Iarratais Ghaeilge á lorg do rannóg nua na Sockies — Gradaim na Meán Sóisialta

D’fhógair duine de lucht eagraithe na Sockies ar Twitter inniu go bhfuil ganntanas iarratas ann don rannóg nua a bhaineann leis an nGaeilge agus nach raibh ach aon iarratas amháin faighte inné

Iarratais Ghaeilge á lorg do rannóg nua na Sockies — Gradaim na Meán Sóisialta

Is í seo an chéad bhliain a bheidh gradam Sockies á bhronnadh orthu siúd arb í an Ghaeilge an phríomhtheanga a úsáideann siad ina straitéis meán sóisialta

Tá iarratais á lorg ag na Sockies, Gradaim na Meán Sóisialta in Éirinn, do rannóg nua don úsáid is fearr a baineadh as na meáin shóisialta i nGaeilge i mbliana.

Bronntar na Sockies ar eagraíochtaí agus comhlachtaí na hÉireann a úsáideann na meáin chumarsáide éagsúla ar bhealaí nuálacha agus cruthaitheacha chun iad féin a chur chun cinn.

D’fhógair duine de lucht eagraithe na Sockies ar Twitter inniu go bhfuil ganntanas iarratas ann don rannóg nua a bhaineann leis an nGaeilge agus nach raibh ach aon iarratas amháin faighte inné.

Ar TG4 a bronnadh an gradam don úsáid is fearr a baineadh as Snapchat anuraidh. Caighdeán na míreanna físe agus na pictiúir a chrochann láithreoirí an stáisiúin Ghaeilge, Mícheál Ó Ciaraidh agus Caitlín Nic Aoidh, ar an aip a thuill an gradam dóibh. Tugtar léargas ar an saol ‘taobh thiar de na ceamaraí’ ar an gcuntas atá ag an stáisiún Gaeilge agus is minic ‘aoi-shnapálaithe’ a bheith i mbun an chuntais.

Tá 31 rannóg sna gradaim i mbliana, cuid acu ar féidir iarratas a chur isteach orthu, agus cuid acu a ainmníonn moltóirí na Sockies féin. Tá rannóga ann do ghnólachtaí beaga, gnólachtaí móra, eagraíochtaí meán cumarsáide, eagraíochtaí neamhbhrabúis, agus comhlachtaí poiblí agus bronnfar gradaim don úsáid is fearr a bhaintear as Facebook, Snapchat, Twitter agus Instagram, chomh maith le gradaim eile d’aipeanna, don bhlagáil agus don fhísbhlagáil.

Is í seo an chéad bhliain a bheidh gradam á bhronnadh dar teideal ‘Úsáid na Gaeilge ar na Meáin Shóisialta’ — rannóg ar leith dóibh siúd arb í an Ghaeilge an phríomhtheanga a úsáideann siad ina straitéis meán sóisialta.

Tá foirm ainmniúcháin ar fáil ar shuíomh na Sockies do na gradaim ar fad. Is féidir comhlacht nó eagraíocht a ainmniú do gach rannóg nó d’aon rannóg amháin.