‘Iarraimid Ort, a Thiarna, d’anáil naofa a chur fúinn…’ – leanfar le paidir na Dála, in ainneoin thorthaí an Daonáirimh

Céard atá réasúnta agus cothrom? Paidreoireacht a oireann don mhóramh Críostaí, nó cosc ar phaidreoireacht mar admháil nach mbaineann ráiteas creidimh le cách?

‘Iarraimid Ort, a Thiarna, d’anáil naofa a chur fúinn…’ – leanfar le paidir na Dála, in ainneoin thorthaí an Daonáirimh

Níl baint ag 468,420 saoránach le heaglais ná le creideamh eagraithe, de réir na bhfreagraí a tugadh ar fhoirm an daonáirimh anuraidh. Is ionann an uimhir sin agus duine as gach deichniúr sa stát.

Níl fianaise ar fáil faoi dhearcadh ár dTeachtaí Dála ar chúrsaí creidimh, ach tá mionlach ag moladh le tamall nach ndéarfaí an phaidir Chríostaí níos mó agus tús á chur le himeachtaí na Dála gach lá i nGaeilge:

Iarraimid Ort, a Thiarna, d’anáil naofa a chur fúinn chun sinn a stiúradh inár ngníomhartha agus neart do ghrásta a bhronnadh orainn chun iad a thabhairt chun críche, ionas gur uaitse a thosófar ár n-uile bhriathar agus ár n-uile ghníomh feasta, agus gur tríot a chríochnófar iad; trí Chríost ár dTiarna.”

agus i mBéarla:

Direct, we beseech Thee, O Lord, our actions by Thy holy inspirations and carry them on by Thy gracious assistance; that every word and work of ours may always begin from Thee, and by Thee be happily ended; through Christ our Lord. Amen.

Mhol ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan agus Paul Murphy ó AAA/PbP le gairid go seasfadh an Dáil ar feadh nóiméid in áit an phaidir thuas a rá. Dúirt Ruth Coppinger go raibh sé “áiféiseach” iachall a chur ar Theachtaí Dála seasamh le linn na hurnaí.

Ní aontaíonn móramh lena dtuairimí, ach pléifear athrú beag ar nós imeachta na Dála nuair a thiocfaidh an Dáil le chéile tar éis saoire na Cásca an tseachtain seo chugainn.

Tá sé ionann is cinnte go nglacfar le rún ina moltar go seasfar ar feadh 30 soicind tar éis na paidre thuas chun “machnamh” a dhéanamh. Tá nós imeachta dá leithéid i bhfeidhm sa Seanad le tamall.

Céard atá réasúnta agus cothrom? Paidreoireacht a oireann don mhóramh Críostaí, nó cosc ar phaidreoireacht mar admháil nach mbaineann ráiteas creidimh le tionól tuata stáit?

Tabharfar léargas suimiúil ar thuairimí an dá thaobh le linn na díospóireachta. Dúirt an Príomh-Aoire Regina Doherty roimh Cháisc nach mbeadh sé “oiriúnach” ábhar dá leithéid a phlé le linn na Seachtaine Naofa.

D’imigh sin agus tháinig seo

Ní foláir gach geallúint pholaitiúil a chreidiúint go dtí go gcuirtear i leataobh í, mar a léirigh Theresa May Dé Luain.

Ó toghadh í mar phríomh-aire tar éis an reifrinn ar Bhreatimeacht naoi mí ó shin, dúirt sí arís agus arís eile nach raibh olltoghchán tobann beartaithe aici. Is leor trí shampla mar fhianaise.

Iúil: D’iarr sí ar a páirtí, ar a dhul in oifig di mar cheannaire, tabhairt faoin obair dhian fhada a bheadh riachtanach chun olltoghchán a bhuachan go láidir i gceann ceithre bliana. Is é sin le rá, in 2020.

Meán Fómhair: Dúirt sí go raibh seasmhacht de dhíth ar an tír chun déileáil le cúrsaí tábhachtacha agus nach bhfógródh sí toghchán go tobann.

Márta: Dúirt urlabhraí ar a son nach bhfógrófaí olltoghchán go luath – 18 lá sular fhógair sí olltoghchán.

I mbeagán focal, chuir Theresa May gairm olltoghcháin as an áireamh, go dtí gur ghairm sí olltoghchán.

I mbeagán focal eile, chuir Theresa May dul siar ar an mBreatimeacht as an áireamh, mar a dhéanann sí go minic.

Bímis foighneach.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.