Iarratas déanta Gaeilge 365 a leathnú ar fud Bhaile Átha Cliath

Is é aidhm Gaeilge 365 labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc an phobail san ardchathair

Iarratas déanta Gaeilge 365 a leathnú ar fud Bhaile Átha Cliath

Tá oifigigh na Roinne Turasóireachta ag déanamh measúnú faoi láthair ar iarratas ar mhaoiniú ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath leis an togra Gaeilge 365 a leathnú ar fud Bhaile Átha Cliath.

Is é aidhm Gaeilge 365 labhairt na Gaeilge a spreagadh i measc an phobail san ardchathair. Togra de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath atá ann ach táthar anois ag iarraidh é a chur ar bun sna ceithre cheantar comhairle i gcontae Bhaile Átha Cliath – Fine Gall, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Baile Átha Cliath Theas, agus an Chomhairle Cathrach.

Thug an tAire Stáit Charlie McConalogue le fios sa Dáil go bhfuil a chuid oifigeach ag déanamh measúnú ar an iarratas a chuir an Chomhairle Cathrach isteach thar a ceann féin agus thar ceann na gcomhairlí eile.

Dúirt an tAire go raibh 164,000 duine i gceantar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus go bhféadfadh a dheich n-oiread deiseanna úsáide Gaeilge a bheith ann dá gcuirfí Gaeilge 365 i bhfeidhm sna ceantair comhairlí eile.

Tá dhá phríomhthogra ag Gaeilge 365 – an Binse Comhrá agus an Gael-leabharlannaí. Is éard atá i gceist leis na Binsí Comhrá ná binse poiblí a bhfuil brandáil Ghaeilge 365/Binse Comhrá air. Bítear ag súil go meallfaidh na binsí daoine a bhfuil Gaeilge acu le suí síos agus comhrá a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge eile.

Tríd an scéim ‘Gael-leabharlannaí’ cuirtear leabharlannaithe a bhfuil Gaeilge acu i dteagmháil le cainteoirí Gaeilge sa cheantar áitiúil d’fhonn “mol do chainteoirí Gaeilge” a dhéanamh de leabharlann.

Sa chás go gceadófaí an maoiniú, caithfear an t-airgead ar “nuálaí Gaeilge cónaitheach”, ar dhearthóirí grafaicí agus ealaíontóirí do na binsí, ar scáileáin dhigiteacha, costais phriontála, agus forbairt acmhainní do na Gael-leabharlannaithe.

Fág freagra ar 'Iarratas déanta Gaeilge 365 a leathnú ar fud Bhaile Átha Cliath'

  • Caint agus Comhrá, Inis

    Tagaigí go hInis (An Clár) a chairde, áit a mbíonn Caint agus Comhrá ar siúl i gcaifeanna éagsúla ar fud an bhaile gach maidin ó Luain go Sathairn chuile sheachtain.