Iarracht ar bun ag Sinn Féin bille a thabhairt isteach chun deireadh a chur le ‘stroke politics’ i dtaobh Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá cáineadh déanta ag beirt Theachtaí Dála de chuid Shinn Féin ar an ‘easpa práinne’ atá léirithe ag an Rialtas maidir leis an athbhreithniú atá geallta ar struchtúr Bhord an Údaráis

Iarracht ar bun ag Sinn Féin bille a thabhairt isteach chun deireadh a chur le ‘stroke politics’ i dtaobh Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá sé i gceist ag Sinn Féin bille leasaithe a thabhairt os comhair Thithe an Oireachtais chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Tá cáineadh déanta ag beirt de Theachtaí Dála an pháirtí ar an ‘easpa práinne’ atá léirithe ag an Rialtas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr Bhord an Údaráis.

Cé nach bhfuil aon locht acu ar bhaill an bhoird féin, deir Sinn Féin gur “stroke politics” nó polaitíocht na beartaíochta atá i gceist leis an gcóras ceapacháin atá ann i láthair na huaire agus gur ceapacháin pholaitiúla a dhéantar ar an mBord.

Beidh sé mar chuspóir ag an mbille nua atá á ullmhú ag Sinn Féin toghcháin an Údaráis a thabhairt ar ais, toghchán a thionólfaí an lá céanna leis na toghcháin áitiúla.

Deir an Teachta Dála Pearse Doherty, urlabhraí airgeadais Shinn Féin, go bhfuil sé thar am ag an Taoiseach Micheál Martin beart a dhéanamh de réir a bhriathair ó thaobh Údarás na Gaeltachta.

“Gheall an Taoiseach le linn an olltoghcháin go mbeadh sé ina thosaíocht ag an Rialtas seo athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord an Údaráis.

“Seo muid anois chor a bheith bliain níos faide ar aghaidh ón olltoghchán sin, agus tá mhuintir na Gaeltachta i nDún na nGall, agus i nGaeltachtaí eile ar fud na tíre, ag fanacht go fóill,” a dúirt Doherty.

“Chuir ár gcomhghleacaí, Aengus Ó Snodaigh ceist ar an Aire agus an Taoiseach faoin amlíne don athbhreithniú seo; ach níor tugadh freagra cruinn dó. Níl sin maith go leor agus beidh Sinn Féin ag gníomhú air seo, ar son mhuintir na Gaeltachta chomh luath agus is féidir.”

Mar fhreagra ar cheist Dála a chuir Ó Snodaigh air mí na Nollag, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh tús curtha leis an bpróiseas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Údarás ach níor luaigh an tAire Stáit aon dáta maidir le cén uair a chuirfí an obair sin i gcrích.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Stáit Chambers roimhe seo go raibh sé féin sásta le struchtúr Bhord an Údaráis mar atá agus go raibh ag éirí go maith leis an gcóras nua.

Deir Mairéad Farrell, urlabhraí caiteachais phoiblí agus athchóirithe Shinn Féin, go bhfuil leasuithe ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin ar Bhord an Údaráis “de dhíth le fada an lá”.

“Creideann Sinn Féin gur céim siar a bhí sa chinneadh fáil réidh leis na toghcháin don Údarás in 2012. Cailleadh an nasc sin idir lucht vótála na Gaeltachta agus na daoine a dhéanann na cinntí a imríonn tionchar ar thodhchaí na Gaeltachta féin,” a dúirt Farrell.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

“Is ‘stroke politics‘ é seo,” a dúirt Farrell. “Ní córas daonlathach é seo agus is iad muintir na Gaeltachta a bheidh ag fulaingt dá bharr.

“Tá géarghá le níos mó gníomhaíochta ón Údarás lena n-áirítear athruithe i mbainistiú na heagraíochta. Tá sin níos deacra gan an nasc díreach sin idir pobal na Gaeltachta agus an tÚdarás atá le fáil i dtoghchán daonlathach.

“Beidh bille leasaithe á chur isteach sa Dáil ag Sinn Féin go luath chun an córas daonlathach a chur ar ais i lár Údarás na Gaeltachta. Thabharfadh an Bille seo na toghcháin ar ais mar a bhíodh, an lá céanna leis na toghcháin áitiúla.

“Ar an mórchuid, is ceapacháin pholaitiúla atá ar Bhord an Údaráis faoi láthair agus is minice go dtaobhaíonn na baill siúd le seasamh an Rialtais seachas le leas mhuintir na Gaeltachta féin.”

Theip ar an iarracht a rinne Sinn Féin toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais tríd an mBille Teanga nua nuair a dhícheadaigh Oifig na mBillí leasú faoin ábhar an tseachtain seo caite

Dúradh nár bhain an leasú a bhí molta ag Teachtaí Shinn Féin le forálacha an Bhille.

Fág freagra ar 'Iarracht ar bun ag Sinn Féin bille a thabhairt isteach chun deireadh a chur le ‘stroke politics’ i dtaobh Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • Sibéal

    Bí ag caint ar “stroke politics”.

    Ceadaíonn na baill pairlminte Aengus Ó Snodaigh SF, Pearse Dohery SF, Mairéad Farrell SF srl. go bhfuil “cáil na Gaeilge “urthu suíomh idirlín i mBéarla amháin do bheith ag Sinn Féin. Is mór an náire iad.
    https://www.sinnfein.ie/ga/
    Ní easpa airgid is cúis leis an suíomh idirlín aonteangach Bhéarla seo atá pháirtí Sinn Féinn mar is iad an páirtí polaitíochta is saibhre ar an oileán iad.
    Chun foghlaim cé comh héasca is atá sé an dá theanga a úsáid níl le déanamh ag Mairéad Farrel TD SF ach ceisteanna a chur ar FF ar An Comhaontas Glas, ar na Social Democrats srl. mar shampla
    https://gaeilge.fiannafail.ie/
    https://www.comhaontasglas.ie/
    https://www.socialdemocrats.ie/fuinn/