Iarratais á lorg ó dhaoine ar spéis leo a bheith ar bhord TG4

Tá trí fholúntas le líonadh ar Bhord TG4 agus iarratais á lorg ó dhaoine a mbeadh spéis acu sa ról, a bhfuil liúntas €12,600 ag dul leis

Iarratais á lorg ó dhaoine ar spéis leo a bheith ar bhord TG4

Tá trí fholúntas ar Bhord TG4 fógartha ag an stáisiún Gaeilge. Tá péire de na folúntais seo ann ó d’éirigh Andrea Ní Éalaithe agus Joe Connolly as a gcúram agus tá an tríú folúntas ann le tamall.

€12,600 agus costais taistil agus chothabhála atá luaite mar chúiteamh don chomhalta ar Bhord TG4 agus bíonn idir 7-8 cruinniú ag an mbord sa bhliain, a mhaireann leathlá de ghnáth.

Tá naonúr ar an mbord faoi láthair — Siún Ní Raghallaigh, atá ina cathaoirleach, Des Geraghty, Mairéad Ní Cheoinín, Micheál Seoighe, Bríd Falconer, Michelle Ní Chróinín, Frank Reidy, Diarmuid Ruiséal, ionadaí na foirne, agus Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir an stáisiúin.

Táthar ag lorg daoine a bhfuil taithí acu ar thionscal na craoltóireachta agus ar an rialachas corparáideach airgeadais chomh maith le “taithí shuntasach” in earnáil an spóirt.

Tá Gaeilge líofa, scríofa agus Ghaeilge labhartha, riachtanach chomh maith.

Tá cuireadh tugtha ag an Roinn Cumarsáide dóibh siúd ar mhaith leo a bheith ar bhord an stáisiúin Gaeilge spéis a léiriú sa ról roimh an 11 Lúnasa.

Ceapfaidh an tAire Cumarsáide Denis Naughten an triúr ball nua go luath ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Iarratais á lorg ó dhaoine ar spéis leo a bheith ar bhord TG4'

  • Caoimhín Ó Muirgheasa

    A chara,
    Bheadh spéis agam cur isteach ar an bpost seo. An bhféadfá a rá liom dá mbeadh sé sodhéanta do dhuine a bheadh ag obair go lánaimseartha i gcaitheamh na bilana? An mbíonn cruinnithe boird ar siúl ag an deireadh seachtaine, abair?

    Le meas,

    Caoimhín Ó Muirgheasa

  • Concubhar

    https://www.stateboards.ie/stateboards/campaignAdvert/58018.htm?lang=ga

    Ní bhionn gá ach freastal ar líon áirithe cruinnithe in aghaidh na bliana. Ba cheart go mbeadh duine ábalta é sin a dhéanamh lena laethannta saoire. Ní bhionn cruinnithe ar siúl ag an deireadh seachtaine de réir mo thaithí – ar an Luan de ghnath.

  • Tony Pratschke

    Dia dhíbh! Tá cleachta beag déanta agam ar chúsaí craolteoireachta idir raidió agus teilifís. Th’éis dom freastal ar chúrsa sé mhí i gCarna, d’éirigh liom Dioplóma Iarchéime a bhaint amach i nGaeilge fheidhmeach agus Aistriúchán. Go leor obair aistriúchán déanta agam ó shoin don Rialtas, don A.E., agus do chomlachtaí naisiúnta. Tá a fhios ag roinnt daoine i TG4 gur rinne mé trácht uair nó dhó do TnaG ón Rúis sna 90-í. Rinne mé tacaíocht leis an bhfoireann beirt ó TnaG agus iad i gcathair Moscó le haghaidh Mórshiúl Pádraig Naofa (1997?) nuair a bhí mise im’ Chathaoirleach ar Choisde an Mhórshiúil. Cúrsa eile a d’fhreastail mé air ar an gCeathrú Rua ná Cúrsa sna Meáin. Le cabhair thar barr ó fhoireann RnaG d’éirigh liom clár 30 nóiméad a chur le chéile maidir le Moslamaigh óga i nÉirinn agus Gaeilge acu. Ó thaobh spóirt dhe, im’ óige bhí mé gníomhach le Cobh Ramblers (faoi 18 bliana), le Pres Cobh, (captaen fhoireann scoile). Agus mé ag obair i gcathair Luimní sna ’60-í, bhí mé im’ chúl báire i bhfoireann haca Catholic Institute agus roghnaíodh mé d’ fhoireann na Mumhan. Fós táim im’ leanúnaí díograiseach ar na Connachtaigh agus ar na Muimhnigh araon (san ord sin!). Tweet uaim i 2016:

    Tony Pratschke‏ @Tony_Pratschke 28 May 2016

    William Webb Ellis, picked up the ball, ran with it and created Rugby. That’s what Connacht (Connaught) do. Go, Connaught, Go. Connacht Abú!

    Beir bua agus beannacht, a chairde