáil mar aon le foireann dlí atá thar a bheith líofa sa Ghaeilge.

“Tá saineolaithe dlí agus teanga timpeall air a mbeidh ar a gcumas gach eolas ábhartha a bhaineann leis an triail a chur i dtuiscint dó. Dá réir sin, diúltaíonn an chúirt don iarratas,” a dúirt an Breitheamh.

Tá sé curtha i leith Billings chomh maith go ndearna sé iarracht cur isteach ar chuairt Bhanríon na Breataine ar Éirinn i mBealtaine 2011 nuair a thug sé rabhadh bréige do na Gardaí maidir le buamaí a bheith curtha i bhfearas i gceannáras Shinn Féin i mBaile Átha Cliath, i mBusáras, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus in Aerfort Chorcaí.

Chualathas sa chúirt inniu go ndearna fear a ghlaoigh ar stáisiún na nGardaí sa Longfort le linn chuairt Bhanríon Shasana ar Éirinn ar an 16 Bealtaine 2011 go ndearna sé bagairtí maidir le buama a bheith in Aerfort Chorcaí agus go ndúirt sé gur “le haghaidh na Banríona” a bhí an buama.

Dúirt an Garda Peter O’Donnell sa chúirt inné gur ghlaoigh fear ar an stáisiún agus go ndúirt sé leis an nGarda “éisteacht go cúramach” leis mar go raibh buama ar bhus as Béal an Átha go Baile Átha Cliath, go raibh buama eile ar bhus i mBusáras agus go raibh an tríú buama ag ceannáras Shinn Féin i mBaile Átha Cliath.

Ar an 16 Bealtaine 2011, thángthas ar ghléas pléascach seiftithe ar bhus lasmuigh de Mhaigh Nuad nuair a fuair na Gardaí an glaoch ó dhuine anaithnid faoin scéal. Aistríodh 30 paisinéir den bhus agus baineadh an dochar as an ngléas pléascach.

Chualathas fianaise inniu ó thiománaí an bhus Gollec Krzyszokof, a dúirt go bhfaca sé fear ag teacht ar an mbus le linn sosa lasmuigh den stáisiún traenach sa Longfort, gur fhág an fear sin rud éigin ar an mbus agus gur imigh sé leis.

“B’ait an scéal é,” a dúirt Krzyszokof.

Nuair a tharla an eachtra lasmuigh de Mhaigh Nuad, dúirt an tiománaí bus gur aimsíodh an pléascán san áit cheannann chéanna  a bhfaca sé an fear sa Longfort.

Ní fhaca sé aghaidh an fhir, a dúirt sé.

Chualathas fianaise eile sa chúirt inniu ón nGarda Keith Maher, a dúirt go raibh sé ar dualgas i stáisiún Longfoirt ar an 20 Bealtaine 2011 nuair a fuarthas glaoch gutháin ag 3.16pm. Dúradh gur fear a ghlaoigh ar an stáisiún agus go raibh tuin thuaisceart na tíre ar a ghuth.

“Ag tús an chomhrá, dúradh liom a bheith ag éisteacht agus ag taifeadadh. Dúradh liom gurb é Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, fíorarm na hÉireann, a bhí ag caint. Dúradh liom go raibh dhá bhuama i gCorcaigh, nár éirigh leo Caisleán Bhaile Átha Cliath a fháil ach gurb iad a rinne an buama i Maigh Nuad,” a dúirt an Garda Maher.

Leanfar leis an triail.

Fág freagra ar 'Iarratas déanta sa Chúirt Choiriúil Speisialta go gcuirfí cás ar atráth cheal leagan Gaeilge den 1883 Explosive Substances Act a bheith ar fáil'