Iarratas ar obair a dhéanamh ar chaisleán stairiúil i gConamara atá luaite le Denis O’Brien á scrúdú

Tá obair chóirithe beartaithe ar chaisleán ar leis an bhfear gnó Denis O’Brien é ach is gá don Roinn agus do Chomhairle Contae na Gaillimhe a mbeannacht a thabhairt don obair

An caisleán ar Loch Bhaile na hInse/Chris Evans
An caisleán ar Loch Bhaile na hInse. Picitiúr: Chris Evans

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht do Tuairisc.ie go bhfuil siad ag scrúdú moltaí atá curtha ina láthair maidir le hobair chóirithe ar chaisleán stairiúil atá lonnaithe ar Loch Bhaile na hInse i gConamara agus atá faoi úinéireacht an fhir gnó Denis O’Brien.

Dúirt an Roinn go raibh siad ar an eolas go raibh scafall curtha in airde timpeall an chaisleáin faoi láthair agus go raibh úinéir na háite “curtha ar an eolas faoi fhorálacha na nAchtanna atá infheidhmithe sa chás seo.” Dúirt an Roinn gur “ceist phleanála go príomha” a bhí anseo agus go raibh Comhairle Contae na Gaillimhe ar an eolas faoi na hoibreacha atá beartaithe ann.

Dheimhnigh an Roinn freisin go raibh an caisleán aitheanta mar shéadchomhartha sna taifid oifigiúla.

Tharraing an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) ceisteanna anuas an faoin obair a bhí le déanamh ar an gcaisleán mar go bhfuil sé suite i limistéar speisialta caomhnaithe. Theastaigh uaidh soiléiriú a fháil ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta “ar leanadh na nósanna imeachta cuí ar fad” maidir leis an obair atá beartaithe don chaisleán.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go raibh “pobal Chonamara faoi chuing go minic ag rialacha forbartha i gceantair a bhfuil tábhacht faoi leith seandálaíochta, staire agus comhshaoil ag baint leo.”

I measc na ndaoine a raibh ceangal acu leis an gcaisleán, bhí na Flaithbheartaigh, Gráinne Mhaol agus Humanity Dick (Richard Martin). Meastar gur thart ar an mbliain 1550 a tógadh an caisleán cloiche. Bhí sé mar chuid den eastát 450 acra ar a bhfuil óstán cáiliúil Bhaile na hInse, a cheannaigh an fear gnó Denis O’Brien ar chostas €6.5m.

Fág freagra ar 'Iarratas ar obair a dhéanamh ar chaisleán stairiúil i gConamara atá luaite le Denis O’Brien á scrúdú'